GinearáltaImeachtaíOideachasÓige

Cúpla Focal

Teastais Cúpla Focal Bronnta ag an Aire

Peye Holy Trinity 02Tá Glór na Móna ag obair le Bhunscoil na Trionóide Naofa le dhá bhliain anois agus tá muid thar bheith sásta as an dea-chairdrimh a tógadh leis an scoil, d’eascaigh muid an Clár “Cúpla Focal” le Bliain 5 ó bhí thús na bliana ann.
Dúirt eascaitheoir an chláir Maitiú Caughey, “D’éirigh go hiontach leo agus bhí an suim agus díograis acú ó thaobh foghlaim na teanga de.”Peye Holy Trinity 04
Rinne an tAire Cultúir, Carál Ní Chuilín, teastais Cúpla Focal a bhronnadh ar na hochtó páistí i mBunscoil na Tríonóide Naofa, Béal Feirste.

Ag labhairt di sa scoil, dúirt an tAire: “Tá lúcháir orm a bheith anseo i scoil na Tríonóide Naofa le suaitheantais agus teastais Cúpla Focal a bhronnadh. Tá éacht mór déanta ag gach duine de na daltaí.

Peye Holy Trinity 05“Is breá an rud é go bhfuil grúpaí Gaeilge ar nós Ghlór na Móna ag obair sna bunscoileanna Béarla le seans a thabhairt do dhaltaí an teanga a fhoghlaim. Is iontach a oiread seo daltaí a fheiceáil agus iad ar a ndícheall ag foghlaim na Gaeilge. Agus, de bharr fheachtas Líofa, tá 12,000 duine eile ar fud an Tuaiscirt i ndiaidh díriú ar an Ghaeilge a fhoghlaim nó feabhas a chur ar an mhéid Gaeilge atá acu cheana féin.

“Mar atá ráite agam cheana, is le gach uile dhuine againn an Ghaeilge. Tá daltaí na Tríonóide Peye Holy Trinity 06Naofa i ndiaidh tosú ar aistear fhoghlaim na Gaeilge agus tá súil agam go leanfaidh siad orthu ar an aistear céanna.

“Is foghlaimeoir mise, agus tá a fhios agam nach gan dua a fhoghlaimítear teanga. Ach is fiú an saothar é. Tréaslaím leis na daltaí seo as teastas Cúpla Focal a bhaint amach.”
Maith iad na páistí ar fad a ghlac páirt agus comhghairdeas libh!

Mol an Óige agus Tiocfaidh sí!

 

Show More

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Back to top button