Ginearálta

Feachtas GoFundMe seolta ag Kneecap d’Áis Óige Ghaeilge in Iarthar Bhéal Feirste

Tháinig Kneecap go Baile Uí Mhurchú chun seic £7000 a bhronnadh ar dhaoine óga atá ag déanamh tiomsú airgid don áis úrnua Ghaeilge d’óige agus do phobal, Croí na Carraige

Scéal ar Cool Fm | Scéal ar Andytown News

Thug an banna rap Gaeilge clúiteach agus duaiseanna buaite, Kneecap, cuairt ar Bhaile Uí Mhurchú inniu (27 Feabhra 2025) le seic £7,000 a bhronnadh ar dhaoine óga ó thionscadal óige Ghlór na Móna chun an feachtas Go Fund Me s’acu a sheoladh don áis úr óige agus pobail, Croí na Carraige. I ndiaidh dóibh £14,000 a bhaint i gcúirt in aghaidh Rialtas na Breataine mar gheall ar idirdhealú, d’fhógair Kneecap roimh an Nollaig go raibh siad ag tabhairt £7,000 do Ghlór na Móna agus £7,000 eile do ghrúpa óige eile ar Bhóthar na Seanchille.

Lonnaithe ar Bhóthar na Carraige Báine, tá cáil bainte amach ag an Ionad Ghaelach mar lárionad nuálach pobail do fhorbairt na teanga ó bhun aníos agus d’obair óige trí mheán na Gaeilge. Tá sé mar chuid lárnach den líonra Gaeilge atá ag dul i neart ar fud na cathrach. Mar gheall ar fhás agus leathnú leanúnach ar chláracha pobail Ghlór na Móna, tá géarghá anois le tionscadal caipitil dara céim a thógáil ar thalamh comhairle in aice leis an ionad. Tá maoiniú £1 mhilliún faighte ag an tionscadal Croí na Carraige, ach leis an chéad chéim den fhorbairt ag teacht isteach ag £1.6m, tá an t-am ag imeacht chun an t-airgead breise £600k a aimsiú chun an obair a thosú i mbliana. Le heaspa tacaíochta caipitil ó ranna Rialtais sa Tuaisceart don fhoirgneamh nua, sheol Glór na Móna a bhfeachtas Go Fund Me féin inniu, leis an chéad deontas flaithiúil ag teacht ó Kneecap.

Ag labhairt thar ceann Ghlór na Móna, dúirt an Comhordaitheoir Óige, Pádraigín Nic Mhathúna:

“Ar son gach duine i nGlór na Móna, ba mhaith linn ár mbuíochas ó chroí a ghabháil le Kneecap as an deontas dochreidte seo. Tabharfaidh an t-airgead seo tacaíocht ollmhór dár bpleananna uaillmhianacha don todhchaí agus dár dtionscadal caipitil Croí na Carraige, atá á mhaoiniú againn faoi láthair.”

“Tá cead pleanála againn foirgneamh úrnua a thógáil – Croí na Carraige. Tá £1 mhilliún de mhaoiniú caipitil faighte againn, lena n-áirítear £500,000 ó Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste. Tá maoiniú faighte againn freisin ón Chiste Infheistíochta Gaeilge agus ón Chiste Oileán Roinnte. Tá céad chéim an fhoirgnimh ag teacht isteach ag thart ar £1.6m, mar sin tá bearna £600k againn. Tá Roinn an Phobail agus an Roinn Oideachais i ndiaidh a rá linn nach bhfuil airgead acu, ach creidimid go bhfuil an maoiniú ann más tosaíocht a dhéantar dár ndaoine óga. Tá muid i ndeireadh na feide. Tá breis agus 200 duine óg Ghaelach inár gcúram gach seachtain, agus níl ár n-áiseanna reatha mór go leor dár dtionscadail óige. Tá sé os cionn 27 bliain ó síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta agus tá ár ndaoine óga fós á gcur i mbotháin sealadacha. Tá an easpa áiseanna ag cur bac ar fhorbairt ár ndaoine óga agus ar leathnú ár seirbhísí. Níl sé sásúil ar chor ar bith. Ní féidir linn fanacht níos faide agus caithfimid an t-airgead seo a thiomsú dúinn féin. Iarraimid ar dhaoine fud fad na tíre agus fud fad an domhain sampla Kneecap a leanstan agus cur leis an fheachtas seo le Croí na Carraige a thógáil.”

Ag tacú leis an ghlaoch seo ar thacaíocht, dúirt Liam Óg Ó hAnnaidh:

“Ba i gcumann óige Ghlór na Móna a thosaigh sé uilig domsa breis is 15 bliana ó shin i mBun an Tí ar bharr Bhóthar na Carraige Báine. Is ansin a tháinig an Ghaeilge go croílár mo shaol agus mhothaigh mé cumhacht athghabháil na teanga. Mura mbeadh Glór na Móna ann, ní bheadh Kneecap ann. Sin an fáth ar thug muid an t-airgead a sciob muid ón Rí sna cúirteanna ar ais chuig an phobal.

“Tá sé náireach go bhfuil na Gael óg láidir agus líofa seo go fóill i mbotháin mar a bhí mise ar an suíomh céanna sna 90idí. Ba chóir dóibh siúd i gcumhacht a bheith náirithe nach bhfuil na háiseanna atá tuillte acu ag daoine óga Bhaile Uí Mhurchú. Tá áthas orainn an feachtas seo a sheoladh agus iarraimid ar ár gcairde uilig cur le Croí na Carraige le pobal an cheantair seo a athrú ó bhonn.”

I láthair freisin bhí duine de bhunaitheoirí Ghlór na Móna agus Uachtarán nua-thofa Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin, a dúirt:

“Is eiseamláir í Glór na Móna do phleanáil agus athbheochan na teanga ó bhun aníos. Tugann a gcur chuige spreagadh do ghrúpaí teanga agus do ghníomhaithe fud fad na tíre. Gealladh cur chuige úr i leith na Gaeilge ó Chomhaontú Aoine an Chéasta agus go háirithe ón reachtaíocht teanga in 2022, ach in ainneoin an dul chun cinn tá sé scannalach go bhfuil an oiread sin tionscadail pobail ríthábhachtacha gan maoiniú agus gan an bonneagar cuí.

“Ach tá Glór na Móna fréamhaithe sa fhealsúnacht réabhlóideach ‘Ná habair é, déan é!’ agus in áit fanacht ar an stát, tá muid ag tógáil an t-airgead muid féin. Táimid thar a bheith buíoch de Kneecap as a gcuid tacaíochta leanúnaí.”

Nasc GO FUND ME anseo

TEAGMHÁIL:

Feargal Mac Ionnrachtaigh, Stiúrthóir Glór na Móna

07841101630 | feargal@glornamona.com

Ciarán Mac Giolla Bhéin, Uachtarán Conradh na Gaeilge

07545293841 | ciaran@fisanphobail.com

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

Back to top button