FéiltíGinearáltaImeachtaíÓigeSpórt

Campa Chormaic – Seachtain 1

Campa Chormaic – Seachtain 1

Seachtain 1, Lá 1:

Bhí céad lá den scoth i gCampa Contae Aontroma. I measc na n-imeachtaí, bhí ceol, damhsa, ealaín agus ceardlann faoi bhia sláinte nuair a tugadh an deis do na daoine óga caoineoga sláintiúla a dhéanamh. Chaith muid an tráthnóna ag gabháil don spórt agus ansin tháinig Michael Conlon, buaiteoir de bhonn Oilimpeach cré-umha sa bhliain 2012, agus rinne sé seisiún ceisteanna agus freagraí leis na scoláirí agus an fhoireann a bhí thar a bheith tairbhiúil.

Seachtain 1, Lá 2:

Lá iontach eile lán le spórt agus craic. Beidh buaiteoirí tráth na gceist ainmnithe maidin amárach. Ná déanamais dearmad go mbeidh muid ag dul go Páirc na bhFál maidin amárach le Cumann Rothaíochta Loch Lao agus go mbeidh BBQ againn tráthnóna. 10rn ag Bunscoil an tSléibhe Dhuibh!
Seachtain 1, Lá 3:

Bhí scoth an lae againn agus bhí an deis ag cuid dár bpáistí dul a rothaíocht i bPáirc na bhFál le baill ó Chumann Rothaíochta Loch Lao. Ina dhiaidh sin, bhí bairbiciú againn sa pháírc agus baineadh sult nach beag as an lá. Tá muid an-bhuíoch de Pháirc na bhFál, de Phól Mór (as an bhairbiciú a dhéanamh) agus de Chumann Rothaíochta Loch Lao (as an chéad Tour de Champa Chormaic a reáchtáil).

Seo chugaibh Izzy Froome le Seán Ó hEacháin ó Chumann Rothaíochta Loch Lao, a bhain an chéad Tour de Champa Chormaic inné i bPáirc na bhFál. Maith thú féin, Izzy. 11825664_1634780210138909_5840172443209920718_n

Seachtain 1, Lá 4:

Grianghraif den lá inniu. Chaith muid an lá ar fad ag gabháil don spórt uisce a bhí thar a bheith maith. D’imigh an tseachtain i bhfaiteadh na súl agus beidh bronnadh an chéad seachtaine ann amárach ar a 2in. Tá fearadh na fáilte roimh thuismitheoirí bheith i láthair. Críochnóidh an bronnadh thart fá 2.30in.

Seachtain 1, Lá 5:

Seo chugaibh roinnt grianghraf ón bhronnadh a bhí againn i ndiaidh dúinn campa thar a bheith speisialta a bheith againn. Tá muid iontach buíoch as gach dalta, tuismitheoir, ball foirne agus gach duine eile a thacaigh le rath na seachtaine.

Campa Chormaic – Week 1

 

Week 1, Day 1:

A great first day in the Antrim Campa. We had lots of activities including singing, dancing and a healthy food workshop where the young people were given the opportunity to make their own healthy smoothies. We had an afternoon of sport and after Michael Conlon, Olympic bronze medallist, visited for a Q&A session with pupils and staff, which was fantastic.

Week 1, Day 2:

A great day today, full of sport and craic. The winners of today’s quiz will be revealed tomorrow morning. Don’t forget that we’ll be heading to the Falls Park tomorrow with Cumann Rothaíochta Loch Lao and then a BBQ in the afternoon. 10am at Bunscoil an tSléibhe Dhuibh!

Week 1, Day 3:

We had a great day where some of our students had the opportunity to cycling in the Falls Park with members of Cumann Rothaíochta Loch Lao. After our cycle, all young people joined in Falls Park for a BBQ and we had a fantastic day. We’re very grateful to the staff at Falls Park, Pól Mór (for doing the BBQ) and to Cumann Rothaíochta Loch Lao (for organising the very first Tour de Champa Chormaic). Today’s photos will be uploaded soon.

Well done to Izzy Froome who is pictured with Seán Ó hEacháin from Cumann Rothaíochta Loch Lao. Izzy won the very first Tour de Champa Chormaic yesterday in the Falls Park. 11825664_1634780210138909_5840172443209920718_n

Week 1, Day 4 :

Today’s photos of water sports in Craigavon which was brilliant. The week has completely flown in. Our presentation for week 1 will take place at 2pm tomorrow in Bunscoil an tSléibhe Dhuibh and parents are more than welcome to come along. The presentation should be finished by 2.30pm.

Week 1, Day 5:

Here are a few photos from the final day of our first week. We had a great camp and are very thankful from all the support from pupils, parents, staff and everyone else that help make the week brilliant.

[end_tabset]
Show More

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Back to top button