FéiltíGinearáltaImeachtaíÓige

Imeachtaí Sheachtain na Gaeilge

Clár iomlán ag teacht go luath

Tá clár pacáilte d’imeachtaí curtha le chéile ag foireann Ghlór na Móna mar chuid de Sheachtain na Gaeilge agus Féile an Earraigh. Níos suntasaí arís, tá muid ag deánamh ceiliúradh ar Bhliain na Gaeilge i mbliana de thairbhe go bhfuil sé 125 bliain ó bunaíodh Conradh na Gaeilge agus gur cuireadh tús le hathbheochan teanga na linne seo. Ar bharr sin, tá muid ag deánamh ceiliúradh ar Féile 30 i mbliana fosta. Bunaíodh Féile an Phobail ag daoine agus gníomhaí áitiúla le chur chuige ón bhun aníos 30 bliain ó shin sa bhliain 1988 chun ardú feasachta agus ceiliúradh a dheánamh ar nádúr, tallann agus polaitíocht mhuintir an Iarthair de bharr slad na meáin ar ár bpobal tar éis Gibraltar agus na hiar-eachtraí.

Cuimsíonn ár gclár na himeachtaí seo ar fad agus muid faoi anáil buanna an chumhactú phobail, úinéireacht agus bróid fhéiniúlachta agus ceartas sibhialta le ceist na Gaeilge sa sochaí nua-aoiseach, polaitíocht ár bpobal idir mná, claonpháirteachas stáit agus an fhealsúnacht idirnáisiúnta mar aon le himeachtaí óige do ghaeil óga misniúla fud fad na cathrach.

Clár iomlán ag teacht go luath, coinnigh súil amach!

Show More

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Back to top button