Grúpa Óige agus Pobail Iarthar Bhéal Feirste réidh don Bailiú Airgid i Nua-Eabhrac ar an 5ú Meitheamh
Tá gairm tugtha do phobal Gael-Mheiriceánach Nua-Eabhrac tacú le ionad óige Ghaelach agus pobalbhunaithe chun an bhearna maoinithe caipitil a líonadh

Tá eagraíocht cheannródaíoch óige agus pobail i gceantar Bhaile Uí Mhurchú in Iarthar Bhéal Feirste, Glór na Móna, ag tabhairt a gcuid oibre ar aghaidh go dtí na Stáit Aontaithe le tiomantas speisialta i Rosie O’Grady’s i Manhattan Déardaoin, an 5ú Meitheamh. Is eagraíocht bhuaiteach í Glór na Móna dírithe ar chumhachtú pobail a bhfuil cáil idirnáisiúnta uirthi mar ghréasán bríomhar óige agus atá ag obair chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa saol laethúil agus dul i ngleic le fréamhacha an tráma trasghlúine agus an bhochtanais struchtúraigh.
Tá Glór na Móna i mbun obair óige trí mheán na Gaeilge do na céadta duine óg faoi mhíbhuntáiste gach seachtain, chomh maith le forbairt eacnamaíoch áitiúil, oideachas pobail, agus feachtas An Dream Dearg ar son Acht Gaeilge i dTuaisceart Éireann. Tá an eagraíocht lárnach i ngréasán eagraíochtaí atá dírithe ar athbheochan eacnamaíoch agus teanga, agus tá uachtaránacht Chonradh na Gaeilge acu faoi láthair.

Ag tógáil ar an obair in nGael-Ionad Mhic Goill a tógadh i mBaile Uí Mhurchú in 2016, tá tionscadal nua Croí na Carraige beartaithe acu – ionad ilchuspóireach óige, pobail, teaghlaigh agus oidhreachta ar an talamh folamh in aice leis an ionad reatha.
Ag labhairt faoin fheachtas bhailiúcháin, dúirt bunaitheoir Ghlór na Móna agus Uachtarán nua Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin:
“Tá cead pleanála againn ionad óige, pobail agus oidhreachta a thógáil – Croí na Carraige. Tá £1 milliún faighte cheana féin, £500,000 ó Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste atá in úinéireacht na talún, agus foireann deartha ar fáil. Tá maoiniú againn freisin ó Chiste Infheistíochta Gaeilge agus ó Chiste Oileán Comhroinnte. Tá Céim a hAon den fhoirgneamh ag teacht isteach ag thart ar £1.6 milliún, mar sin tá £600,000 in easnamh orainn.

“Dúirt na ranna rialtais i gComhrialtas Stormont atá faoi smacht pholaitíocht an Aontachta nach bhfuil airgead ar bith acu, ach creidimid go bhfuil an t-airgead ann dá dtabhrfadh na daoine atá i gcumhacht tús áite dár ndaoine óga. Ní raibh an dara rogha againn ach feachtas bailiúcháin s’againn féin a sheoladh chun brú a chur ar Mheiriceánaigh Ghaelacha chun cuidiú linn ár bhfís a bhaint amach do dhaoine óga Iarthar Bhéal Feirste. Tá muid ag glaoch ar phobal Gael-Mheiriceánach Nua-Eabhrac tacú lenár n-ócáid bhailithe airgid i Rosie O’Grady’s ar an 5ú Meitheamh.

“Beidh Paul Maskey, MP Shinn Féin d’Iarthar Bhéal Feirste, agus an láithreoir teilifíse agus ceoltóir cáiliúil Doireann Ní Ghlacáin i láthair, agus osclóidh an ceoltóir cumasach as Brooklyn, Chris Byrne, an ócáid le ceol.
“Maidir le Glór na Móna, tá muid fréamhaithe sa fhealsúnacht réabhlóideach atá le fáil i ndictum cáiliúil Bhóthar Seoighe: ‘Ná habair é, déan é’. Seachas ag fanacht ar eagraíochtaí stáit, shocraigh muid ár bhfeachtas bailiúcháin féin a sheoladh chun an bhearna maoinithe a líonadh. Tá muid thar a bheith buíoch d’Irish Echo, Power Sustainable, Fine Construction, Silvercrest, O’Cathain Law Group agus an AOH as ucht a dtacaíocht go dtí seo. Fáiltímid roimh aon chineál tacaíochta a chuideoidh linn Croí na Carraige a fhíorú.”
Ag labhairt roimh na hócáide i Manhattan, dúirt Paul Maskey, MP Shinn Féin do Iarthar Bhéal Feirste:
“Creidimid go mbeidh an tionscadal ceannródaíoch seo ina thionscadal pobail teanga den scoth a thiocfaidh chun cinn mar shampla den dea-chleachtas maidir le forbairt phobail teanga mionlaigh ar bhonn gréasáin, a thabharfaidh spreagadh náisiúnta agus idirnáisiúnta dóibh siúd atá ag obair sa réimse seo. Mar Theachta Parlaiminte do Iarthar Bhéal Feirste, chonaic mé go pearsanta an tionchar dearfach atá ag Glór na Móna ar shaol na ndaoine óga go háirithe sa phobal agus an tionchar atá aige ar an ghluaiseacht athbheochana teanga. Tacaímid go hiomlán le spriocanna thionscadail chaipitil Croí na Carraige agus táimid ag dúil go mór le bheith ag obair le Glór na Móna chun é a fhíorú.”

Is féidir ticéad a cheannach don bailiú airgid anseo
Tuilleadh eolais, teagmháil:
Feargal Mac Ionnrachtaigh, Stiúrthóir Ghlór na Móna
feargal@glornamona.com





