GinearáltaImeachtaíÓige

Ráiteas ón Dream Dearg

 

Leanann agóid An Dream Dearg ar son #Cearta, #Cothromas agus #Cóir ar aghaidh

Bhí An Dream Dearg ar na sráideanna inniu leis an fheachtas #DeargLeFearg a bheas mar chuid de shraith agóidí atá beartaithe leis an reachtaíocht agus na cearta a gealladh breis agus 10 mbliana ó shin a aimsiú. Cruthaíodh an Dream Dearg sa bhliain 2014, agus a tháinig le chéile arís Deireadh Fómhair 2016 i ndiaidh ionsaithe leanúnacha ar an Ghaeilge ó Airí an Tionóil agus ionadaithe pobail; atá ag iarraidh pobal na Gaeilge a chur ar an imeall mar aon le bac a chur leis na geallúintí a tugadh do chothromas do na Gaeil.

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, urlabhraí An Dream Dearg:

‘Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil leis na mílte a thacaigh lenár bhfeachtas agus a sheas leis na daoine is mó atá faoi mhíbhuntáiste inár bpobal, gan trácht ar £500,000,000 á chur amú leis an scannal RHI. Is mar gheall ar an tacaíocht sin nach raibh an dara rogha ag an Aire, ach an Scéim Sparántachta Líofa a chur i bhfeidhm arís ar maidin.

“Tá aidhmeanna An Dream Dearg i bhfad níos leithne agus níos cuimsithí ná an Scéim Sparántachta Gaeltachta, áfach.

“Ní ghlacfaidh pobal na Gaeilge leis an dóigh a bhfuil á caitheamh leo, mar a bheadh saoránaigh dara grád ann. Tá pobal na Gaeilge #DeargLeFearg de bhrí na teipe leanúnaí ó na húdaráis lenár gcearta a chosaint agus a chur chun cinn, i ndiaidh 18 mbliana ó bhí Comhaontú Aoine an Chéasta ann agus 10 mbliana ó bhí Comhaontú Chill Rímhinn ann sa bhliain 2006.

“Tá muid ar na sráideanna inniu lenár míshásamh agus lenár bhfearg a chur in iúl faoi na hionsaithe samhnasacha agus náireacha atá á ndéanamh ar ár bpobal le deanaí. Ní pribhléidí ná deonú atá a dhíobháil orainn ach cothromas agus cóir. Is féidir seo a dhéanamh le reachtaíocht amháin, a chuimsíonn ár gcearta mar Ghaeil.

‘Cuireann muid fáilte roimh an tacaíocht traspháirtí atá le sonrú ar fud an phobail agus iarrann muid ar gach aon duine atá á seasamh linn, le bheith linn go dtí go bhfuil ár gcearta bainte amach againn agus daingnithe.

‘Is gá d’idirbheartaíocht nó do réiteach polaitiúil amach anseo a bheith ag brath ar sholáthar na gcearta a gealladh do phobal na Gaeilge. Ní seo ach tús ár bhfeachtais.’

Tá gluaiseacht ag teacht chun cinn ón bhonn aníos atá ag éileamh #Cearta, #Cothromas agus #Cóir

Show More

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Back to top button