FéiltíGinearálta

Féile na Carraige

i gcroílár an géarchéime geopholaitiúla is duairce

Tagann Féile na carraige 2019 chugainn agus na hoileáin seo i gcroílár an géarchéime geopholaitiúla is duairce le níos mó le leathchéad bliain anuas agus críochchluiche an t-anord breatimeachta anuas orainn ag deireadh namíosa. lena chois sin, tá an t-éigeandáil aeráide is timpeallachta domhanda ag teacht go cnámh na huillinne agus pobail ar fud an domhain ag múscailt don ghéarghá le gníomhachas ar mhaithe le domhan níos cothroime.

Mar sin de, tá Glór namóna bródúil ár nguth a ardú san idirphlé náisiúnta ag leibhéal na sochaí sibhialta fán éirinn úr claochlaithe atá uainn. tá lúcháir orainn fosta fán ról s’againn san fheachtas úr pobalbhunaithe áitiúil‘mÚScail- anotherworld is possible’a ghlac páirt fhuinniúil sa stailc dhomhanda aeráide ar namallaibh agus atá ag beartú gníomhachais ar an cheist seo sa tréimhse amach romhainn. luíonn an gníomhachas spreagúil seo le bun-éiteas Fhéile na carraige: páirteachas, polaitíocht agus pobal. tá sé d’aidhm ag na himeachtaí agus tionscadail atá cuimsithe san fhéile spásanna a chruthú a chothaíonn saoirse intinne agus anama i measc an phobail.

Read the Full Programme

déanann Féile 2019 blúiríní fuascailteacha do stair na cosmhuintire a thochailt chun beatha le gur féidir linn ceiliúradh a dhéanamh ar éachtaí agus streachailtí an phobail agus níos

tábhachtaí fós chun spreagadh a fháil don am i láthair agus na dúshláin mhóra atá os ar gcomhair.

ina measc siúd, tugtar suntas ar leith don réabhlóid chultúrtha, teanga agus pobail a d’eascair as tionscadal ceannródaíoch Bhóthar Seoighe a leag síos dúshraith na hathbheochana

50 bliain ó shin i mbliana agus a thugann misneach agus uchtach dúinn ó shin. Bhí na Gaeil chéanna seo chun tosaigh, ar ndóigh, in atógáil Shráid Bombay mar fhrithghníomh ar

phogram fuilteach Bhéal Feirste a bheas faoi chaibidil againn sa drama chumhachtach de chuid Brassneck, ‘Something in the air’.

Read the Full Programme

ar a bharr sin, díreoidh muid aird fosta ar an fheachtas leanúnach ar son na fírinne dóibh siúd a d’fhulaing faoi pholasaí brúidiúil na claonpháirtíochta leis an scannán Unquiet Graves

agus beidh muid ag tacú fosta leis an fheachtas spleodrach áitiúil iS deontÓir mé in ainm laoch óg Bhaile Uí mhurchú, dáithí Beag mac Gabhann ar son deonú orgán.

déanfar ceiliúradh fosta ar na laochra ban ón cheantar trí phléphainéal le baill do JUStusWomen’s theatre Group a chuir streachailtí an phobail ar ardán ag amharclanna pacáilte 20

bliain ó shin agus fríd lónmór idirghlúine namban. amharcfaidhmuid ar stair chorraitheach na tréimhse réabhlóidí agusmuid 100 ó bhuaicphointe na réabhlóide sin nuair a daingníodh

clár daonlathach an chéad dála. leanfar leis an chur chuige nuálach, sultmhar le léacht harry holland ag cíoradh cogadh na Saoirse ó Bhéal agus amhráin chomh maith leis an

scannán nua ar Stair faoi cheilt an irB a bheasmuid ag taispeáint i bpáirtíocht le cultúrlannmcadamÓ Fiaich agus an respect FilmFestival. leanfaidh daoine óga s’againn leis an tionól

óige rathúil a bhunaigh muid anuraidh is iad ag déanamh dianmhachnamh agus ag beartú gnímh bunaithe ar ghéarchéim gheopholaitiúil thuasluaite agus an éigeandáil phoiblí

sláinte mheabhrach a bheas faoi chaibidil acu ar lá domhanda na meabhairshláinte ar 10 deireadh Fómhair.

ach lena chois seo agus sa mhullach ar an díospóireacht, athmhachnamh, cóir agus cúiteamh, tá sult agus spraoi lárnach san fhéile le ceol, agus siamsaíocht mar dhlúthchuid den

tseachtain imeachtaí. Beidh tallann áitiúil in éineacht le ceoltóirí ar chaighdeán náisiúnta agus idirnáisiúnta ag spreagadh spiorad na féile le Gig na carraige oíche Shathairn a nascann

frithbheartaíocht agus dóchas le chéile san aon oíche amháin. mar a dúirt an scríbhneoir iomráiteach, arundhati roy, ‘another world is not only possible, she is on her way. on a quiet

day, i can hear her breathing.’

Bímís páirteach a chairde is séidfidh muid anáil úr dóchais i seoltaí na réabhlóide!

Is ar scáth a chéile a mhaireann na daoine

Le haghaidh tuilleadh eolais ar aon imeacht ar leith, gabh i dteagmháil linn ar: oifig@glornamona.com / 02890 234442

Read the Full Programme

 

Show More

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Back to top button