GinearáltaImeachtaíÓige

Bricfeasta Pobail Saor agus Gaelach

Togra úr dár gcuid a bheas ag titim amach ar an Aoine dheireanach a spreag na Pantair Dhubha. Má tá suim agat tacú leis an togra seo nó bheith ag obair linn, is féidir teagmháil linn ag oifig@glornamona.com nó scairt a chur orainn ag 02890234442.’

Cuireadh fáilte agus iontas ar phobal an Uachtair Chluanaí, idir óg agus aosta, Dé hAoine seo caite nuair a chuir gníomhaithe ó Ghlór na Móna, eagraíocht áitiúil phobail agus óige, bricfeasta saor in aisce ar fáil ag barr Bhóthar na Carraige Báine.

Bhí spionn dearfach san aer agus tugadh buíochas forleathan ag seoladh an togra úir seo, Bricfeasta Pobail Saor agus Gaelach. Dé réir Liam Óig Uí Annaidh, gníomhaí de chuid Ghlór na Móna:

‘Rinne daoine áitiúla plé linn agus iad ag baint taitnimh as tae/caife agus bricfeasta ag barr na Carraige Báine. Is léir ó dhearfacht agus ó bhuíochas an phobail gur togra fiúntach é seo a théann i bhfeidhm ar dhaoine. Bhí muid ag léamh leabhar faoi na Pantair Dhubha agus a gcumainn bhricfeasta cháiliúla (an togra ba mhó a chuir Slándáil Náisiúnta Mheiriceá i mbaol, de réir J Edgar Hoover); agus thug sin misneach dúinn.

‘Mar aon leis sin, tá Cumann Scannán Loch Lao, togra eile dár gcuid, ag obair le Right 2 Work, Right 2 Welfare, tionscadal de chuid PPR (Participation and Practice of Rights) agus thaispeáin muid scannán cumhachtach de chuid Ken Loach ‘I, Daniel Blake’, i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich an tseachtain seo a chuaigh thart.

‘Cuireadh iontas nach beag orainn nuair a fuair muid amach go bhfuil 13 bhanc bia ann i mBéal Feirste i mbliana, i gceantair atá faoi mhíbhuntáiste na dífhostaíochta. Is droch léiriú é seo ar an tsochaí agus orthusan atá i gcumhacht. Fuair muid amach go bhfuil pionós airgid á ghearradh ar na mílte atá tinn, faoi mhíchumas, agus dífhostaithe ag oifigí slándáil shóisialta gach mí, cé go bhfuil poist gann de bhrí teipe ar pholasaí an rialtais. Is ionsaí iad na pionóis airgid ar mhuintir iarthar Bhéal Feirste atá ag cruthú náire forleathan agus cultúr ciúnais. Tá gnáthdhaoine, i gcruachás, san fhaopach agus leo féin.

‘Ghlac muid an chéim bheag seo le deoch agus le bricfeasta te a thabhairt amach do dhuine ar bith a bhí á n-iarraidh ar mhaidin fhuar fheanntach. Bhí dearfacht ann i measc an phobail a léiríonn nach cead de dhíth le bheith flaithiúil. Ba mhian linn dóchas, bród agus muinín a chothú inár bpobal le Bricfeasta Pobail Saor agus Gaelach.  

‘Beidh muid amuigh arís Dé hAoine24 Feabhra agus ar an Aoine dheireanach de gach mí. Buailfidh muid le chéile idir 7:45 agus 9:15 agus cuireann muid fáilte roimh aon chuidiú agus tacaíocht. Tá súil againn go dtabharfaidh seo misneach do dhaoine eile togra bricfeasta saor a dhéanamh ag an am chéanna lenár gceann féin.

Má tá suim agat tacú leis an togra seo nó bheith ag obair linn, is féidir teagmháil linn ag oifig@glornamona.com nó scairt a chur orainn ag 02890234442.’

 

 

Show More

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Back to top button