Ginearálta

Maoiniú Caipitil Deimhnithe ag Comhairle Chathrach Bhéal Feirste d’Ollionad Ilchuspóireach Úr Gaeilge

Eagraíocht Phobail agus Óige in Iarthar Bhéal Feirste, Glór na Móna, le maoiniú de £500,000 a fháil ón Chomhairle atá 'mar léiriú ar an obair chrua agus tiomántas don teanga curtha i bhfeidhm ag glúnta de ghníomhaithe sa phobail Gaeilge a thóg agus a thacaigh leis an ghluaiseacht ón bhun aníos.'

Fuair pobal bríomhar na Gaeilge in Iarthar Bhéal Feirste dea-scéala oíche Luain (8ú Eanáir) ag cruinniú de chuid Chomhairle Chathrach Bhéal Feirste nuair a gealladh maoiniú caipitil de £500,000 do thionscadalCroí na Carraige’ ag Glór na Mona faoi Scéim Athghiniúna Ceantair na Comhairle.  Lonnaithe i gceantair na Carraige Báine, clú náisiúnta agus idirnáisiúnta bainte amach ag lárionad reatha Glór na Mona, Gael-Ionad Mhic Goill, mar ionad pobail nuálach d’athghiniúint teanga ón bhun aníos, agus obair óige trí mheán na Gaeilge a d’fhás mar chomhpháirt riachtanach den infrastruchúir teanga Gaeilge atá ag méadú ar fud na cathrach.

D’éascaigh an Ghael-Ionad fás agus leathnú suntasach ar sheachadadh na dtionscadail pobail de chuid Glór na Móna. Is de bharr na forbartha seo go raibh éileamh méadaitheach léirithe chun an dara mholadh caipitil agus síneadh den Ghael-Ionad a chur sa tsiúil a bhfuil mar aidhm aige fís uaillmhianach na heagraíochta a thógáil agus a fhorbairt ar thalamh tréigthe de chuid na Comhairle taobh leis an Ghael-Ionad.

 

Ag labhairt faoin tionscadal caipitil, Croí na Carraige, agus geallúint maoinithe de chuid Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste, dúirt Stiúrthóir Feidhmiúcháin Glór na Móna, Feargal Mac Ionnrachtaigh:

‘Is scéala iontach é cinneadh na comhairle a bheith faomhaithe ag an chruinniú oíche Luain chun maoiniú caipitil a dhearbhú dár dtogra Croí na Carraige agus d’athbheochan na teanga in Iarthar na Cathrach. Is léiriú é an cinneadh seo ar an obair dhíograiseach agus tiomántas don teanga atá curtha i gcrích ag glúnta de ghníomhaithe sa phobail Gaeilge a thóg agus a thacaigh leis an ghluaiseacht ón bhun aníos, go minic in aghaidh deacrachtaí agus dúshláin nach cosúil go dtiocfadh iad a shárú. Agus muid ag seasamh ar ghualainn fhathaigh, bunaíodh Glór na Móna in 2004 ag grúpa gníomhaithe pobail áitiúla leis an sprioc umhal chun deiseanna sóisialta agus oideachasúla a chur ar fáil don phobal Gaeilge-labhartha i gCeantar an Uachtar Chluanaí.

Le deich mbliana anuas agus faoi stiúir an ghlúin óg, úrspreagtha, Glór na Móna anois forbartha ina eagraíocht uaillmhianach, fréamhaithe go háitiúil, ag obair ar son na cosmhuintire agus ag ceangailt an obair óige trí mheán na Gaeilge sa chathair agus ag nascadh an t-athbheochan teanga le forbairt agus athghiniúint pobail ón bhun aníos. Le blianta beaga anuas, b’éigean d’fhoireannn agus daoine óga s’againn feachtas a dhéanamh go dian chun ár seirbhísí óige a choinneáil agus faoi bhagairt a dhúnta. Is mar gheall ar rath an fheachtais seo agus an fuinneamh agus tiomántas a léirigh Pobal Ghlór na Móna go bhfuil tacaíocht leathan léirithe ag an mhórphobal don tionscadal úr Chroí na Carraige.

Cuireadh béim ar an tionscadal agus a gcumas a bheith ina hionad náisiúnta athbheochana teanga, dar le cathaoirleach Glór na Móna, Conchur Ó Muadaigh:

muid thar a bheith sásta tacaíocht Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste a bheith geallta dúinn agusgabhann muid ár mbuíochas dár gcomhairleoirí áitiúlaShinn Féin as a gcuid tacaíochta leanúnaí. Dar linn, áfach, níl san éacht  seo ach  tús agus beidh muid ag iarraidh tuilleadh maoinithe a mhealladh ó chistí caipitilagus Ranna Rialtais sna seachtainí agus míonna amachromhainn. Beidh tacaíocht ghníomhach agus leanúnachde dhíth ó pháirtithe polaitiúla, gan amhras, chun an fhísphobail seo a fhíorú amach anseo.

Creideann muid go bhfuil Croí na Carraige ina thionscadal pobail nualaíoch atá tógtha ón bhun aníos a bheas ina thogra ceannródaíoch náisiúnta athbheochana teanga Gaeilge agus sampla den dea-chleachtas a d’fhéadfaí spreagadh náisiúnta agus idirnáisiúnta a tabhairt dóibh siúd atá ag obair i ngluaiseachtaí athbheochana teanga.’

 

Alt Irish News

Caith súil ar an Lá Oscailte do Chroí na Carraige anuraidh do thuilleadh eolais:

Show More

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Back to top button