Ginearálta

Oiliúint OCN le daoine óga ar fud fad an cathair.

Content for the tab Gaeilge
Content for the tab English
Content for the tab Óige
Content for the tab Youth
[end_tabset]

OCN Óiliúint le daoine óga.

I mbliana, tháinig le 52 ceannairí óige clár oiliúna creidiúnaithe a bhaint amach. D’éirigh le 36 meantóirí óga ó Choláiste Feirste OCN Leibhéal 1 a bhaint amach i mBunchúrsa Obair Óige. Chomh maith leis sin bhí rath ar naonúr oibrithe deonacha sa chúrsa OCN Leibhéal 2 agus seachtar oibrithe eile a bhain OCN Leibhéal 3 amach i bhForbairt Chláir.
Gach duine a bhí bainte leis na cúrsaí, bhí siad níos óige ná dhá bhliain is fiche d’aois. Léiríonn sé seo go bhfuil na daoine óga atá ag briseadh fríd na cumainn agus ag iarraidh iad féin a fheabhsú i gcónaí don todhchaí. Tugann na cúrsaí seo cáilíocht do na daoine óga a chuidíonn leo san earnáil obair óige chomh maith leis an eolas agus na scileanna a thugann sé dóibh le cur faoin obair. Na daoine óga ar éirigh leo na cúrsaí a bhaint amach, beidh siaTrd ag obair go deonach sna cumainn agus sna cláir ar fud Bhéal Feirste. Taithí luachmhar a bheas i gceist agus cuirfidh sé le deiseanna fostaíochta. Chan amháin go dtéann na cúrsaí seo chun sochair na ndaoine óga ach cuireann siad le feidhmeannas Glór na Móna  chomh maith agus bíonn muid in ann obair óige a fhuascailt go proifisiúnta ar fud na cathrach. Muna raibh na daoine óga bainte leis na cúrsaí seo ní bheadh a leithéid de sheirbhísí ann. Tá súil againn gur bhain na daoine óga sult as an fhoghlaim mar beidh tús ag teacht lena chur i gcrích.

 

ocn pic

 

Show More

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Back to top button