Ginearálta

Líonra Iarthar Bhéal Feirste Tús le cur i bhfeidhm plean teanga ceannródaíoch den chéaduair in Iarthar Bhéal Feirste

 

I ndiaidh próiseas cuimsitheach le plean teanga a ullmhú, le taighde ar bhonn áitiúil agus comhairliúchán leis an phobal, tá stádas oifigiúil bainte amach ag Iarthar Bhéal Feirste mar líonra Gaeilge. I gcomhar le ceithre líonra eile sa tír, seo é an chéad uair a bronnadh stádas oifigiúil ar áit taobh amuigh den Ghaeltacht mar gheall ar úsáid agus láidreacht na Gaeilge sa cheantar.

Leis an stádas seo mar líonraí Gaeilge tagann infheistíocht thar thréimhse seacht mbliana le plean teanga a chur i bhfeidhm sa cheantar, rud a chiallaíonn go bhfostófar comhordaitheoir pleanála teanga le bearta an phlean teanga a chur i bhfeidhm agus le bheith ag comhoibriú le heagraíochtaí eile sa cheantar leis an Ghaeilge a neartú agus a chur chun cinn.

Tá pobal na Gaeilge in Iarthar Bhéal Feirste ag dul ó neart go neart le caoga bliain anuas agus is céim eile san athbheochan sa cheantar an t-aitheantas seo mar líonra Gaeilge. Is é an eagraíocht óige agus phobail Glór na Móna atá mar cheanneagraíocht ar an phróiseas seo, agus iad ag obair in éineacht le coiste stiúrtha atá ionadaíoch ar mhórcheantar Iarthar Bhéal Feirste.

Ag caint dó thar ceann an choiste stiúrtha do líonra Iarthar Bhéal Feirste, dúirt cathaoirleach an choiste stiúrtha áitiúil, an Dr Pádraig Ó Tiarnaigh, ‘Tá muid plé le coincheap an líonra pleanála teanga d’iarthar Bhéal Feirste ó bhí 2015 ann agus tá muid ar bís anois go bhfuil an maoiniú faighte sa deireadh thiar thall agus tionscadal ag bogadh chun cinn. Tá clú agus cáil ar Ghaeltacht Bhéal Feirste fud fad na tíre mar shampla cumhachtach den athbheochan phobalbhunaithe uirbeach. D’eascair an réabhlóid chultúrtha phobalbhunaithe seo ó éacht cheannródaíoch Bhóthar Seoighe a leag síos síol na hathbheochana níos mó ná caoga bliain ó shin agus atá ag bláthú leis i gcónaí. Mar gheall ar an streachailt leanúnach atá ag pobal na Gaeilge leis na húdaráis ó thuaidh chun aitheantas cuí a bhaint amach don Ghaelscolaíocht, is ar éigean go raibh spás nó deis ag gníomhaithe pleanáil chomhordaithe intomhaiste a dhéanamh ar dheiseanna buana sóisialta a chruthú don phobal teanga taobh amuigh de gheataí na scoile. Mar sin féin, d’fhás grúpaí pobalbhunaithe Gaeilge ón bhonn aníos chun seirbhísí a sheachadadh a fhreastalaíonn ar Ghaelscoileanna a d’eascair ón phobal.’

‘Is é an sprioc atá ag Líonra Gaeilge Iarthar Bhéal Feirste mais chriticiúil de chainteoirí líofa Gaeilge a fhorbairt chun pobal inmharthana teanga a bhuanú sa sprioc-cheantar sna blianta amach romhainn. Tugann an stádas oifigiúil don líonra s’againn dúshraith náisiúnta don obair s’againn agus bheireann an maoiniú breise an spás dúinn chun plean teanga cuimsitheach a chur i gcrích a dhéanann an soláthar reatha a aithint agus a mheas, agus a thugann na hacmhainní chun plean gníomhaíochta a ullmhú le tabhairt fána bhuanú agus a neartú.’

Ag caint ar na forbairtí seo, dúirt Stiúrthóir Ghlór na Móna, an Dr Feargal Mac Ionnrachtaigh, ‘Is onóir agus pribhléid ollmhór do Ghlór na Móna a bheith ag feidhmiú mar cheanneagraíocht ar an togra stairiúil seo agus muid ag riar an deontas thar cheann an Coiste Stiúrtha agus ar son Ghaelphobal Iarthar Bhéal Feirste. Tuigimid go bhfuil muid inár seasamh ar ghuaillí fathach agus tá bród an domhain orainn a bheith páirteach sa phróiseas seo. Tá infrastruchtúr dochreidte láidir againn sa cheantar. In achar trí mhíle chearnógacha tá: cúig bhunscoil lán-Ghaeilge agus sé naíscoil; an Gaelcholáiste is mó in Éirinn, Coláiste Feirste, ina bhfuil 900 dalta; trí chumann óige faoi stiúir Ghlór na Móna agus Fhóram na nÓg, eagraíocht ionadaíoch réigiúnach óige; dhá eagraíocht phobail atá maoinithe ag an Scéim Forbartha Líonraí Gaeilge de chuid Fhoras na Gaeilge in Ionad Uíbh Eachach agus Glór na Móna; dhá ionad cúraim lae rathúla mar atá, Ionad Uíbh Eachach agus Teach Mhamó; lárionad cultúrtha agus ealaíon i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich; raidió pobail lán-aimseartha i Raidió Fáilte; compántas drámaíochta gairmiúil, Aisling Ghéar; CLG lán-Ghaeilge, Laochra Loch Lao; lárionad foghlama Gaeilge i gCumann Chluain Árd; comhlacht oiliúna agus gairmoideachais, mar atá, Gaelchúrsaí; áisíneacht forbartha Gaeilge agus gnó i bhForbairt Feirste atá lonnaithe san fhoirgneamh caipitil nuathógtha Áras na bhFál in éineacht le heagraíochtaí agus áisíneachtaí teanga eile ar nós Iontaobhas na Gaelscolaíochta, Chomhairle na Gaelscolaíochta agus Chonradh na Gaeilge, mar aon leis an iliomad cumann spóirt, oidhreachta agus pobail atá ag cur go mór leis an obair forbartha teanga fosta. Is é an sprioc agus dúshlán atá romhainn cur chuige comhtháite agus comhpháirtíochta a fhorbairt agus a bhuanú a cheanglaíonn agus a neartaíonn tionscadail rathúla, phobalbhunaithe sa teanga sa cheantar do na glúine le teacht. Feictear dúinn gur forbairt stairiúil é an plean teanga in athbheochan chomhaimseartha na Gaeilge sa chathair, a thugann deis dúinn fís fhadtéarmach athghabhála don teanga a chur chun cinn sa cheantar.’

 Beidh plean teanga Iarthar Bhéal Feirste á chur i bhfeidhm thar thréimhse seacht mbliana.  

Tuilleadh Eolais

Feargal Mac Ionnrachtaigh, Stiúrthóir Ghlór na Móna | feargal@glornamona.com | +44 7841 101630

Pádraig Ó Tiarnaigh, cathaoirleach coiste stiúrtha pleanála teanga |padraig@cnag.ie | +44 7716 690237

Nótaí don eagarthóir 

Pleanáil teanga

Tá pleananna Gaeilge á leathadh amach sna líonraí Gaeilge i gCluain Dolcáin i gContae Bhaile Átha Cliath, Inis i gContae an Chláir, Baile Locha Riach i gContae na Gaillimhe, Carn Tóchair i gContae Dhoire agus Iarthar Bhéal Feirste i gContae Aontroma, chomh maith leis na bailte seirbhíse Gaeltachta, Leitir Ceanainn i gContae Dhún na nGall, Cathair na Gaillimhe i gContae na Gaillimhe agus Trá Lí i gContae Chiarraí.

Líonraí Gaeilge

Is é is líonra Gaeilge ann ceantar a bhfuil mais chriticiúil de thacaíocht bainte amach aige maidir le tacaíocht phobail agus stáit don Ghaeilge. Comhaontaíonn na ceantair seo pleananna Gaeilge bunaithe ar thaighde pobail agus prionsabail pleanála teanga chun úsáid na Gaeilge sa cheantar sin a fheabhsú a thuilleadh. Faoi láthair tá aitheantas tugtha d’Iarthar Bhéal Feirste, Carn Tóchair, Inis, Baile Locha Riach agus Cluain Dolcáin mar líonraí Gaeilge agus tá tuilleadh le haitheantas a fháil sna blianta seo ag teacht.

Show More

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Back to top button