Blag

LIÚ LÚNASA 2016 – Ag tógáil na Poblachta

Nuair a scíobh fealsúnaí na heagnaíochta, Jean-Jacque Rosseau, fán phoblachtánachas agus fán tsaoranacht thiar i dtrémhse réabhlóideach na Fráince, labhair sé fá ‘shuáilce shibhialta agus fá mhacántacht pholaitiúil’ agus é ag moladh go mbeadh saoránaigh toilteanach ‘féin-íobairt’ a dhéanamh ar son an ‘leasa choitinn’ seachas muid bheith spreagtha ag féinleas agus féinspéis. Bhí blaiseadh láidir don fhoclaíocht agus smaointeoireacht seo le mothú níos congaraí don bhaile anseo in Éirinn beagnach 130 bliain níos faide anonn in 1916 nuair a scríobh baicle réabhlóideacha, Fórógra na Cásca, agus iad ag dearbhú os comhair an domhain mhóir, go raibh said sásta féin-iobairt a dhéanamh ar son an ‘leasa choitinn’ agus iad fogairt buille míleata ar son na saoirse.

Taobh thiar den fhoclaíocht ar ndóigh, bhí idé-eolaíocht fhuascailteach a spreag glúnta do dhíograiseoirí forasacha ó shin i leith, cuid mhaith a d’imir ról claochlaitheach in athbheochán na Gaeilge. Is an ide-eolaíocht chéanna seo a spreag Máirtín Ó Cadhain nuair a bunaíodh Muinntir na Gaedhaltachta chun cearta sibhialta agus eacnamaíochta a bhaint amach do na Gaeil ba bhoichte sna tríochaidí agus é ag tabhairt aghaidhe ar fhimíneacht an tsaorstáit nuachoilínigh. Is an bhunaidhm chéanna a spreag bunú an ghrúpa feachtasaíochta Misneach sna 1960óidí agus iad ag cur cearta phobal na Gaeilge agus teip na hathbheochna oifigiúil i gcroí-lár an díoscúrsa phoiblí athuair.

D’eascair feachtas cearta sibhialta na Gaeltachta ón mhogalra feachtasaíochta seo agus tháinig sciar do Ghaeil óga Bhéal Feirste fá dhea-thionchar Uí Chadhin agus iad ag beartú Gaeltacht uirbeach dá gcuid féin i dtrátha an ama seo. Bhí fealsúnacht fhéinchuidithe, fhéinmharthánach ag Gaeltacht Bhóthar Seoighe a chothaigh meon fuascailte sna díograiseoirí seo a léirigh nárbh éigean dóibh bheith spléach ar an stát agus go dtiocfadh leo gníomhú go déarfach chun cinniúint agus a dtodhchaí féin a mhunlú. Is fríd an phróiseas dhaonlathach, rannpháirteach seo a d’fhorbair mothúcháin úinéireachta agus cumhachtaithe iontu a thug an mhuinín dóibh forbairtí eile a shamhlú. Tugann an teoiricí oideachasúla ón Bhrasaíl, Paulo Freire, ‘transforming action’ air seo, agus spreag seo muintir Seoighe chun Sráid Bombay a athogáil nuair a dhóidh dílseoirí go talamh é in 1969, gan trácht ar Ionad Tionsclaíochta na Carraige Báine, ar Gharáiste an Phobail agus ar Nuachtán Bhaile Andarsan  a d’fhás ón tonn fuinnimh Fheirsteach seo go gairid ina dhiaidh.

Is sa Cheis Fhada a d’fhoghlaim an cime poblachtánach, Bobby Sands fá na hiarrachtaí seo agus spreagadh é láithreach chun pinn agus é ag moladh do dhaoine eile ar an taobh amuigh an dea-shampla a leanúint. Thuig Bobby go raibh reabhlóid shóisialta agus chultúrtha ar bun ag muintir Bhóthar Seoighe a bhí ag teacht leis an mhéid ar léigh sé fán phoblachtánachas go stairiúil agus go hidirnáisiúnta agus é faoi ghlas ag Gall. Bhí sé tógtha go mór le scríbhinní an mháirtírigh phoblachtánigh-shóisialaigh, Liam Ó Maolaíosa a dúirt ‘the government and ideals of the republic is and must always be made a reality, wherever we stand’. Thuig Sands go raibh an Phoblacht seo á tógáil ag Gaeltacht Seoighe agus sa 6 mhí dheireanacha a chaith sé saor ar an taobh amuigh i gCill Uaighe sular fhill sé ar an Cheis Fhada, threabh sé an gort céanna ag bunú comharchumainn, féile áitiúil, naíscoil Ghaeilge, comhar creidmheasa is an illomad eile agus é ag tógáil na Poblachta.

Bhí an fhealsúnacht fhéinchuidithe le mothú go treán le seachtain anuas in iarthar na Cathrach agus Féile Liú Lúnasa faoi lán seoil. Is Gaeil óga deonacha a shamhlaigh agus a d’fhorbair fís na féile seo agus iad ag aithint bearna sonrach maidir le hinfrastruchtúir agus mógalra sóisialta i saol na Gaeilge. Ní amháin gur tugadh spás agus ardán do cheoltóirí agus bannaí ceoil óga úra trí choisireacht shultmhar spleodrach ach bhí doimhneacht pholaitiúil le sonrú sa chlár a bhí pacailte le díospóireachtaí agus léachtaí a phléigh le: cúrsaí staire/fealsúnachta; sláinte agus aclaíocht; cúirteanna filíochta; ceisteanna patrarcacht is inscne; polaitíocht idirnáisiúnta i measc rudaí eile.

Bhí cur chuige cumhachtaithe ón bhun aníos le mothú sna himeachtaí seo ina raibh seilbh agus úineireacht iomlán ag Gaeil óga ar chách a thit amach thar 5 lá spéisialta. Bhí atmaisfeár sainiúil agus dearfacht thógálach sna spásanna neamhspléacha a thóg lucht na feile a chuaigh i bhfeidhm ar gach duine a fuair spléachadh ar na himeachtaí. Bhí sé suntasach go raibh bláiseadh don dúchas nasctha go nádúrtha le hidirnáisiúnachas eorpach agus tionchar ár gcomrádaithe in Euskal Herria a eagraíonn féiltí óige agus pobalbhunaithe don chineál seo minic. Leis an cheathrú Ghaeltachta iomlán maisithe ag méirgí dathúla lámhdhéanta, chuirfeadh Liú Lúnasa luathbhlianta Féile an Phobail chun cuimhne agus an cumhacht ainrialach, spontáineach, cruthaitheach sin scaoilte saor.

Le cois, bhí spiorad frithbheartaíochta taobh thiar den fhéile a chruthaigh frithchultúr, fuinniúil, ailtearach a thug dúshlán don mhórchultúr cheannasach, agus an idé-eolaíocht nualiobralach atá anuas orainn go laethúil. Sa chaoi seo, is ag leanúint traidisiún díchoílinithe, athghabhála s’againn a bhí muintir Liú Lúnasa agus ní mór dúinn bheith thar a bheith buíoch don ghlúin úr seo as dóchas agus misneach a thabhairt dúinn agus iad ag tógáil na poblachta.

Show More

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Back to top button