Ginearálta

Maoiniú Eagraíochtaí Fhoras na Gaeilge i mbaol

Seo ina scannal iomlán. Thug an SPG dúshraith pobail don athbheochan teanga. Thóg sí bunchloch, neartaigh sí scoilphobail, chumasaigh sí pobail labhartha Ghaeilge fud fad na tíre, & d’eascaigh an scéim claochlú agus cumhachtú pobail.

 

Rinne ceannasaíocht Foras na Gaeilge cinneadh suarach, damánta thiar in 2015 nuair a chinn siad slad a dhéanamh ar an scéim is rathúla ó bunaíodh an foras teanga. Baineadh lá oibre ó dhíograiseoirí pobail agus chiorraigh siad an síolchiste a bhí acu.

 

D’aithin tuariscí taighde & comhairliúcháin pobail go raibh seo ina mheancóg bhunúsach ach fós lean siad leo. Sna moltaí is déanaí tá sé de rún acu píonós a ghearradh & maoiniú a bhaint óna ceantair is láidre, a bhfuil stadas líonra Gaeilge & plean teanga comhpháirtíochta acu.Maoiniú a bhaint ó phobail ina bhfuil infrastruchtúr tógtha & éileamh buan ar seirbhísí.

 

Téann seo i gcoinne gach tuiscint ar an phleanáil teanga & gach léamh ar an fhorbairt phobail. D’úsáid ceannasaíocht an fhorais easpa maoinithe & ciorruithe rialtas mar leithscéal don slad seo.

 

Throid an pobal chun go bhfaighidh maoinitheoir s’againn tuilleadh infheistíochta ón Dá Rialtas chun an scéim is láidre a neartú agus an maoiniú cuí a thabhairt do gach grúpa: Tuarastal lán-aimseartha 5 lá sa tseachtain agus síolchiste d’imeachtaí pobail. €55,000 sa bhliain atá de dhíth do cheantar iomlán. Thacaigh gach pairtí polaitiúil linn agus thacaigh gach ceanneagraíocht Gaeilge linn; thacaigh pobal teanga na tíre leis an éileamh seo & cheiliúraigh muid bua nuair a fógraíodh an maoiniú bréise Foras na Gaeilge le déanaí.

 

Tá Foras na Gaeilge anois a rá go bhfuil tosaíochtaí eile acu, nach bhfuil siad chun ghlacadh leis na moltaí a rinneadh go sóiler sa phróiseas comhairlúchain agus nach bhfuil an t-airgead ann an maoniú cuí a chur ar fáil AGUS tuilleadh grupaí a mhaoiniú. Níl sin fíor! Tá dualgas ar bhord an fhorais agus ar ár nÁirí Stáit, ó thuaidh agus ó dheas, cinntiú go ndéanann ardbhainistíocht na heagraíochta an maoiniú breise a caitheamh ar na mór-thosaíochtaí atá aitheanta agus aontaithe fud fad na tíre; ar an Scéim Pobal Gaeilge mar is ceart. Caithfidh an pobal muinín a bheith acu go gcaithfidh Foras na Gaeilge airgead poiblí ar thosaíochtaí an phobail. Muna dhéanamh siad sin, imeoidh an mhuinín sin láithreach. Airgead an phobail, don phobal.

 

Déan an rud ceart!

 

Show More

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Back to top button