Ginearálta

Féile Gaeilge le Bród- An Satharn

[tab: Gaeilge]

Lá den chéad scoth a bhí againn de Sathairn, le himeachtaí dírithe ar achan gné den phobal, idir óg agus aosta. Le haghaidh na bpáistí óga, bhí am chun a gcuid síthe a ligint agus páirt a ghlacadh sa chiorcal scéalaíochta- agus bhí na tuismitheoirí ag baint taitneamh as scéaltaí Wendy Ní  Fhlionn chomh maith! Bhí coimhlint tréan le feiceáil chomh soiléir le na scileanna ar fad i rith Choirn Uí Cheallaigh, comórtas ina raibh CLG Laochra Loch Lao, CLG Lámh Dhearg, CLG Gort na Móna agus CLG Naomh Úna ag glacadh páirt. Buíochas do chách a bhí ann chun tacaíocht a thabhairt chuig na foirne agus gabhaimid comhghairdeas faoi leith chuig Laochra Loch Lao. Ansin don óige, bhí Imeacht Óige ar siúl:  turas chuig an linn snámha i Lios na gCearrbhach, an phictiúrlann agus KFC! 🙂 As na 95 páiste a bhí ann ó Cumainn Óige Bhéal Feirste, bhí 24 ag freastal ar an Chumann Óige Chluanaí! Ba Chlubtheach CLG Lámh Dearg an suíomh don imeacht is mó i rith Féile Gaeilge le Bród agus bhí sé iontach an slua a fheiceáil ann. Tharraing John Spillane an díon anuas orainn le linn ceolchoirme faoi leith mar a chan sé, le tacaíocht le JJ Ó Dochartaigh agus Seán Óg Ó Coinn.

[tab: English]

What a wonderful day we had on Saturday, with events catering for every facet of the public, both young and old. For the youngsters, there was time to sit back and relax and take part in a story circle- and the parents were enjoying the stories of Wendy Ní Fhlionn as well! The fierce battle was as evident as all the skill during the Ó Ceallaigh Cup, where CLG Laochra Loch Lao, CLG Lámh Dhearg, CLG Gort na Móna agus CLG Naomh Úna were all taking part. Thank you to everyone who gave their support to the teams and we particularly offer our congratulations to CLG Laochra Loch Lao. Then for the youth, there was a Youth Event: trip to the swimming pool in Lisburn, the cinema and KFC! Out of the 95 children who were there from Irish language youth groups in Belfast, 24 of them attend Cumann Óige Chluanaí! The CLG Lámh Dearg’s clubhouse was the scene of the biggest event during Féile Gaeilge le Bród and it was wonderful to see such a big crowd there. John Spillane brought down the house as he sang during the exceptional concert, with support from JJ Ó Dochartaigh and Seán Óg Ó Coinn.

Show More

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Back to top button