FéiltíGinearálta

Ardmhéara Tina Black – Seoladh Fhéile na Carraige

"Is suntasach bhur léiriú den tiomantas, clisteacht, is dúthracht trí bhunadh na heagraíochta, trí bhur gcláir éagsúla agus bhur n-áiseanna."

A Chairde,

Is mór an ónóir domhsa a bheith anseo inniu.

Is eagraíocht í Glór na Móna a bhfuil ard-mheas agam uirthi mar sholáthraí diongbháilte don phobal Gaeilge atá lonnaithe san Uachtar Chluanaí. Ba mhó an t-éacht ar baineadh amach siar i 2004 [bunadh na heagraíochta] agus na héachtaí eile ar baineadh amach ó shin mar thoradh na dúthrachta is díograise na heagraíochta seo.

Is suntasach bhur léiriú den tiomantas, clisteacht, is dúthracht trí bhunadh na heagraíochta, trí bhur gcláir éagsúla agus bhur n-áiseanna. D’fhás an eagraíocht ó 2009 chun freastal ar riachtanais an phobail thart orthu a d’fhorbair an t-éileamh ar obair óige trí mheán na Gaeilge. B’éacht ceannródaíoch é seo arís a bhfuil ballraíocht na céadta páistí agus soláthar cúig oíche sa tseachtain mar thoradh air. Is féidir le páistí teacht air réimse leathan de chláir le freastal ar a gcuid riachtanais.

Tuigim go bhfuil clár fhéile na bliana seo iomlán pacáilte le himeachtaí; turais stairiúla, léachtaí is cainteanna, léiriú scannáin, turais reilige agus tuilleadh eile. Páirteachas, polaitíocht, pobal, agus fáiltiú roimh chách.

Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis na daoine óga as timpeallacht spleodrach a chruthú anseo, as do ghníomhaíochas agus as bhur nguthanna nár chaill sibh riamh.  Tá na háiseanna anseo ar fheabhas, ach léiríonn an mhéid a úsáidtear iad agus an freastal achan oíche go bhfuil fás de dhíth gan amhras.  Tá éileamh soiléir ann d’áis eiseamláireach trí mheán na Gaeilge mar a léirigh an eagraíocht sa suirbhé cuimsitheach agus comhairliúchán leanúnach.  Tá an áit lonnaithe soiléir agus tacaíonn 98 faoin chéad leis an togra.  Is mithid go n-éisteann gníomhaireachtaí tacaíochta leis na guthanna seo.  Tá Glór na Móna fós ag éagsúlú, ag cruthú naisc fud fad ár gcathair álainn, ar thús cadhnaíochta ag tiomáint clár chearta chun tosaigh.  Go raibh maith agat as seo.

D’aithin mé go raibh Dáithí Mac Gabhann le feiceáil in bhur gclár.  B’aoibhinn liom ag bualadh leis an fhear é féin.  Tá muid díreach i ndiaidh cuimhneachán báis a sheanmháthair ionúin Frances a dhéanamh.  Caithfidh go raibh an-bród ar Frances as a teaghlach níos leithne, an dul chun cinn déanta maidir le feasacht ar dheonú orgáin agus athrú reachtaíochta dá bharr.  Mar sin de, gabhaim buíochas le Máirtín, Seph agus ar ndóigh Dáithí, gan dearmad a dhéanamh ar a shiblín galánta.  Sheas rud amháin dom nuair a chas mé orthu, misneach umhal.  Clann álainn, díograiseach, cróga.  Cosúil le clann Ghlór na Móna.  Lán le misneach agus díograis.  Le bhur dtoil, bíodh féile den scoth agaibh agus go raibh míle maith agaibh as gach rud ar bhain agus a bhainfidh sibh amach.

Show More

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Back to top button