Féile Gaeilge le Bród- An Déardaoin
Leath tríd Féile Gaeilge le Bród cheana féin, a chairde, agus tá muid ag éirí go hiontach linn. Mol an óige agus tiocfaidh sí, agus is cinnte go raibh go leor tallann le cloisteáil ag teacht chun cinn inné. Bhí aoi speisialta ag Bunscoil na Troinóide Naofa agus Bunscoil Naomh Aodhán, Caoimhe Ní Cháthail. Bhí deis ag na páistí amhráin aitheanta a fhoghlaim i nGaeilge agus blás a fháil ar cheol Ghaelaigh. Lá ceolmhar amach is amach a bhí ann! Táimid ag tnúth leis an Léacht Bhliaintiúil Harry Holland le Aindrias Ó Cathasaigh ar Mháirtín Ó Cadhain amárach. Bígí linn!
[tab: English]
Already half way through Féile Gaeilge le Bród, friends, and we are getting on very well so far. Praise the youth and they will rise, and surely enough, there was many rising talents to be heard yesterday. Holy Trinity Primary School and St. Aidan’s CBPS played host to a special guest, Caoimhe Ní Chatháil. The children had the chance to learn common songs in Irish and to get a taste of Irish music. A truly musical day it certainly was! Now we look forward to the Harry Holland Annual Lecture with Aindrias Ó Cathasaigh on Máirtín Ó Cadhain. Come along!