GinearáltaImeachtaíLéachtaí Pobail

Glórtha Ciotacha

Ag Samhlú Domhan Úr

Tá Glór na Móna ag déanamh sraith úr de chainteanna agus agallaimh eisiacha dar teideal ‘Glórtha Ciotacha’ fríd zoom le haíonna iomráiteacha a bhfuil saineolas acu sa stair, sa pholaitíocht, san fhealsúnacht, sa tsochtheangeolaíocht agus araile.

Is é an sprioc leis an tsraith seo ná:

Forbairt phobail agus cleachtas sa rannpháirteachas dhaonlathach a éascú a chuimsíonn plé agus díospóireacht chruthaitheach chuiditheach fheasach ag leibhéal an phobail. Tá sé d’aidhm againn an chosmhuintir s’againn a spreagadh maidir le ceisteanna fán stair, fán pholaitíocht agus fán cheartas shóisialta ar bhealach a chothaíonn tuiscint níos leithne fán stair agus fán tsochaí le do dtig linn fás mar phobal agus todhchaí níos daonna agus níos cothroime a shamhlú.
Creideann muid gur oscail spás sainiúil mar gheall ar an ghéarchéim Covid-19 le haghaidh athmhachnamh criticiúil agus chun smaointe útóipeacha a chíoradh agus a phlé sa tuiscint gur féidir agus gur chóir teacht ar bhealaí malartacha le bheith ag maireachtáil agus ag reachtáil na sochaí s’againn ar bhealach níos cothroime agus níos inmharthana sa tréimhse amach romhainn.

Clár 2020 ar fáil anseo!

Show More

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Back to top button