Ginearálta

Buaiteoirí Phríomhdhuais Ghlór na nGael

Baineann Glór na Móna Príomhdhuais Náisiúnta Ghlór na nGael do 2017

Tá príomhdhuais agus trófaí náisiúnta Ghlór na nGael ar an bhealach chuig ceantar an Uachtair Chluanaí in Iarthar Bhéal Feirste agus é bainte ag an eagraíocht Phobail agus Óige, Glór na Móna ag an tsearmanas bhliaintúil in Athluain oíche Shathairn seo caite (10-3-18).

In ainneoin comórtas géar ó lear mór grúpaí Gaeilge eile ó fud fad na tíre, thóg Glór na Móna an phríomhdhuais do €20,000, chomh maith le €4000 sa rannóg de cheantar le daonra níos lú ná 30,000 duine, agus duais amháin eile, Duais an Timire le luach €750 don obair charthannachta s’acu sa phobal.

Ag caint dó ag an ócáid, dúirt Stiúrthóir Ghlór na Móna, Feargal Mac Ionnrachtaigh:

‘Is onóir mhór dúinn an duais seo a thógáil ar son Ghlór na Móna agus thar ceann phobal na Gaeilge i gceantar an Uachtair Chluanaí. Tá muid go mór faoi chomaoin ag bord agus foireann Ghlór na nGael as muid a roghnú mar an grúpa is rathúla do 2017. Tá muid buíoch fosta dár maoinitheoirí, Foras na Gaeilge, an Heritage Lottery Fund, an tÚdarás Oideachais agus iad siúd a chuidigh linn ár bhfoirgneamh féin, Gael-Ionad Mhic Goill a thógáil in 2016. An Ciste Infheistíochta Gaeilge, Comhairle na Cathrach, Béal Feirste agus an Roinn Pobail.

‘Thar aon ní eile, ba mhaith liomsa buíochas pearsanta a ghabháil leis an fhoireann iontach ag Glór na Móna a dhéanann éachtaí gach lá ar son na Gaeilge agus ar son an phobail. Tá rud éigin spéisialta agus as an choitiantacht fán dream seo. Is Gaeil chumasacha, gairmiúla, oilte iad atá freamhaithe sa phobal áitiúil agus tiomanta chun fanacht i measc na cosmhuintire lena gceantar féin a neartú agus a thréisiú. ‘

Bunaithe sa bhliain 2004, d’fhorbair Glór na Móna ón bhun aníos, is speisialtóirí iad ag éascú úsáid shóisialta na teanga taobh amuigh den oideachas foirmiúil. Chomh maith le tionscadail teaghlaigh agus timpeallachta ar nós Suí & Scith agus Athmhúscailt an Fhathaigh, seachadann siad tograí sóisialta cosúil le cumainn rothaíochta,  iascaireachta agus scannáin. Is iad an príomhghrúpa óige sa chathair ag reáchtáil 5 chumann óige bhuana Gaeilge ar fud na cathrach agus ag freastal ar 450 daoine óga in aghaidh na seachtaine.

Ag tagairt don obair seo, dúirt Mac Ionnrachtaigh:

‘Nuair a bhunaigh muid Glór na Móna, thuig muid go raibh muid ag seasamh ar ghualainn Fathach, iad siúd a bhunaigh Gaeltacht Bhóthar Seoighe, Comharchumainn Bhaile Uí Mhurchu, Ionad Tionsclaíochta na Carraige Báine, Bunscoil Phobal Feirste, Meánscoil Feirste, Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, LÁ, Ráidió Fáilte agus 20 tionscadal eile nach iad.

‘Inár gceantar féin, bhí iarchimí poblachtánacha i measc iad siúd a thóg ar an dúshraith a leag leithéidí Seán Mac Goill agus Séamus Mac Seáin trí Naíscoil agus Bhunscoil an tSléibhe Dhuibh a bhunú mar aon le Naíscoil agus Gaelscoil na Móna. Laochra Gael cosúil le Maureen McGuinness, Jim McCann, JohnBoy Ó Muireagáin, Matt Lundy agus Danny Barclaigh.

‘Tá muid ag feidhmiú agus ag maireachtáil i bpobal atá ag fulaingt de bharr míbhuntáistí suntasacha soch-eachnamaíochta ach measaimid gur gléas í an teanga le dul i ngleic leis na fadhbanna seo ar bhealach dearfach, cruthaitheach.  Tá cur chuige s’againn bunaithe ar chomhpháirtíochtaí a thógáil le grúpaí eile seachas bheith ag obair inár silos féin. Tá muid ag cothú infreastruchtúr buan teanga don ghlúin atá le theacht agus tá pleananna móra againn le haghaidh foirgneamh breise sáintógtha óige, an chéad cheann den chineál sin i stair an stáit ó thuaidh is beimid ag cur brú orthu faoi sa tréimhse amach romhainn. Rachaidh an t-airgead a bhain chun leas an phobail agus déanfar é a infheistiú ar ais isteach i gceantar an Uachtair Chluanaí”

Bhí ceiliúradh ag dul ar aghaidh fosta sna cumainn óige agus an dea-scéal ag teacht fríd fán bhua.

Ag caint dúinn, dúirt an sinsearach ó Chumann Óige Uachtar Chluanaí, Daire McMenamin:

‘Tá muid uilig ar bís fán bhua seo a thugann aitheantas dúinn as an obair iontach atá ag dul ar aghaidh i nGlór na Móna. Beagnach bliain ó shin, b’éigeán dúinn ár bhfeachtas féin a reachtáil nuair a bhain an t-údarás oideachais ár gcuid seirbhísí óige asainn agus d’éirigh linn an maoiniú a fháil ar ais agus tuilleadh breise leis.

‘Is cuid iontach tábhachtach de mo shaol í Glór na Móna agus bheadh muid caillte gan an spás seo a chuirtear ar fáil dúinn. Is linne an cumann óige seo agus bíonn muid rannpháirteach sna tionscadáil spreagúla phobail ar fad atá ag dul ar aghaidh ag Glór na Móna. Tá muid ag dul ó neart go neart i rith an ama agus tá a fhios againn go gcuideoidh an bua seo linn cur leis an obair sa tréimhse amach romhainn.’

Le haghaidh tuilleadh eolais, dean teagmháil le Feargal Mac Ionnrachtaigh ar feargal@glornamona.com nó scairt air 07841101630

Le haghaidh tuilleadh eolais ar obair Ghlór na Móna, tabhairt cuairt ar www.glornamona.com

Show More

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Back to top button