FéiltíGinearáltaImeachtaíLéachtaí Pobail

Oráid Sheamúis MhicSheáin ag seoladh leabhar “Language, Resistance and Revival” le Feargal MacIonnrachtaigh

An tseachtain seo ionsaíodh beirt Ghaeil maithe de mo lucht aithneantais ar an bhaile seo. Máirtín Ó Muilleoir duine amháin acu agus údar an leabhair seo Feargal Mac Ionrachtaigh an duine eile. Ionsaíodh Máirtín go fisicúil ag dream aineolach, aintoisceach atá á ghríosú ag polaiteoirí biogóideacha agus ionsaíodh Feargal le drochíde béil ag pearsa mór le rá teilfíse a bhí i láthair nuair a thug Feargal caint ag imeacht de chuid Fhéile an phobail. D’ionsaigh an fear seo é go fíochmhar cionn as go raibh sé de dhánaíocht ag Feargal an dochar a rinne an cóilíneachas in Éirinn do chultúr agus teanga na cosmhuintire a sháinmhíniú don lucht éisteachta.

DSC_7140-seamus-3Bhí an fear seo ar buile go raibh Feargal ag léiriú taobh de imeallú agus basú na Gaeilge nach raibh ag teacht leis an dearcadh ” happy clappy” atá aige féin ar an teanga agus chuir sé i leith Feargal go raibh sé ag tarraingt na Gaeilge isteach sa pholaitíocht agus ag baint úsáid aistí mar úirlís cogaí. Is fear mór síochána é an fear céanna nach n-abródh ‘boo’ le duine ar bith dar leat ach a thaispeáin taobh eile dá charachtar nuair a bhuail sé le duine a bhí ag nochtú barúil nach raibh ag teacht lena dhearcadh féin.

Ach cé hé an Feargal Mac Ionnrachtaigh seo a tharraing fearg fhear na teilfíse air féin. Poblachtach ó thaobh na dtaobhán é agus fear a chreideann i leas na cosmhuintire thar aon ní eile. Is dual mhuintire dó a bheith mar sin nó daoine uaisle a ba iad a mhuintir agus poblachtaithe go smior a d’fhulaing a lán ar son na cosmhuintire lena linn féin agus ar maraíodh mac da gcuid go fabhtach ag dílseoirí agus é amuigh ag saothrú ar son bean agus páistí.

Is den dream sin é Feargal fosta a fuair iomlán a chuid oideachais frid mheán na Gaeilge, tá Aisling Ní Labhraí, atá in aice linn anseo, ar dhuine eile acu chomh maith. Ó Naíscoil go Bunscoil go meánscoil agus go hOllscoil, uilig fríd mheán na Gaeilge, áit ar chuir sé barr feabhais ar a chuid Gaeilge agus áit ar scríobh sé filíocht agus gearrscéalta sa teanga. Sin réabhlóid ann féin. Mar sin, is fear éirimiúil é agus tagann an leabhar seo mar thoradh a chuid oibre mar mhac léinn PHD. Is í an chéad dochtúireacht í a bronnadh ar iardhalta de chuid Choláiste Feirste ar feadh mo eolais agus tá mé cinnte go bhfuil a mhuintir agus an scoil araon bródúil as.

Bhí baint agam le bunú agus forbairt Choláiste Feirste ag tús a ré breis agus fíche bliain ó shin. Bhíodh aithne éigin agam ar chuid dena daltaí a tháinig isteach sa chéad chúpla bliain ach de réir mar a d’fhás an scoil ní bhíodh aithne ró mhór agam orthu agus ní go dtí a bhliain dheireannach sa scoil gur cuimhin liom Feargal a fheiceáil.

Nuair a tháinig Tony Blair i gcumhacht chuir sé fear darb ainm John Mc Faul, a bhí mar Aire Oideachais, chugainn abhus agus ní raibh sé i bhfád sa phost nuair a d’iarr sé a theacht ar chuairt chuig Meánscoil Feirste agus thit sé ar mo chrannsa i gcuideachta an phríomhoide Feargus Ó hÍr é a thionlacán thart ar an scoil. Ag deireadh a chuarta, d’iarr sé labhairt leis an tséú bhliain agus d’fhiafraigh sé daofa an raibh suim ag duine ar bith acu sa pholaitíocht. Chuir gasúr amháin a lámh in airde agus d’fhiafraigh mo dhuine do cad é an páirtí a dtabharfadh sé tacaíocht do. “O I ‘m not fussed ” arsa an gasúr “as long as its an anti- Brit party” a bhain sin siar as McFaul agus dimigh sé gan focal as.

Ba é Feargál Mac Ionrachtaigh an gasúr sin a chuir McFaul ina thost agus an té ar chuir mé aithne air ar ball agus é ag obair le Forbairt Feirste. Tá sé ina chathaoirleach ar Ghlór na móna, grúpa atá ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun tosaigh agus leas an phobail a dhéanamh san am chéanna san Uachtar Cluanaí. Ar bhealach, tá Feargal agus a ghrúpa ina gcómharbaí ar ghrúpa eile de Ghaeil a rinne sárobair sa cheantar chéanna ar son na Gaeilge agus ar son leas an phobail breis agus daichead bliain ó shin mar a bhí Séan Mac Goill, Séamus De Napier, Ciarán Ó Catháin, Aonnraí Ó Catháin, Seán Mac Seáin agus Donncha Ua Bruadair ach go ndearna siadsan é le linn cogadh fuilteach a bheith ag dul ar aghaidh.

I 1969, tharla mé ag obair ag Comhaltas Uladh abhus agus hiarradh orm labhairt le hoiread daoine agus b’fhéidir le dearcadh daoine a fháil ar chur chun cinn na Gaeilge i measc an gnáth mhuintir.. Labhair mé le céimí Ollscoile as an Fhrainc a bhí ag déanamh PHD ar Chonradh na Gaeilge ag an am ach nuair a d’fhiafraigh mé de cad chuige a raibh suim aige sa teanga. Dúirt sé nach raibh suim ar bith aige sa teanga ach go raibh sé ag déanamh staidéar ar an Chonradh mar feiniméin sóisialta a bhí ag obair i measc an phobail choitianta chun féachaint lena saol a athrú.

Bhí suim aige sa réabhlóid sóisíalta a bhí ar bun ag an chonradh agus ní sa teanga per se. Ba sa bhliain chéanna sin a dódh Bombay Street agus is suimiúl gur Ghaeil a ba iad na daoine a chuaigh i mbun na haththógala agus a chruthaigh éastát Tionsclaíoch na Carraige Báine d’aon ghnó le leas an phobail a dhéanamh go díreach mar a rinne Conradh na Gaeilge ag an tús. Is den mhúnla chéanna sin é Feargal agus a ghrúpa ceapaim agus ní iontas ar bith é mar sin gur roghnaigh sé abhar an leabhair seo mar théama a dhochtúireachta.

“It’s the fools role to speak truth onto power” a leigh mé áit éigin ar na mallaibh agus má’s ea is seoirt amadán é Feargal a bhuí le Dia nó insíonn an leabhar seo an fhírinne do lucht cumhachta inár measc gan fiacail a chur ann. Ba cheart cóip den leabhar seo a bhronnadh ar gach polaiteoir a labhraíonn ar ár son, nó tugann sé iarraidh, dar liom, a mhíniú cén fath nach bhfuil an chosmhuintir abhus ag baint tairbhe as cibé díbhínn síochána a ba cheart a bheith ann de bharr deireadh a bheith leis an chogadh ar fhulaing siad an oiread sin mar gheall air.

Cén fáth, mar shampla, a bhfuil an ráta dífhostaíochta dhá oiread níos mó go fóill sna ceantair phoblachtacha agus atá sé sna ceantair Aontachtacha ainneoin comhrannadh cumhachta a bheith i ann le 13 bliain agus 15 bliana déag i ndiaidh chomhaontú Aoine an Chéasta?

Nó cén fáth a bhfuil breis agus 50% de dhéagóirí gan obair? Nó cén fáth a bhfuil an ráta drochshláinte i bhfád níos airde in Iarthar Bhéal Feirste ná i gceantar ar bith eile? Nó cén fáth a bhfuil bás leanaí i ndiaidh á mbreithe ag ardú arís? Agus cén fath a bhfuil liosta i bhfad níos faide de dhaoine abhus anseo atá ag fanacht le teach a bheith acu ná i gceantar ar bith eile ?

Cén fáth a bhfuil ráta bochtaineachta de 43% i measc páistí óga in Iarthar na Cathrach i gcomórtas le 21% in Oirthear na cathrach? Nó cad chuige a mbíonn 60% de theaghlaigh gann ar bhia go minic? Nó cén fáth nach mbíonn go leor airgid ag 19% de theaghlaigh Iarthar na cathrach chun bróga a cheannacht dá bpáistí nuair atá siad de dhíth?

Nó cén fáth go bhfuil 80% de theaghlaigh beo ar úsairí airgid le maireachtáil ó sheachtain go seachtain? Agus cén fáth gur féidir le Peter Robinson a bheith ag maíomh as na Billiúin punt atá infhéistithe ina dháilcheantar féin in Oirthear Bhéal Feirste ach nach bhfuil le maíomh as againn féin abhus ach scuainí Dól nua ollmhór agus an t-ionad sláinte is mó sa chathair ag Beechhall.

Is bocht an díbhínn é sin dar liom ar son 40 bliain de chruatán agus de fhulaingt le linn cogaíochta agus an sin an fath nár chaith ach 38% de mhuintir Iarthar na cathrach an vota sa toghchán dheireannach a bhí abhus.

D’fhéadfadh an liodán sin de staitisticí gruaim agus éadóchas a chur ort ach i ndiaidh domh an leabhar seo de chuid Fheargail a léamh tuigim nach aon éisceacht sinne sa tír seo i dtaca le drochshaoil na cosmhuintire de i ndiaidh réabhlóide agus léiríonn Feargal gur tharla a mhacasamhail fud fad an domhain agus go háirithe sna tíortha sin ar ndearnadh coiliniú orthu ag fórsaí impiriúlacha na hEorpa. Ní haon iontas mar sin go ndíríonn Feargal ar thíortha na hAifrice agus ar an lorg a d’fhág an coilineachas orthu sin agus tá go leor tagairtí sa leabhar do scríbhneoirí Aifriceacha a scríobh faoin ábhar.

Is minic a chuirtear an Aifric Theas agus an Stát seo againne ó thuaidh i gcomparáid le chéile ó thaobh chinedheighilt agus chreideamhdheighilt de agus throid daoine go cróga ina choinne agus d’fhulaing daoine a lán mar gheall air. Bíonn ceannairí polaitíochta abhus ag maíomh go minic as chomh cóngarach agus atá siad do cheannairí an stáit nua san Aifric Theas ach níl a fhios agam an abhar maíte é stát nua na hAifice Theas ach oiread lenár gceann féin.

Tá a fhios againn gurbh é Bobby Sands na Réabhlóide san Aifric Theas é Steve Biko agus gur mharaigh an Stát cinedheighlteach go brúidiúil é. Laoch agus fear cróga gan amhras ach féach anois a bhean a throid go cróga ina chuideachta, ag rá gur stát coirpeach é an Aifric Theas a bhfuil an réabhlóid truaillithe ag a cheannairí agus an saibhreas, an cúbláil airgid agus an chumhacht ina bpríomh spriocanna acu cé gur iarthrodairí ar son na saoirse is ea iad cuid mhór acu a chaith sealanna fada i bpriosúin. Tá bean Bhiko anois i mbun pháirtí nua a bhunú le cur i gcoinne an ANC agus an choirpeacht a ghabhann leis. Tá tacaíocht an Easpaig Tutu aicí san iarracht sin ach beidh troid aicí nó tá préamhacha na coirpeachta sáite go domhan i sochaí na hAifrice Theas faoin am seo.

Cad é a tharla mar sin do réabhlóid na hAifrice Theas agus do réabhlóid Bhobby Sands abhus go bhfuil an chosmhuintir chomh holc as agus a bhí siad ariamh ainneoin lucht na réabhlóide a bheith i gcumhacht? Tá míniú ag Feargal sa leabhar seo ceapaim ar cad é a tharla. Tá sain chur síos déanta aige ar oibríochtaí an nuachólíneachais fríd an domhan agus an dóigh a n-oibríonn an nua cóilíneachas i dtíortha i ndiaidh réabhlóide agus an dóigh a ndéanann an stát na réibiliúnaithe a chomhshamhlú leis an stát nua le go leanfaidh an chóilíneachas ar aghaidh ach é faoi cheannas eile.

Go hiondúil, nuair a thógann na nuachóilinigh smacht ar chóras an stáit, líonann siad postanna agus coistí le daoine atá ar aon intinn leo féin agus déanann siad imeallú ar dhaoine atá neamhspleách ina ndearcadh. Cosctar saoirse chainte agus cuirtear béalbhac ar dhaoine nach nglacann le grúpa smaoínimh na máistrí. Is le fabhar agus le breabanna go minic a ranntar achmhainní ar an phobal seachas de réir cearta nó riachtanais. Sin tús na coirpeachta agus i ndiaidh tamall glactar leis mar nós nó ní féidir leis an phobal feidhmiú gan géilleadh do chóras an ‘chara sa chúirt’ agus an ‘binn béal ina thost’ má tá siad ag iarraidh rud éigin a chur i gcrích.

Is ar an dóigh sin a cheannaítear tost agus ag an phointe sin tá corpus iomlán polaitíochta an phobail truaillithe agus glacann sé iarracht ollmhór lena bhogadh. Tá an pointe sin sroichte sa Aifric theas de réir cosúlachta ach is í an cheist atá ann an bhfuil sé sroichte againn go fóill inár mbaile dhúchais? Thig libh féin tomhas a dhéanamh ar sin ach sibh breathnú thart oraibh. An bhfuil sainchomharthaí an nua chóilíneachais le sonrú inár measc? An bhfuil na grúpaí pobail den chuid is mó i seilbh daoine atá ar aon fhocal leis an bhunaíocht ó thaobh leas an phobail de? An bhfuil achmhanní an phobail a rannadh orthu sin atá umhal do na daoine a bhfuil téada an sparáin acu? An sin an fáth nach bhfuil ruaille buaille agus agóidíocht ar bun faoin droch dhóigh atá ar an chosmhuintir in Iarthar Bhéal Feirste, mar shampla, ainneoin an líon is mó grúpaí pobail sa chathair a bheith lonnaithe ansin?

An bhfuil sáintréithe an nua chóilíneachas chomh bunaithe sin anois inár measc go bhfuil gach duine spleách ar a bhunaíocht ar son airgid agus postanna agus go mbíonn sé deacair labhairt amach ar eagla míshásamh a chur ar pháirtithe na bunaíochta? Nó mar a dúradh le poblachtóir amháin a ghlac seasamh faoi éagóir a bhí á dhéanamh ar Ghaeil óga “stop it your embarrasing the minister!!”

An sin an fáth a dtiocfadh le hAirí de chuid Shinn Féin cearta saor thaistil a dhiúltú do pháistí Gaelscoile ainneoin ordú cúirte a bheith ann gur cheart a chur ar fáil?? Nó go dtacaíonn Aire poblachtach le cinneadh na roinne oideachais go bhfuil sé inglactha an lá atá inniú ann go mbeadh ar pháistí Ard Eoin siúil síos Bóthar na Seanchille go Coláiste Feirste agus nach bhfuil siad i dtéidil bus pás a bheith acu?

An sin an áit a bhfuil muid anois agus an bhfuil muid sásta glacadh leis? Ní shílim gur ar a shon sin a fuair Bobby Sands bás agus d’fhéadfadh leabhar seo Fheargail soiléiriú a dhéanamh ar caidé atá ag titim amach sa tsochaí ina maireann muid agus go háirithe don chuid againn a thuigeann go bhfuil rud éigin mí cheart ach nach dtig linn focail a chur air?

Is tús tuisceana- é an teolas agus tá sin curtha ar fáil ag Feargal I mo thuairim. Tá athrú iomlán poirt de dhith i mo thuairim má tá an chosmhuintir lena gcearta a bhaint amach ach monuar ní an ascaill mhaorga go hallaí marmair Stormont atá an bealach chuige. D’fhéadfadh leabhar seo Fheargail solas a dhíriú ar an bhealach chuige ach é a bheith léite go forleathán. Ceannaigh an leabhar agus léigh é. Tá abhar machnaimh ann.

 

 

Show More

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published.

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Check Also
Close
Back to top button