Ginearálta

An Turas Teaghlaigh go Páirc Foraise Chaisleán Uidhilín

Chaith 40 deagoirí, paistí, tuismitheoirí agus ceannairí ón Chumann Óige Uachtar Chluanaí lá galanta i bPáirc Foraise Chaisleán Uidhilín ag an deireadh seachtaine.

Reachtail Glór na Móna agus Cumann Óige Uachtar Chluanaí Lá Spraoi Teaghlaigh ar an Sathairn seo caite [2 Deireadh Fomhair] seans a thabhairt do na daoine óga am a chaitheadh le chéile i gcomhtheacs sóisialta.

Deis iontach am a chaitheadh taobh amuigh den chathair, dar le Caitlín Ní Chathail, ceannaire óige an cumainn.

“Bhí an lá ar dóigh agus bhí achan duine ar bís faoi, go háirithe na tuismitheoirí,” arsa sí. “Tá aithne mhaith agam ar an cheantar – tá loch deas ann, coill galanta agus a lán rudaí le déanamh.

“Chaith muid an lá ag curachóireacht, ag boghdóireacht agus ag foghlaim scileanna maireachtála fosta.”

Tosnaíonn Cumann Óige Cluanaí athuair ar an Déardaoin seo, 7 Deireadh Fómhair i gCumann Óige Tríonóid Naofa ar 4.30i.n agus críochnaíonn sé ar 6.30i.n.

Beidh oibrithe óige cáilithe ar an suíomh a bhéas ag comhordú roinnt imeachtaí agus turasanna sna seachtainí agus míonna amach romhainn.

Tá an cumann dírithe ar dhaltaí Gaelscoile Uachtar Chluanaí mar atá, Gaelscoil na Móna, Bunscoil an tSléibh Dhuibh agus Coláiste Feirste, tá sé oscailte ag daltaí idir 7 agus 12 agus tá sé saor in aisce. Clárófar páistí mar bhaill an chumainn ar an Déardaoin.

Tá Glór na Móna ag soláthar séirbhísído dhaoine óga an uachtar chluanaigh le roinnt blianta anuas. Tuigtear gurb iad na daoine óga seo todhchaí na teanga sa cheantar agus cuirtear béim ar spreagadh agus spraoi trí Ghaeilge a chur ar fáil dóibh ar shlite éagsúla.

Tá clár cuimsitheach curtha le chéile ag Glór na Móna seo do na daoine óga sa cheantar agus tá siad an-buíoch as gach éinne a thug cabhair agus cuidiú don chumann go dtí seo go speisialta an Bhórd Leabhairlainne agus Foras na Gaeilge.

Agus má tá suim agat a bheith i do bhall de Chumann Óige Uachtar Chluanaí,  seol riomh-phost chuig eolas@glornamona.com nó gabh chuig an Chumann Óige Tríonóid Naofa, 30 Norglen Gardens, an Deardaoin beag seo.

Show More

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Back to top button