ImeachtaíLogainmneacha

Cumann Scannán na Carraige / The Rock Film Club

[tab: Gaeilge]

Seo eolaire Cumann Scannán na Carraige. Beidh scannán agus clár faisnéise le téamaí polaitiúla a thaispeáint gach mhí i mBun an Tí, oifig Glór na Móna (taobh leis an Spar).

Le blianta beaga anuas, tá Glór na Móna ag forbairt tógraí pobail bríomhara a bhuanaíonn fís díchóilínithe agus athbheochana s’againn ag leibhéal áitiúil. Tá sé d’aidhm againn rannpháirtíocht, cumhachtú, muinín agus dlúthpháirtíocht a chothú i measc an phobail.

Le Club Scannán na Carraige, tá muid ag iarraidh oideachas pobail a eascú i suíomh fáilteach, oscáilte agus trí mheán tarraingteach, sultmhar agus sóisiálta. Roghnaíodh scannáin eagsúla a chíorann mórcheisteanna ár linne, bíodh siad in Éirinn nó fud fad an domhain, le béim ar leith ar an streachailt chróga ag daoine faoi chois chun éirí óna ghlúine agus dushlán a thabhairt don lucht asmachta.

Tá muid ag iarraidh deis foghlama, deis machnaimh agus deis díospaireachta a thabhairt don phobal agus dul i ngleic leis an bhréagthuairim “nach bhfuil rogha ar bith eile againn.” Is féidir agus is fiú domhan níos cothroime a bhaint amach. Tá muid cinnte go gcuirfidh an club scannán leis an phlé ar na bealaí gur féidir linn uilig ról dearfach a imirt. Bígí linn!

155821_340439852760724_1357620328_n

1186790_340439892760720_1944452472_n

[tab: Béarla]

Below is the Rock Film Club’s directory. Politically themed films and documentary will be shown on a monthly basis in the basis, Glór na Móna’s office (beside the Spar).

In recent years, Glór na Móna has been developing energetic community initiatives that consolidate our decolonising and revivalist vision at a local level. Our aim is to foster participation, empowerment, confidence and solidarity in the community.

With Club Scannán na Carraige, we want to facilitate community education in an open and welcoming site and in an attractive, enjoyable and social way. Different films have been chosen that will examine the major issues of our times, be they in Ireland or around the world, with a special emphasis on the brave struggles of the oppressed to rise from their knees to challenge the oppressors.

We want to give the community the opportunity to learn, reflect, and debate and to tackle the false narrative that “there is no alternative.” A fairer world can and should be built. We are sure that the film club will add to the discussion on the ways in which we can play a positive role. Join us!

155821_340439852760724_1357620328_n

1186790_340439892760720_1944452472_n

 

Show More

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Back to top button