Daonlathachas RannpháirtíochImeachtaí

Ghlac na céadta páirt i Scoil Gheimhridh Uí Chadhain thar trí lá in Iarthar Bhéal Feirste ag amharc ar cheisteanna maidir le hÉire Aontaithe agus dlúthpháirtíocht leis an Phalaistín

‘Struchtúir rannpháirtíochta úra de dhíth in achan cearn den tsochaí’ chun guth a thabhairt do dhaoine maidir le treo na tíre

Chríochnaigh Scoil Gheimhridh Uí Chadhain oíche Shathairn (27.01.24) le Ceolchoirm ar son na Palaistíne ina dhiaidh trí lá rathúil de chur agus cúiteamh. Is é rannpháirteachas ní ba chuimsithí i measc an lucht oibre sa chomhrá maidir le hÉire Aontaithe agus ceartas sóisialta a bhí mar sprioc na scoile atá dhá bhliain ar an fhód. I mbliana, chuir an Scoil béim ar leith ar an slad atá Iosrael ag déanamh ar an Phalaistín i rith ama fríd ceolchoirmeacha, díospóireachtaí agus taispeántais scannáin.

Dúirt ball de chuid coiste na scoile, Eoghan Ó Garmaile:

“Tá muid ar bís gur éirigh thar barr leis an dara Scoil, ag tógáil ar scoth na n-imeachtaí anuraidh. Is ábhar mór misnigh é an mhéid rannpháirtíocht a chonacthas dúinn maidir le ceisteanna móra na sochaí ag an Scoil. Chlúdaigh muid fadhbanna amhail sláinte mheabhrach agus tithíocht; géarchéim na haeráide chomh maith le cumas fuascailteach na Gaeilge; tábhacht na neodrachta míleata agus an géarghá le ceisteanna aicme a bheith ag croílár na díospóireachta maidir le hÉire Aontaithe. Tógaimis ar na comhráite tábhachtacha amach anseo agus an t-ocras a chonacthas dúinn i measc na gcéadta gníomhaithe ag an Scoil faoi choinne na fóraim rannpháirtíochta den chineál seo.

Chuir muid spás ar fáil chun an fhearg atá ar an phobal i gcoitinne i leith na sladanna ar an Phalaistín a chuir ina luí. Chuige sin, tá lúcháir orainn gur bhailigh muid níos mó ná £2000 don United Nations Relief and Works Agency for Palestine (UNWRA) tar éis na gciorruithe a rinne tíortha an Iarthair air mar gheall ar ionsaí scannalach Iosrael. Ní mór d’aon comhrá maidir le haontú na hÉireann a bheith fréamhaithe san idirnáisiúnachas misniúil a léiríonn ár ndlúthpháirtíocht le daoine agus tíortha eile atá faoi chois. Tá muid an-bhuíoch as na ceoltóirí iontacha a a shéinn dúinn sa cheolchoirm, gan aon iocaíocht, chun airgead a bhailiú ag Oíche na Palaistíne s’againn, a chuir críoch leis an Scoil.”

Mhaígh an tOllamh John Barry, aoichainteoir na Scoile: 

“Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le lucht eagraithe na Scoile iontaí seo in Iarthar Bhéal Feirste as an deis a thabhairt dom páirt a ghlacadh i gcomhráite tábhachtacha an phobail. Spreag an t-imeacht go mór mé agus léirigh an mhéid rannpháirtíocht i measc na gcainteoirí agus an lucht féachana dom arís go bhfuil géarghá ann chun struchtúir rannpháirtíochta úra a thógáil ón bhun aníos in achan cearn den tsochaí chun an deis a thabhairt don chosmhuintir, go háirithe iad siúd ar an imeall, chun dul i ngléic lena fadhbanna is mó atá romhainn agus todchaí úr a mhúnlú agus a chruthú.

Is céim sa treo ceart é Scoil Gheimhridh Uí Chadhain agus tá mé ag súil go mór le tuilleadh cur is cúiteamh sa todhchaí.”



Eolas faoin Scoil Gheimhridh

Ainmnithe ina dhiaidh an Gaeilgeoir agus poblachtánach sóisialach radacach, Máirtín Ó Cadhain, don 2ú bliain i ndiaidh a chéile eagraíodh Scoil Gheimhridh Uí Chadhain. Is é an aidhm atá againn ná chun ardán daonlathach agus ionchuimsitheach a chuir ar fáil do ghníomhaithe ó réimse d’fheachtais an phobail ar mhaithe le hÉire úr bunaithe ar na focail faire ‘Fuascailt, Comhionannas agus Dlúthpháirtíocht’. Anuraidh, sheol an t-Eacnamaí Gréagach Yanis Varoufakis an chéad Scoil Gheimhridh mar aoichainteoir.

I mbliana, seoladh an Scoil sa Lon Dubh (Raidió Fáilte) Déardaoin 25ú Eanáir ar 7in le haoichainteoir ón Phalaistín, Khalid El-Astal, agus scannán ‘Palestine is Still the Issue’ le John Pilger atá anois ar shlí na fírinne.

Ar an Aoine bhí painéal ag plé leis an fheachtas thábhachtach ar son script úr don tSláine Mheabhrach sa Chultúrlann.

Tosaíodh na cainteanna ar an Satharn le lón ar 12in agus chríochnaigh Mansoor Adayfi, íospartach ceastóireachta ar feadh 14 bliain i gCuan Guantánamo, an lá i gcomhrá le Clare Daly ag 7.30in sula raibh oíche cheoil ar son na Palaistíne ann le cuid de na ceoltóirí traidisiúnta is fearr sa tír, a bhailigh níos mó ná £2000.

Is féidir teacht ar an chlár iomlán anseo

Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le:

Eoghan Ó Garmaile

eoghan@glornamona.com

07934846275

Show More

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Back to top button