BlagFéiltíGinearálta

Féile na Carraige agus tábhacht na háite dúchais

‘…the return to the local can be a form of resistance, a defensive response to globalisation, the struggles of those on the margins to reclaim some form of representation for themselves.’ Stuart Hall

Aithnítear ar fud an domhain go bhfuil luach ar leith sa díograis áitiúil. I ré seo an domhandaithe, is frithghníomh agus frithbheartaíocht in éadan an chultúir cheannasaigh í an rannpháirteachas áitiúil. Éascaíonn an próiseas seo eagraíochtaí, díograiseoirí agus imeachtaí pobalbhunaithe a thugann dóchas do dhaoine. Ba mhór an chumhacht a bhíonn ag an chur chuige seo nuair a thugann sé úinéireacht dóibh siúd atá lonnaithe sa cheantar faoi chois. Cothaíonn seo cumhachtú, féinchuidiú, leanúnachas, comhoibriú agus bród san áit dúchais.

Tá an sampla seo le sonrú san Uachtar Chluanaí, atá ar cheann de na ceantair is mó bochtanais agus faoi mhíbhuntaiste socheacnamíoch ó thuaidh, ach atá fosta ina eiseamláir shainiúil do thionscadail fhéinchuidithe pobail le timpeall leathchéad bliain..

Is an Gael iomráiteach ón Charraig Bhán, Seán Mac Goill, a bhí taobh thiar don chéad fhorbairt den chineál seo nuair a tógadh Ionad do Chumann Tionóntaí Bhaile Uí Mhurchú sna mall seascaidí chun deiseanna sóisialta agus fostaíochta a thabhairt don mhuintir áitiúil. Chuaigh an taithí phraiticiúil seo chun sochair na nGael ar Bhóthar Seoighe nuair a dhear Seán na tithe ansin timpeall an ama chéanna agus cúpla bliain níos faide anonn in 1969, nuair a rinne Seán agus Gaeil dhíograiseacha Ghaeltacht Seoighe, Sráid Bombay a atógáil nuair a dhóigh dílseoirí agus fórsaí an stáit oráistigh é go talamh.

Spreag an daimh seo acu leis an chosmhuintir thréigthe iad chun tuilleadh díograise a chaitheamh sa cheantar chéanna sna seachtóidí nuair a bhí Mac Goill, Séamus Mac Seáin, Seán Mac Seáin, Donnchadh Ua Bruadair agus Séamas de Napier lárnach i bhforbairt na gcomharchumann pobail; Fiontraíocht Bhaile Uí Mhurchú; Garáiste an Phobail agus Ionad Tionsclaíochta Bhaile Uí Mhurchú a chruthaigh fostaíocht agus misneach sa phobal.

Ar an drochuair, tháinig an choimhlint mhíleata agus forghabháil arm an Breataine sa mhullach ar na hiarrachtaí seo. Dhunmharaigh Arm na Breataine 11 sibhialtach chun báis in Mí Lúnasa 1971 in Ár Bhaile Uí Mhurchú agus gabhadh na céadtaí eile le theacht imtheorannú gan triail i bhfeidhm; maraíodh Geraldine óg Macklin agus goineadh Seamas Mac Seáin go dona sa Gharáiste in 1974; agus dhóigh na Sasanaigh an Ionad tionsclaíochta go talamh sular thóg siad Ollbheairic Gerico cúpla bliain ina dhiadh sin. Os a choinne sin, bhí samhlaíocht neamhbhalbh i gcónaí sa fhrithghníomh pobail sna tréimhsí dúshlánacha sin agus bhí Féile Phobail an Uachtair Chluanaigh in 1973 agus 1974 i measc na freagraí is dinimiciúla a d’eascair ón phobal agus a chuir dallamullóg ar na Sasanaigh. Cóisireacha sráide, paráidí dathúla, ceolchoirmeacha, imeachtaí óige agus díospóireachtaí polaitiúla ag tabhairt faoisimh ón chogadh agus ag cothú bróid sa cheantar….

Chuaigh na glórtha Gaelacha i gcéin ar an chéad ghlúin eile a d’aithin athréimniú na teanga mar ghléas athghiniúna a chuir na spriocanna céanna chun cinn. Bunaíodh Gaelscoileanna mar chuisle na hathbheochana agus ghníomhaigh díograiseoirí sa mhullach air seo ag bunú grúpaí agus tograí pobail chun freastal ar an chéad ghlúin eile agus a gcuid tuistí, gaolta agus teaghlaigh a chuir muinín san athghabháil teanga. Sna hochtóidí agus nóchaidí, shíolraigh leithéidí Maureen McGuinness, Jim McCann, John-Boy Ó Muireágain agus Matt Lundy ón mhogalra seo agus iad ag fíorú fhís na Gaelscolaíochta sa cheantar.

Is ar ghualainn chróga na gceannródaithe seo a sheasann Glór na Móna, atá ag feidhmiú san Uachtar Chluanaí, mar eagraíocht phobail agus óige ó bhí 2004 ann. Is fealsúnacht ón bhun aníos atá ag mothú go treán san obair s’acu agus iad ag seachadadh tionscadail nuálacha sa cheantar a chuireann an teanga chun cinn i measc an phobail agus a chuireann an pobal chun cinn trí mheán na teanga.

Bhí an cur chuige seo le feiceáil i bhFéile na Carraige an tseachtain seo caite a mheall na céadtaí Gaeil agus tacadóirí na teanga chuig réimse leathan d’imeachtaí a thit amach don mhórchuid i nGael-Ionad Mhic Goill, atá ainmnithe in ómós do Shéan féin. Tugadh ardán bríomhar do ghníomhaíochtaí óige agus pobail a chothaigh rannpháirtíocht, dearfacht agus úinéireacht sa phobal áitiúil agus an mórphobal i gcoitinne.

Cruthaíodh spásanna oscailte inár bhain daoine sult agus pléisiúr as atmaisféar taitneamhach ina dtiocfadh leo páirt a ghlacadh agus machnamh a dhéanamh ar stair, ar an phobal, ar pholaitíocht, agus ar chultúr. Spreagadh mothúcháin fhrithbheartaíochta agus dóchas sa phobal le rannpháirtithe ag aithint ár ngníomhaireacht agus ár bpoitéinseal le rudaí a athrú chun feabhais.

Bhí roinnt ócáidí speisialta ann le siombalachas láidir na staire le blaiseadh iontu, mar shampla nuair a chuir díograiseoirí agus foghlaimeoirí Gaeilge Seán Mac Goill, Seán Mac Seáin agus Seamus Mac Seáin faoi cheist fán obair s’acu sa cheantar daichead bliain roimhe sin. Bhí an t-atmasféar cumhachtach céanna ann nuair a phléigh paistí agus daoine óga oidhreacht Bobby Sands agus an Stailc Ocrais le Séanna Breathnach agus le Jake Mac Siacais. D’fháiltigh lucht na féile roimh dheiseanna machnaimh, dúshláin agus díospóireachta ar bhealach a normalaíonn meon dearfach de dhlúthpháirtíocht agus de chomhoibriú comónta ar cheisteanna agus ar chúiseanna atá ar leas an phobail.

D’aontaigh na cainteoirí ar fad nach mbeidh an mhodheolaíocht streachailte a d’obair sna seascaidí nó sna hochtóidí oiriúnach don mhílaois úr. Bhí tuiscint ann go mbeadh cur chuige oscailte, solúbtha agus meallacach de dhíth ar an chéad ghlúin eile a bheas in ann an lorg cruthaitheach s’acu féin a mhúnlú don teanga s’againn, don phobal s’againn agus don todchaí s’againn

Ar an bhonn seo, is tráthúil agus is feiliúnach go raibh díograiseoirí óga logánta ó Bhaile Uí Mhurchú agus Lóiste na Móna, lárnach agus i gceannas i bpleanáil agus i gcur i gcrích na féile spleodraí seo. Glúin úr mhuiníneach atá iontu a fhéachann an teanga mar ghléas claochlaithe pobail seachas mar shlí bheatha nó caitheamh aimsire. Féachtar daofa gur rogha saoil agus bealach chun difear suntasach a dhéanamh sa phobal is mó atá faoi míbhuntáiste le hoidhreacht an nuachoilíneachais in Éirinn. Gaeil óga iad atá fréamhaithe san áit dúchais agus an stair a bhaineann léi. Daoine atá bródúil as an cheantar s’acu agus tiomanta chun tógáil ar an dúshraith ar fágadh acu.

Labhraíonn an díograiseoir agus scríbhneoir iomráiteach Naomi Klein ar an fheiniméan seo agus í ag tagairt don troid fhíochmhar atá le déanamh ag an chine dhaonna in aghaidh an athraithe aeraide. Tarraingíonn sí ar chomhairle an fheirmeora agus file, Wendell Berry, a luann ár ndualgas don cheantar dúchais. ‘Stop somewhere’ ar seisean, ‘and begin the thousand-year-long process of knowing that place.’

Show More

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.