Daonlathachas RannpháirtíochFéiltíGinearáltaImeachtaíLéachtaí Pobail

Aíonna móra na polaitíochta ag triall ar Bhéal Feirste do Scoil Gheimhridh Uí Chadhain

An Feisire Eorpach, frith-chogaidh Clare Daly i measc ‘cuid de na gníomhaithe, acadúlaithe agus polaiteoirí is tábhachtaí in Éirinn’ a bheas ag caint ag an scoil

Tá Scoil Gheimhridh Uí Chadhain ar ais ar an 25-27ú Eanáir le clár lán le díospóireachtaí dírithe ar thodhchaí bhunreachtúil na tíre agus mórcheisteanna ár linne. I mbliana, tá aird faoi leith dírithe ar chúrsaí i nGaza agus tá sin le sonrú sa chlár. I measc na haoichainteoirí móra le rá beidh Clare Daly MEP, Mansoor Adayfi, Bríd Smith TD, Chris Hazzard MP agus go leor leor eile.

Arsa Eoghan Ó Garmaile, ionadaí choiste na Scoile:

“Tá an comhrá maidir le hÉire Aontaithe ag bailiú nirt diaidh ar ndiaidh. Tá sciaranna leathan den phobal anois páirteach sa díospóireacht fud fad an tsochaí maidir le todhchaí bhunreachtúil na tíre agus beidh brú leanúnach de dhíth le cinntiú go bhfuil mianta agus aisling na pobail ar an imeall lárnach sa chomhrá níos leithne sin. Tá an anailís aicme ag croílár na scoile agus é de sprioc againn spásanna criticiúla, rannpháirteach a chothú a chumhachtaíonn an chosmhuintir ar na mórcheisteanna seo.

“Mar sin de, is dual do theideal phríomhphainéil na scoile ar an Satharn 27ú Eanáir a bheith ainmnithe ‘Éire Nua: Ar Son Cén Aicme?’ le haoichainteoirí speisialta Clare Daly (MEP Neamhspleách), Bríd Smith (TD le Daoine Roimh Brabús) agus Chris Hazzard (MP le Sinn Féin). Tá clú domhanda ag teacht ar Clare Daly le déanaí mar gheall ar a misneach i bParlaimint na hEorpa ag seasamh an fód go neamhbhalbh ar son na Palaistíne chomh maith le hóráid s’aici as Gaeilge sa Pharlaimint.

”Tá lúcháir orainn go raibh muid ábalta cuid de na gníomhaithe, acadúlaithe agus polaiteoirí is radacaí in Éirinn a mhealladh chuig an scoil i mbliana agus muid ag clúdach téamaí ar nós todhchaí na Gaeilge, cearta tithíochta, an ghéarchéim timpeallachta agus go leor eile. Bígí linn.”

Dúirt an Feisire Eorpach, Clare Daly:

“Tá áthas an domhain orm a bheith ag labhairt ar Bhóthar na bhFál mar chuid de Scoil Gheimhridh Uí Chadhain 2024. Ní mór dúinn amharc ar cén cineál Éire Aontaithe a bheas ann don lucht oibre i gcomhthéacs an Aontais Eorpaigh atá dúghafa lena míleatachas a mhéadú agus le comhghuaillíocht a neartú le NATO atá sáinnithe i gcogaíocht ar fud na cruinne. Ní bhainfidh an chosmhuintir aon tairbhe as seo. Ní mór dúinn fís níos forásaigh, síochánta don todhchaí a chur chun tosaigh dár bpobal.

“Ar a bharr sin, is onóir é dom a bheith i gcomhrá le Mansoor Adayfi, fear ón Éimin a rinneadh céasadh air i gCuan Guantánamo, príosún de chuid SAM, ar feadh 14 bliain agus atá anois ag gníomhú chun Guantánamo a dhruidim. Tá mé ag súil go mór a bheith páirteach sa scoil thábhachtach seo ina mbeidh deis againn an tsamhail fhorásach sin a chur chun tosaigh.”

Mhaígh Mansoor Adayfi, aoichainteoir na Scoile:

“Tá lúcháir orm a bheith in Iarthar Bhéal Feirste mar chuid den imeacht seo. Agus mé ar neart stailceanna ocrais le mo chomrádaithe i gCuan Guantánamo sna 14 bliain ina raibh mé faoi chois ansin, bhí muid airdeallach i dtólamh go raibh an teaictic seo in úsáid go minic i stair na hÉireann chun saoirse a bhaint amach. Tá mé ag súil go mór le bualadh leis na gníomhaithe atá ag streachailt ón bhun aníos ag an Scoil Gheimhridh.”

Eolas faoin Scoil Gheimhridh

Ainmnithe ina dhiaidh an Gaeilgeoir agus poblachtánach sóisialach radacach, Máirtín Ó Cadhain, don 2ú bliain i ndiaidh a chéile eagraíodh Scoil Gheimhridh Uí Chadhain. Is é an aidhm atá againn ná chun ardán daonlathach agus ionchuimsitheach a chuir ar fáil do ghníomhaithe ó réimse d’fheachtais an phobail ar mhaithe le hÉire úr bunaithe ar na focail faire ‘Fuascailt, Comhionannas agus Dlúthpháirtíocht’. Anuraidh, bhí an t-Eacnamaí Gréagach Yanis Varoufakis mar aoichainteoir ag an chéad Scoil Gheimhridh.

I mbliana, seolfar an Scoil sa Lon Dubh (Raidió Fáilte) Déardaoin 25ú Eanáir ar 7in le haoichainteoir ón Phalaistín, Khalid El-Astal, agus scannán ‘Palestine is Still the Issue’ le John Pilger atá anois ar shlí na fírinne.

Ar an Aoine beidh painéal ag plé leis an fheachtas thábhachtach ar son script úr don tSláine Mheabhrach sa Chultúrlann.

Tosófar na cainteanna ar an Satharn le lón ar 12in agus beidh Beidh Mansoor Adayfi, íospartach ceastóireachta ar feadh 14 bliain i gCuan Guantánamo, i gcomhrá le Clare Daly ag 7.30in ansin beidh oíche cheoil ar son na Palaistíne le cuid de na ceoltóirí traidisiúnta is fearr sa tír.

Is féidir teacht ar an chlár iomlán anseo

Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le:

Eoghan Ó Garmaile

eoghan@glornamona.com

07934846275

Show More

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Back to top button