GinearáltaLéachtaí PobailOideachasÓige

#FORAS20: Láidreachtaí, laigí, deiseanna agus dúshláin- 20 bliain ag fás ón bhun aníos in Iarthar Bhéal Feirste

Le Feargal Mac Ionnrachtaigh

‘An síol á cur’

Is tráthuil go bhfuil athmhachnamh 20 bliain ar an Fhoras trasteorann teanga faoi chaibidil agus muintir Bhéal Feirste ag ceiliúradh leathchéad bliain ó bunaíodh Gaeltacht Bhóthar Seoighe in 1969. An tionscadal féinchuidithe réabhlóideach a spreag an Ghaelscolaíocht agus athbheochan chomhaimseartha na Gaeilge i dtuaisceart na tíre chun beatha. Is cinnte nach mbeadh ann d’Fhoras na Gaeilge agus na hacmhainní a d’eascair as ó thuaidh ach a bé an díograis cheannródaíoch ón bhaicle teaghlaigh seo.

Gríosaíodh iad le polaitíocht radacach Mháirtín Uí Chadhain agus fealsúnacht fhuascailteach an phoblachtánachais a shíolraigh ó réabhlóid na Fraince leis an bhéim ar ‘suailce sibhialta agus leas coiteann’ an phobail seachas ‘suim leithleasach’ an duine aonair. D’éirigh le beart dearfach s’acu in sochaí éagothrom, leatromach ina raibh imeallú á dhéanamh ar phobal s’acu agus an Ghaeilge mar ‘theanga faoi cheilt’ sa stát aon-pháirtí aontachtach.

Tháinig siad chuig mo cheantar féin fosta sna luathseachtóidí agus pobal Bhaile Uí Mhurchú ar an cheantar is boichte ó thuaidh is bhunaigh siad Comharchumainn ar nós Garáiste an Phobail agus Ionad Tionsclaíochta na Carraige Báine a d’fhostaigh daoine áitiúla ar fágadh ar an trá fholamh le forlámhas míleata Arm na Breataine faoi lán seoil. Lena chois sin, mhúnlaigh an fhealsúnacht spreagúil seo gníomhachas ón bhun aníos a bhláthaigh faoi thionchar claochlaithe na Stailceanna Ocrais sna luathochtóidí, agus an teanga ag spreagadh mothúcháin féiniúlachta agus cumhachtaithe i bpobail faoi léigear.

Bunaíodh naíscoileanna fud fad Bhéal Feirste gan tacaíocht stáit chun páistí a ullmhú do Bhunscoil Phobal Feirste, an t-aon bhunscoil ó thuaidh ag an am, is bhí iarchimí poblachtánacha agus díograiseoirí teanga ar thús cadhnaíochta in Ard Eoin, An Trá Ghearr, Cill Uaidh, Bóthar na Bhfál, Baile Uí Mhurchú sna hiarrachtaí sin. Le himeacht aimsire, bhí scoilphobail ag teastáil óna haonaid oideachasúla pobail seo agus d’fhorbair seirbhísí is athbheochan phobalbhunaithe thart timpeall ar na scoileanna céanna sna ceantair éagsula.

Meánscoil Feirste mar ‘scrúdú litmis’ an phróisis síochána

Bhí Cultúrlann McAdam Ó Fiaich ar ndóigh ar an tionscadal is rathúla agus is mó clú sa ré seo nuair a bunaíodh é in 1990 i gcomhthéacs conspóideach ina raibh ‘grinnfhíosrúcháin pholaitiúla’ Rialtas na Breataine ag baint maoinithe ó ghrúpaí pobail in Iarthar Bhéal Feirste de bharr ‘nascanna le grúpaí paramíliteacha’. Chaill Glór na nGael agus naíscoileanna Gaeilge maoiniú mar gheall air seo is reáchtáladh feachtas glórmhar agus rathúil ina éadan a d’ardaigh próifíl phobal na Gaeilge agus a thóg dioscúrsa láidir cearta teanga ó thuaidh don chéad uair. Ní hamháin gur thug an Chultúrlann úr spás don tSiopa Leabhar, an Caife Glas, an Nuachtán LÁ, Raidió Fáilte Bhradach agus an Compántas Drámaíochta Aisteoirí Aon Drama ach rinneadh cinneadh an iarracht uaillmhianach chun Meánscoil lánGhaeilge a bhunú ann chomh maith.

Bhí mé féin i measc an darna chohórt le freastal ar an scoil in 1992 agus feachtas fíochmhar ar siúl le haghaidh aitheantas ón Roinn Oideachais. Chríochnaigh ceist na scoile ina mórcheist pholaitiúil agus mar shiombail ar chomhionannas don phobal náisiúnach ó thuaidh. Rinneadh cearta na bpáistí ina scrúdú litmis don luathphróiseas síochána i lár na nóchaidí agus d’éirigh leis an fheactas cumhachtach seo an t-aitheantas cuí a bhaint amach in 1996.

Is cinnte nach féidir linn na coimitmintí oifigiúla a tugadh don Ghaeilge i gComhaontú Aoine an Chéasta in 1998 gan tuiscint a bheith againn ar na feachtais cheartais seo a chuaigh roimhe, go háirithe an dóigh gur mhúnlaigh eispéaras Mheánscoil Feirste an gá le cosaint ar leith don Ghaeloideachas. Is mar gheall ar iarrachtaí an phobail ón bhun aníos gur daingníodh airteagail 89 don ord oideachais 1998 a chuir dualgas reachtúil ar an Roinn Oideachais an Gaeloideachas ‘a spreagadh agus a éascú’ agus gur gealladh ‘ré úr’ don Ghaeilge sa ‘saol poiblí agus príobháideach’.

Níl amhras ach gur forbairtí dearfacha a bhí iontu seo don athbheochan a thug spás nua ag achmhainní breise a chuidigh le fás na hearnála Gaelaí. Bunaíodh Comhairle na Gaelscolaíochta in 2000 agus Iontaobhas na Gaelscolaíochta in 2001 chun tacaíocht airgeadais a thabhairt do scoileanna úra is fás straitéiseach na hearnála a fhorbairt. Bunaíodh Foras na Gaeilge mar fhoras tras-teorainn sa tréimhse chéanna agus bhí maoiniú stáit anois ar fáil do roinnt mhaith grúpaí pobalbhunaithe Gaeilge don chéad uair ariamh.

Bhláthaigh grúpaí úra ar nós Ionad Uíbh Eachach ar Bhóthar na bhFál, An Droichead in Oirthear na Cathrach agus Cumann Cultúrtha Mhic Reachtáin agus leag siad síos dúshraith le hionad Pobail úr do na Gaeil i gcodanna éagsula don chathair. Bunaíodh grúpaí úra ar nós Ghlór na Móna san Uachtar Chluanaí a bhfuil baint agam féin leis agus Croí Éanna i nGleann Gormliath sa tréimhse chéanna.

Cúlú an Chuíchóirithe

Mar sin féin, ní fhorbraíonn cúrsaí forbartha i línte díreacha agus bíonn naimhdeas, moilleadóireacht agus maorlathas ina chonstaic in amanna d’aidhmeanna an phobail. Ní raibh an dúch tirim ar Chomhaontú Aoine an Chéasta, mar shampla, nuair a léirigh stáitseirbhíseach sinsearach de chuid Oifig Thuaisceart Éireann (OTE), Tony Canavan, an débhríochas a bhain leis an choimitmint seo nuair a chuir sé síos ar na coimitmintí  mar ‘worthy sentiments’ agus ‘a matter of intrepreation’. Ceanglaíodh an Ghaeilge leis an Ultais chomh maith chun srian leanúnach a chur achmhainní don Ghaeilge.

Lena chois sin, le hacmhainní breise stáit, tagann contúirtí beo an institiúidithe ina bhforbraíonn teannas idir an stát agus miantaí an phobail. Níorbh ionadh nach éisceacht ar bith saol na Gaeilge don chlaonadh seo. Sa chaoi seo, bhí feidhmeannaigh ón fhoras teanga go minic mar réiteoirí lár-báire idir an pobal agus an stát. Scríobhann an eolaí pholaitiúil Jerry Harris ar an phatrún seo ina mbíonn gníomhaithe comhshamhlaithe isteach sa státchóras chun ‘obair shalach’ an stáit a bhrú ar an phobal, ‘former activists are often incorporated into the state as local mediators with a power to distribute resources’.

Pléasc na contrárthachtaí seo chun cinn leis an ghéarchéim eacnamaíochta ó 2008 i leith nuair a thit an tóin as an Tíogar Cheilteach. Baineadh maoiniú don phaipéar nuachtáin LÁ NUA agus rinne Rialtas Fianna Fáil cinneadh próiseas ‘cuíchóirithe’ a chur i bhfeidhm a bhain go suntasach ó achmhainní Fhoras na Gaeilge. Tháinig ‘an tSamhail Nua Mhaoinithe’ ar an tsaol d’aontaigh an Comhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT) in Nollaig 2009 go gcuirfear deireadh le bunmhaoiniú do 19 eagraíocht Ghaeilge ar fud na hÉireann ar mhaithe le ‘réasúnú’ agus ‘cost-éifeachtacht’. Bheadh áit do phobal na Gaeilge i scuaine na n-íobartach, i measc na cosmhuintire, a chinntigh talamh slán do bhaincéirí agus lucht mór-chearrbhachais eacnamaíochta. Tiomnaithe ag cur chuige nua-liobrálach a bhunaigh an Thatchereachas, rinneadh neamhaird ar athbheochan agus claochlú pobail agus ina n-áit leagadh béim ar ‘spriocanna feidhmíochta’, ‘targaidí’, ‘torthaí’ agus araile. Dearcadh gearrthréimhseach in áit físe leanúnaí. Figiúirí in áit daoine. Cost-éifeachtúlacht in áit seirbhísí.

Ainneoin gur ghlac an próiseas ar fad 5 bliana le gur bhain sé críochchluiche amach, níl amhras ach gur fágadh nimh, scoilteanna fad-téarmacha agus smál buan i mórphobal na Gaeilge mar iarsma don phróiseas seo. Cailleadh eagraíochtaí agus an taithí fhadbhunaithe  a bhí ag lear mór díograiseoirí sa phróiseas seo a chríochnaigh leis an 6 cheanneagraíocht reatha agus 20% bainte ón Scéim Phobal Gaeilge a chuir acmhainní ar fáil do ghrúpaí pobalbhunaithe ag obair ar an talamh. Ar an lámh eile, áfach, bhí feasacht ag tógail i measc an phobail go raibh cultúr feachtasaíochta agus stocaireachta le forbairt ón bhun aníos chun guthanna a ardú, cearta a éileamh agus seirbhísí a thógail.

Cultúr feachtasaíochta ag forbairt

Léiríodh teorainneacha an fheidhmeannais roinnte cumhachta ag Stormont i gcúinsí saoithiúla i mBéal Feirste nuair ab éigean do Choláiste Feirste (a d’athraigh a ainm ó Mheánscoil Feirste in 2005), a bhí anois ar an Ghaelcholáiste is mó ar an oileán le timpeall 700 dalta, cás cúirte a ghlacadh in aghaidh Aire Oideachais de chuid Sinn Féin mar gheall ar séanadh seirbhísí taistil.

Baineadh úsáid as dualgas reachtúil an Chomhaontaithe sa chúirt don chéad uair leis an chás bus is rinne an Roinn Oideachas argóint shuarach gur sprioc ‘aspirational’ a bhí  sa dualgas nach mbeadh orthu gníomhú air. D’easaontaigh an Breitheamh Treacy leo agus rialaigh sé ar son Choláiste Feirste i gcinneadh stairiúil a dhearbhaigh go raibh ‘practical consequences and legislative significance’ le bheith ag an dualgas céanna’. Os a choinne sin, trí bliana i ndiaidh an cháis chúirte ar an cheist taistil, bhí cluas bhodhar á tabhairt go fóill don scoil chomh maith le tuistí Gaelscoile agus a gcuid ceart. Bhí pobal na Gaeilge ag foghlaim go gasta nach dtiteann athruithe dearfacha ón spéir agus gur gá feachtasaíocht a dhéanamh ar a son. D’fhorbair an chéad Lá Dearg ón tuiscint seo in 2014 a léirigh gur féidir cumhacht rannpháirteach, orgánach teacht ó shlógadh phoiblí a thugann úinéireacht don mhórphobal ar chúis na Gaeilge. Bhí an feachtas ‘Tuistí an Tuaiscirt’ le haghaidh seirbhísí bus agus Gaelcholáiste Dhoire chun tosaigh ar an Mhórshiúl Dhearg agus d’éirigh leo an brú cuí a chur ar an Roinn Oideachais le gur bhain siad a gcuid cearta amach fá dheireadh 2014.

Thóg seo dlúthpháirtíocht a d’fhorbair luachanna pobalbhunaithe agus scileanna eagrúcháin a rinne polaitiú fadtéarmach ar dhaoine mar shaoránaigh le cearta sa tsochaí s’againne. Tógadh caidrimh láidre, forbraíodh tograí pobail úrnua, tuilleadh agóidí, osclaíodh díospóireacht ar bhealaí úra chun cinn, agus d’fhás tuiscint gur féidir linn difear a dhéanamh agus athruithe a bhaint amach. Is suntasach fosta gur leag seo dúshraith don leagan i bhfad níos cuimsithí, níos leithne agus níos cumhachtaí don fheachtas Dearg a tháinig dhá bhliain ina dhiaidh leis An Dream Dearg.

Glór na Móna agus Claochlú Pobail

Sna blianta céanna, bhí grúpaí Gaeilge ábalta leas iontach éifeachtach a bhaint amach as maoiniú an Chiste Infheistíochta Gaeilge a d’eascair as an socrú a rinne na Páirtithe Polaitíochta ag Hillsborough in 2010. Tugadh 8 milliún do Chiste is 12 mhilliún don Chiste Craoltóireachta Gaeilge. Chiallaigh an t-airgead seo go dtiocfadh le grúpaí cosúil linn féin ag Glór na Móna cur isteach ag 50% do chostais chaipitil ar fhoirgneamh a thug cumas dúinn maoiniú meaitseála a tharraingt isteach. Thug seo an deis dúinn foirgneamh s’againn féin a thógáil le Gaelionad Mhic Goill a d’oscail muid in Meán Fómhair 2016 le freastal ar Phobal na Gaeilge san Uachtar Chluanaí. D’ainmnigh muid an foirgneamh in ómós don ailtire Sheán Mac Goill, fear de bhunadh na Carraige Báine, a thóg Gaeltacht Bhóthar Seoighe is na comharchumainn i mBaile Uí Mhurchú sna 70óidi. Léirigh seo oidhreacht stairiúil s’againn a mhúnlaigh an fís fuascailteach céanna a leanaimid.

In 2009, d’aithin muid an obair óige mar bhearna mhór san athbheochan teanga agus thosaigh muid ag gníomhú chun seo a líonadh. Mheall muid na daoine cuí agus bhunaigh muid 5 chumann óige Gaeilge bhuanna fud fad na cathrach, agus anois tá 23 ball foirne againn ag obair go páirtaimseartha agus ag seachadadh seirbhís den scoth don 450 daoine óga atá ag freastal ar an tseirbhís seo ar feadh na seachtaine. Agus tá pleananna móra againn ag suí leis an Roinn Oideachais anois le haghaidh foirgneamh breise sáintógtha óige, béal dorais leis an Ghaelionad.

Is úsáid shóisialta na teanga ar chuir muid béim air chun bealtaí úra a aimsiú chun tum-úsáid na Gaeilge a normalú, más Suí is Scíth do pháistí, ár gcumainn óige, cumann rothaíochta, Féiltí, nó ár gcumann Lúthchleas Gael úr Laochra Loch Lao a bhunaigh muid mar chumann scartha in 2017. Feictear dúinn go bhfuil muid ag cothú infreastruchtúr buan teanga don ghlúin atá le theacht a chinnteoidh pobal labhartha inmharthana in Iarthar na Cathrach. Tá cur chuige s’againn bunaithe ar chomhpháirtíochtaí a thógáil le grúpaí eile seachas bheith ag obair inár silos féin. Tháinig an stádas mar Líonra Gaeilge do Ghaeltacht Iarthar Bhéal Feirste agus an plean teanga 7 mbliana a bhfuil muid ag obair air ón mheitheal comhpháirtíochta seo agus tá muid ag dúil le tógáil ar an chur chuige comhtháite, páirtíochta seo.

Tuigtear dúinn nach í cúrsaí cumarsáide agus cumas teanga an t-aon cloch amháin ar ár bpaidrín. Is saoirse an duine aonair, agus cumhachtú pobail ón bhun aníos atá mar bhunchloch againn. Tuigimid nach féidir seo a dhéanamh gan fealsúnacht radacach, ionraice a aithníonn nach féidir linn pobail a chumhachtú gan dul i ngleic le héagothromas sa tsochaí.

Tá muid ag feidhmiú agus ag maireachtáil i bpobal atá ag fulaingt de bharr míbhuntáistí suntasacha soch-eacnamaíochta agus pobal a bhí faoi léigear ag 30 bliain de fhorlámhas Arm na Breataine agus na scuideanna marfacha dílseacha – pobail a d’fhulaing an oiread is mó sa chogadh ach a bhain an méid is lú ón tsíocháin.

Seo ceann do na fáthanna a bhfuil Glór na Móna tiomanta don oideachas pobail, stair na hÉireann agus an pholaitíocht trí chéile. Tagann cumhacht ón eolas agus feasacht chruinn fán chomhthéacs ónár eascair muid agus múnlaíonn muid na píosaí is spreagúla ón stair leis an am i láthair agus na blianta amach romhainn a mhúnlú agus a shealbhú don phobal féin. Páirteachas, polaitíocht agus pobal atá mar eochairfhocail na heagraíochta agus nuair a deir muid polaitiúil, níl muid ag caint ar an pholaitíocht pháirtí chúng, ach a mhalairt ar fad agus muid ag athshealbhú an tsainmhínithe is leithne don fhocal.

Agus is cearta, comhionannas agus ceartas sóisialta atá mar thosaíocht ag an fhealsúnacht seo agus is an tiomantas céanna a mhúnlaíonn gluaiseacht na Gaeilge ó thuaidh. Seo an fáth go bhfuil Glór na Móna i gcroílár an Dream Dearg agus an feachtas ar son Cearta, Cothromas agus Cóir ó thuaidh.

Bhí feachtas An Dream Dearg fréamhaithe sna hionsaithe leanúnacha a rinne polaiteoirí agus Áirí Aontachtacha ar phobal na Gaeilge in 2015-16 agus an cinneadh samhnasach chun sparánachtaí Gaeltachta Líofa a chíoradh i rith na géarchéime maidir le caimiléireacht pholaitiúil RHI I mbarr a réime. Thug an t-imeallú, idirdhealú agus leatrom an deis dúinn glúin úr díograiseoirí a eagrú agus a pholaitiú ar stair agus tábhacht na teanga gan trácht ar chearta daonna i gcoitinne. Tógadh an ghluaiseacht shóisialta is rathúla agus is glórmhara ó thuaidh le glúin iomlán nó níos mó agus d’éirigh leis an fheachtas ceist na Gaeilge a bhrú chuig croílár an dioscúrsa polaitiúla ó thuaidh.

Mhothaigh pobal Ghlór na Móna leatrom an stáit sheichtigh in Mí an Mhárta 2017 nuair a chinn an tÚdarás Oideachais timpeall 45 míle punt do mhaoiniú óige a bhaint ó Ghlór na Móna. Chaill muid ceathrar ball foirne agus b’éigean dúinn doirse ceithre chumann óige a dhruidim thar oíche. Ach bhí frithghníomh fíochmhar agus tonn dhearg ann láithreach. Shocraigh déagóirí ár gcumainn óige cruinniú poiblí, pacáilte le 500 duine trí lá ina dhiaidh. Bhí agóid stairiúil ‘suí isteach’ againn dhá lá ina dhiaidh sin i gceanncheathrú an údaráis oideachais a d’athraigh dearcaí láithreach. Chuaigh siad ó neamhaird a dhéanamh orainn chuig an phointe gur éiligh siad cruinniú linn, a stiúraigh na daoine óga féin, agus thug siad an maoiniú ar fad ar ais dúinn agus d’aontaigh siad maoiniú breise a thabhairt dúinn ar a bharr sin.

Léirigh seo dár ndaoine óga agus an Dream Dearg go n-oibríonn an fheachtasaíocht féin-eagraithe agus gur féidir le cumhacht an phobail an domhan thart orainn a athrú. Chun seo a dhéanamh mar is ceart, áfach, d’fhoghlaim muid go bhfuil an t-aistear chomh tábhachtach leis an sprioc. Go gcaithfear caidrimh mhacánta a thógáil le daoine agus spiorad dearfach, comhpháirtíochta a chothú agus a spreagadh i dtólamh. D’fhorbair tuiscint sa phobal go bhfuil géarghá le cur chuige glórmhar feachtasaíochta a chruthaíonn an t-éileamh poiblí do na hacmhainní atá muid i dteideal. Ar an lámh eile, léirigh eispéaras s’againn go soiléir nach féidir bheith spléach ar an stát agus gur ghá ár seirbhísí is infrastruchtúir féin a thógáil. Is dócha gurb iad seo na ceachtanna is mó óna forbairtí is tábhachtaí a pléasc ón bhun aníos sa 20 bliain a chuaigh thart.

Is doiligh a shéanadh go bhfuil éachtaí bainte amach ag Gaeil na cathrach seo le blianta beaga anuas. Is mar gheall ar dhíograis is tiomantas fadtéarmach na nGael, a thóg pobail agus a chothaigh an t-éileamh d’infrastruchtúir na teanga, gur mealladh na milliún punta in infheistíocht chaipitil. Feictear na buanna seo sa Chultúrlann úr; foirgneamh úr gleoite Raidió Fáilte; tógáil Spórtlann na hÉireann agus síneadh úr Choláiste Feirste ar shuíomh Ard na bhFeá; maisiú Áras Mhic Reachtáin ar Bhóthar Aontroma; tógáil Ionad na Fuiseoige i gCill Uaidh; Cumann Chluain Árd úrnua in Sráid na Scéithe; Gaelionad Mhic Goill san Uachtar Chluanaí; agus Áras na bhFál atá le hoscailt sa bhliain úr is a fheicfidh státseirbhísí na Gaeilge ag bogadh ó lár an bhaile chuig an Cheathrú Ghaeltachta.

An dúshlán atá romhainn ná achmhainní cuí a aimsiú a bhuanaíonn na hionaid iontacha seo fríd costaisí reachtúla; ioncam reatha agus maoiniú do bhall foirne le tuarastail chuí chun freastal ar an phobal. Ní mór dúinn scéim mheantóireachta agus chumasaithe a fhorbairt a chinntíonn go bhfuil muid ag tabhairt na scileanna agus an spreagadh ceart don chéad ghlúin eile do cheannairí a líonfaidh na postanna ríthábhachtacha seo san athbheochan pobalbhunaithe teanga. Sa chaoi seo, beidh dúshláin mhóra ar na húdaráis, Foras na Gaeilge san áireamh, fís agus uaillmhian an phobail a mheaitseáil sa tréimhse amach romhainn.

Ar ndóigh, is léir gur gá do ghluaiseacht agus díograiseoirí bheith cruthaitheach, straitéiseach agus pragmatach chun cuspóirí a bhaint amach. Mar a deir Fran Buntman, ‘resistance is not simply about saying no, reacting, refusing, resisting, but also and primarily about social creativity, introducing new values and aims, new forms of co-operation and action’. Cinnteoidh seo cur chuige solúbtha a dhearbhaíonn gníomhachas radacach ón bhun aníos agus a thugann cosaint do ghluaiseacht na teanga ó bhogásacht agus institiúidiú sna blianta amach romhainn.

Show More

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Back to top button