GLÓR NA MÓNA AG CRUTHÚ NASCANNA LEIS AN RIALTAS

Briseadh talamh úr an tseachtain seo caite nuair a thosaigh múinteoir ón ghrúpa pobail Glór na Móna ag teagasc Gaeilge dífhostaithe an rialtais i mBéal Feirste.
Thosaigh Máitiú Mac Giolla Fhiondáin, mhúinteoir leis an ghrúpa cultúrtha, ag teagasc na ranganna seachtainiúil do na hoibrithe ón Roinn Forbartha Réigiúnaí le linn a shosa lóin an Chéadaoin seo caite.
Tá an Roinn Forbartha Réigiúnaí ar cheann de 11 ranna rialtais sna sé contae. I measc phríomhfheidhmeanna na Roinne, tá pleanáil straitéiseach réigiúnach agus beartas forbartha, straitéis iompair, obair bheartais agus thacaíochta áirithe d’aerfoirt agus do chalafoirt mhara.
Is í Glór na Móna an eochair-eagraíocht Gaeilge a fheidhmníonn chun an Ghaeilge agus saol na nGael a chur chun cinn in Uachtar Chluanaí in iarthar Bhéal Feirste.
Tá níos mó ná 150 daoine cláraithe sna ranganna a réachtáil an ghrúpa. Ní amháin ranganna Gaeilge ach rang staire do dhaltaí A- Leibhéail, rang mata agus rang giotáir agus iad uilig trí mheáin na Gaeilge.
Agus anois tá dul chun cinn déanta ag an ghrúpa, a bunaíodh i 2004, i lár na cathrach i mBéal Feirste chomh maith. Tá thart fá 20 duine cláraithe do dhá rang leis an Roinn Forbartha Réigiúnaí.
Dúirt an mhúinteoir Máitiú Mac Giolla Fhiondáin go dtaispeánann na ranganna cé chomh tábhachtach is atá an teanga i saol na ndaoine sa lá atá inniu ann.
“Tá sé an-tábhachtach go bhfuil Glór na Móna ag fáil an deis seo an teanga a
scaipeadh sna ranna rialtais seo agus go bhfuil muid ag scaipeadh an teanga fríd an chathair.
“Mar gheall air seo, beidh i bhfad níos mó buntáistí ag An Roinn Forbartha
Réigiúnaí go háirithe nuair a thagann Acht na Gaeilge isteach. Beidh an teanga ag na hoibrithe agus beidh an Roinn ábalta an Ghaeilge a chur ar fáil.”
Faoi lathair, tá Gaeilge le feiceáil ar shuíomh na Roinne. Féach www.drdni.gov.uk/index/gaeilge.htm
Is as Ard Eoin an mhúinteoir Maitiú Mac Giolla Fhiondáin ó dhúchas agus
d’fhoghlaim sé a chuid Gaeilge sa Chumann Chluain Ard in iarthar Bhéal Feirste.
Chomh maith leis na ranganna seo, tá Máitiú ag teagasc Gaeilge do na hoibrithe Royal Mail i Maigh Bhloisce, Co. Aontroma le linn am lóin gach Máirt agus ranganna don mhórphobal i nGaelscoil na Móna, Lóiste na Móna, gach oíche Luain agus Mháirt.
Dar le cathaoirleach Glór na Móna, Feargal Mac Ionnrachtaigh go bhfuil siad ag baint úsáid as na ranganna chun ardán a thabhairt don saibhreas cultúrtha atá ag an tír seo.
“Tá níos mó daltaí cláraithe ag Glór na Móna ná riamh agus ciallaíonn sin go
bhfuil an teanga níos laidre i gcathair Bhéal Feirste agus na ceantair máguaird.
“Is eagraíocht í Glór na Móna a chreideann go mór i bpáirtíocht le grúpaí
éagsúla sa cheantar chun úinéireacht na Gaeilge a leathnú amach chomh fada agus is féidir.
“Oibríonn Glór na Móna ar dhá leibhéal, ag cur na Gaeilge chun cinn fríd ár n-imeachtaí cultúrtha agus ag forbairt seirbhísí do phobal na Gaeilge. Tá an teanga ann le do dtig le gach duine í a úsáid, a fhoghlaim agus a chur
chun cinn. Tapaigh an deis!
Má tá suim ag eagraiocht s’agatsa rang Gaeilge a reáchtáil, gabh i dteagmháil le eolas@glornamona.com nó cuir scairt ar Fhionnuala Nic Thom ar (028) 90 585755