GinearáltaImeachtaí

Oíche Mhór Ghaelach

 

Beidh Oíche Mhór Ghaelach i Gort na Móna CLG ar an Aoine 17ú Meitheamh, 8-mall. Tá Glór na Móna ag eagrú Oíche Ghaelach chun tús iontach a chur lena Chlár Samhraidh ina bheas neart imeachtaí ag gabháil ar aghaidh do chách!

Ar an oíche beidh céilí agus ceol traidisiúnta den scoith ó Na Piobairí Álainne, sula dtéann JJ Ó Dohartaigh agus Seán Ó Coinn ar an ardán le ceolchoirm a chur os ár gcomhair ina séinnfidh siad na foinn is fearr ó bharr na gcairteacha, Go Díreach Mar Atá (Just the Way You Are – Bruno Mars) agus An Uaimh (The Cave – Mumford & Sons) san áireamh! Preabfaidh DJ Brendy Burns ar an ardán níos moille leis na buillí is bríomhaire a bhualadh amach leis an chéiliúradh a choinnéail ag gabháil go mall san oíche!

Bígí linn agus tacaigí le cúis Ghaelach -rachaidh aon airgead i dtreo Naíscoil an tSléibhe Dhuibh. Ticéid £5 (£3 do mhic léinn ar an doras). Is féidir teagmháil a dhéanamh le Seán ar 02890 585 755 / oifig@glornamona.com chun ticéid a fháil ná íoc ag an doras ar an oíche.

 

Show More

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Back to top button