Ginearálta

Féile na gCloigíní Gorma

Clár / Programme – Féile na gCloigíní Gorma

Is féile phobalbhunaithe seachtainé í Féile na gCloigíní Gorma lonnaithe san Uachtar Chluanaí in Iarthar Bhéal Feirste. Is ceiliúradh an phobail é seo ar an phobal féin, ar shláinte agus ar an timpeallacht áitiúil. Gach bliain i mí na Bealtaine, bíonn Páirc na Tua ar an tSliabh Dhubh ag bláthú le cloigíní gorma dúchasacha a bhíonn mar chomhartha do phobal an Uachtair Chluanaí go bhfuil an samhradh buailte linn.

Tá gníomhaithe áitiúla ag úsáid shiombal na gcloigíní gorma le cur i gcuimhne do dhaoine áitiúla maidir le haoibhneas an tsaoil, a dtimpeallacht nadúrtha, tábhacht na sláinte agus dlúthpháirtíocht phobail!

Titfidh na himeachtaí seachtaine amach idir an Domhnach 21-28 Bealtaine agus i measc na n-imeachtaí beidh siúlóidí, léachtaí, spórt, rothaíocht, iascaireacht agus a thuilleadh eile. Tosóidh an tseactain le Gaeil áitiúla agus iad in iomaíocht i gcomórtas peile seachtar an taobh agus cuirfear deireadh leis an fhéile seachtain ina dhiaidh sin le rás agus le siúlóid iomráiteach an tSléibhe Dhuibh.

Beidh imeachtaí saor in aisce ann gach lá i rith na seachtaine mar aon le taispeáint Hillsborouogh, an clár fáisnéise a bhfuil neart duaiseanna buaite aige, le plé ina dhiaidh leis an Ollamh Phil Scraton, príomhúdar thuairisc an phainéil neamhspleách!

Tá sé de rún ag Féile na gCloigíní Gorma dúshlán agus misneach a thabhairt chomh maith leis an líon is mó daoine áitiúla a mhealladh a chothóidh cultúr d’fhéinchuidiú, de dhlúthpháirtíocht agus de chomhoibriú daonna. Ba mhian linn spásanna a chruthú ina dtig le daoine áitiúla bheith páirteach agus ag déanamh atbhreithniú ar a sláinte, a dtimpeallacht agus ar an domhan thart orainn gan trácht ar tairbhe a bhaint as cuideachta daoine eile.

Is treithe de shaol an lae inniu iad iomaíocht, indibhidiúlachas, mícothromaíocht, ábharachas agus drochmheabhairshláinte agus ba mhaith linne dúshlán a chur roimhe seo agus ardán sábháilte a sholáthar le go dtig le daoine ár nascanna stairiúla agus spiorádalta lenár dtimpeallacht agus lenár bpobal chomh maith lenár ndaonnacht dhúchasach a chur faoi chaibidil.

Mar sin de, bígí linn ag bricfeasta pobail na bpantar dubh, togaigí bhur rothar thart ar Bhéal Feirste, rithigí ar an tSliabh Dhubh, agus siúlaigí i bPáirc na bhFál. Cruthaíonn croí sláintiúil, intinn sláintiúil. Scaoileann dóchas síoraí nuair a aithníonn muid ár ngníomhaireacht agus ár bpoitéinseal le rudaí a athrú chun feabhais. Creideann eagraithe na féile seo go bhfuil an chumhacht ag pobal an Uachtair Chluanaí chun saol eile a thógáil, ceann atá á thógáil againn anois!

 

Show More

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Back to top button