Kneecap le seinm ceolchoirm charthanachta de chuid Fhéile an Phobail chun tacú le Glór na Móna
Tá Kneecap agus Féile an Phobail tar éis ceolchoirm charthanachta cheannródaíoch a fhógairt a bheidh ar siúl ar an 6 Lúnasa. Rachaidh dhá thrian den airgead a bhaileofar chuig Croí na Carraige, ionad nua óige agus pobail Ghlór na Móna.

Tá pobal Iarthar Bhéal Feirste ar bís leis an scéal eisiach go mbeidh Kneecap ag filleadh abhaile le haghaidh ceolchoirme mar chuid d’Fhéile an Phobail ar an 6 Lúnasa. Beidh an cheolchoirm charthanachta lán tí, agus rachaidh cuid mhór den airgead a bhaileofar chun tacú leis an athbheochan Ghaeilge atá fréamhaithe sa phobal. Is é Glór na Móna, an tionscadal óige agus pobail trí mheán na Gaeilge atá lonnaithe i mBaile Uí Mhurchú, príomhthairbhí na ceolchoirme. Tá an eagraíocht i mbun feachtais tiomsaithe airgid faoi láthair chun Croí na Carraige, áis nua saintógtha d’óige, don phobal agus don oidhreacht, a fhorbairt ar an suíomh.
Lonnaithe ar Bhóthar na Carraige Báine, tá dea-cháil bainte amach ag ionad reatha Ghlór na Móna, An Ghael-Ionad, ar fud na hÉireann agus go hidirnáisiúnta mar ionad pobail ceannródaíoch don athbheochan teanga ón mbun aníos, don oideachas criticiúil, don fheachtasaíocht ghníomhach, don obair óige trí mheán na Gaeilge, do chumhachtú pobail agus d’athghiniúint shóisialta agus eacnamaíoch i gceantar atá fós ar cheann de na ceantair is mó atá faoi mhíbhuntáiste sa stát.
Mar thoradh ar an bhfás agus ar an leathnú suntasach a éascaigh An Ghael-Ionad, tá géarghá anois leis an dara céim den fhorbairt chaipitil. Tá sé mar aidhm ag an tionscadal nua fís uaillmhianach na heagraíochta a chur chun cinn trí foirgneamh nua a thógáil ar an talamh folamh de chuid Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste atá suite díreach in aice leis an ionad reatha.
Tá maoiniú caipitil de £1.5 milliún faighte cheana féin ag an tionscadal, ar a dtugtar Croí na Carraige, ó Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste, ó An Chiste Infheistíochta Gaeilge, agus ó líon mór deontóirí forásacha sna Stáit Aontaithe agus i gCeanada a thacaigh leis an bhfeachtas tiomsaithe airgid i Meiriceá Thuaidh. Tá cead pleanála iomlán faighte don fhorbairt agus foireann deartha ceaptha chun an tionscadal a chur i gcrích. Mar sin féin, tá £500,000 fós de dhíth ar Ghlór na Móna sular féidir conraitheoirí a cheapadh agus tús a chur leis an tógáil.

Ag labhairt thar ceann Ghlór na Móna, dúirt cathaoirleach na heagraíochta, Conchúr Ó Muadaigh:
‘Is beag an cur síos é a rá go bhfuil muid ar bís leis an nuacht cheannródaíoch seo. D’eascair Kneecap as athbheochan pobail s’againn féin, agus tá muid thar a bheith buíoch agus mórtasach gur aontaigh siad tacú linn tríd an cheolchoirm iontach seo.
Tá scéal Kneecap fite fuaite le haistear Ghlór na Móna, agus mhúnlaigh na deiseanna óige, ceoil, féilte agus gníomhaíochta ar son chearta na Gaeilge a chruthaigh Glór na Móna agus An Dream Dearg Liam Óg, Naoise agus JJ ar bhealaí éagsúla. Rachaidh an síntiús stairiúil seo go díreach chuig Croí na Carraige, ár bpríomhthionscadal caipitil nua, a chothóidh ár ngluaiseacht athbheochana pobail don chéad ghlúin eile
Agus é tógtha, beidh Croí na Carraige ar an chéad ionad ilchuspóireach óige trí mheán na Gaeilge i stair an tuaiscirt. Cuirfidh sé baile buan ar fáil do dhaoine óga, do theaghlaigh, d’fhoghlaimeoirí, d’ealaíontóirí agus do ghníomhaithe pobail. Ag tráth a bhfuil an tionscadal beagnach réidh le tosú, cuideoidh an tacaíocht seo leis an bhearna mhaoinithe dheireanach a líonadh agus blianta d’eagrú pobail a iompú ina bhrící, ina mhoirtéal agus ina bhonneagar bhuan a chinnteoidh an todhchaí don chéad ghlúin eile de cheannairí óga.
Ní hamháin gur síntiús é seo; is infheistíocht oidhreachta é ó Kneecap ar ais isteach sa chosmhuintir a spreag agus a mhúnlaigh iad.’

Chuir Emma Ní Mhuireagáin, comhordaitheoir thionscadal óige Chumann Óige Uachtar Chluanaí de chuid Ghlór na Móna, leis na tuairimí sin nuair a dúirt sí:
‘Ar son gach duine i nGlór na Móna, ba mhaith linn míle buíochas a ghabháil le Kneecap as an cheolchoirm seo. Rachaidh an síntiús seo go mór chun cinn i dtacú linn ár bpríomhthionscadal caipitil trí mheán na Gaeilge, Croí na Carraige, a chur i gcrích.
Le bliain anuas, b’éigean dúinn ár bhfeachtas tiomsaithe airgid féin a eagrú mar gur chuir ranna rialtais in iúl dúinn nach raibh aon mhaoiniú ar fáil. Ní raibh ár ndaoine óga in ann fanacht níos faide, agus sin an fáth go bhfuil muid ag bailiú an airgid muid féin. Sheol muid ár bhfeachtas Ceannaigh Bríce, agus táimid faoi dhraíocht ag flaithiúlacht ár bpobail. Freastalaímid ar bhreis agus 200 Gael óg gach seachtain, ach níl na háiseanna atá againn faoi láthair sách mór chun freastal ar ár dtionscadail óige. Táimid ag sroicheadh ár dteorann.
Tá breis agus 28 mbliana caite ó síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta, agus tá ár ndaoine óga fós á mbrú isteach i seomraí réamhdhéanta sealadacha, gan mórán spáis fiú le hanáil a tharraingt. Tá easpa áiseanna agus spáis anseo ag cur bac mór ar fhorbairt ár ndaoine óga agus ar leathnú ár seirbhísí chun freastal ar a chuid riachtanas. Níl sé seo sách maith – ná baol air.
D’fhás mé féin agus Liam Óg aníos le chéile. D’fhreastail muid ar Bhunscoil an tSléibhe Dhuibh agus ar Choláiste Feirste le chéile, agus bhí muid beirt páirteach i gCumann Óige Uachtar Chluanaí nuair a bhí sé lonnaithe faoi Raffo’s ag barr Bhóthar na Carraige Báine. Chaith muid ár n-óige ag rith thart ar na sráideanna seo, agus nuair a bhí muid cúig bliana déag d’aois, thosaigh muid ár n-aistear mar cheannairí óige le Glór na Móna.

D’fhás mé féin agus Liam Óg aníos le chéile. D’fhreastail muid ar Bhunscoil an tSléibhe Dhuibh agus ar Choláiste Feirste le chéile, agus bhí muid beirt páirteach i gCumann Óige Uachtar Chluanaí nuair a bhí sé lonnaithe faoi Raffo’s ag barr Bhóthar na Carraige Báine. Chaith muid ár n-óige ag rith thart ar na sráideanna seo, agus nuair a bhí muid cúig bliana déag d’aois, thosaigh muid ár n-aistear mar cheannairí óige le Glór na Móna.
Bhí grá Liam Óg don Ghaeilge, don phobal agus do chruthú spásanna sóisialta dearfacha, cumasaithe do dhaoine óga lena dteanga a úsáid le feiceáil go soiléir fiú an uair sin, trí bliana déag ó shin, i bhfad sular bunaíodh Kneecap. Tá an tiomantas sin tagtha i gciorcal iomlán anois, agus Liam Óg agus Kneecap ag tabhairt ar ais don phobal a chothaigh agus a mhúnlaigh iad.
Chun tacaigh le Croí na Carraige a thógáil, Ceannaigí bhur dticéid Dé Luain seo chugainn, 13.07.26 nó Ceannaigh Bríce thíos!




