Ginearálta

£2000 bailithe ag pobal Ghlór na Móna don ghníomhaireacht UNWRA

Bailíodh an t-airgead ag Scoil Gheimhridh Uí Chadhain agus imeachtaí ar na mallaibh ar son na Palaistíne in Iarthar Bhéal Feirste do UNWRA, gníomhaireacht an-tábhachtach do mhuintir na Palaistíne agus é ‘faoi ionsaí fíochmhar ag Iosrael agus rialtais an Iarthair’ i rith an tslada ar an Phalaistín

D’eagraigh pobal Ghlór na Móna ceolchoirm ar son na Palaistíne i mí Eanáir, mar chuid de Scoil Gheimhridh Uí Chadhain, agus bailíodh airgead le tacú le muintir na Palaistíne. Díoladh amach an cheolchoirm ina raibh cuid de na ceoltóirí Gaelacha is fearr in Éirinn ar nós Fergus Ó hÍr, Gráinne Holland, Edel Ní Churraoin, Niamh Nic Ionnrachtaigh, Conor Caldwell, Stiofán Loughran, Brendan Kerr, Torby ag seinm saor in aisce ar son na Palaistíne.

Fergus Ó hÍr ag seinm ag an cheolchoirm díolta amach ar son na Palaistíne. Grianghraif le Bayview Media.

Lean Glór na Móna ar aghaidh ag bailiú airgid i ndiaidh na ceolchoirme chun sprioc de £2000 a bhaint amach. Mar gheall ar na scéalta is déanaí gur ghearr rialtais an Iarthair a maoiniú ón United Nations Relief and Works Agency for Palestine Refugees in the Near East (UNWRA), gníomhaireacht a dhéanann obair chinniúnach chun cosaint a thabhairt do mhuintir na Palaistíne, chinn Glór an £2000 a chuir chucu an mhí seo caite.

Bhain rialtais Mheiriceá, an Ghearmáin, an Ríocht Aontaithe, Ceanada, an Astráil agus an Iodáil – tacadóirí is mó de chuid an Iosrael – i measc tíortha eile a gcuid maoiniú nó 667.2 milliún dollar san iomlán ó UNWRA i ndiaidh líomhaintí gan bunús ó rialtas Iosrael go raibh oibrithe UNWRA páirteach sna hionsaithe ar Iosrael.

Khalid El-Alstal le foireann Ghlór na Móna. Is as Gaza do Khalid agus sheas sé sa ghrianghraif do dheonú UNWRA chomh maith. Grianghraif le Mal McCann.

Tógann UNWRA scoileanna, ospidéil agus go leor áiseanna práinneacha atá de dhíth ar mhuintir na Palaistíne, agus mar gheall ar na ciorruithe ollmhóra seo ó rialtais an Iarthair bhí UNWRA ar tí druidime. Ní hé seo an chéad ionsaí de chuid Iosrael ar an ghníomhaireacht thábhachtach seo, óir scrios arm Iosrael níos mó ná 150 áis UNWRA ó thús mhí Dheireadh Fómhair 2023.

Is as an Gaza dár gcara mór Khalid El-Alstal, sna grianghraif thuas, agus sheas sé sa ghrianghraf don deonú s’againn ar son UNWRA ar an 15ú Márta 2024. D’ullmhaigh Khalid an bia do Lón Mór Pobail Ghlór na Móna mar bhailiú airgid do chara Khalid, Refat Abu Shab, fear atá gafa i nGaza go fóill agus a mharaigh arm Iosrael a theaghlach. Bhailigh muid níos mó ná £200 do Refat, agus is féidir airgead a dheonú anseo.

Tacaíonn Glór na Móna le UNWRA agus an obair shuntasach a dhéanann siad ar son na Palaistíne. Is féidir airgead a dheonú don ghníomhaireacht anseo.

Show More

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Back to top button