ImeachtaíÓige

Club Scannáin / Film Club

[tab: Gaeilge]

Club Scannáin

BeBp8saIMAAYas0.jpg largeTá grúpa Gaeilge Uachtar Chluanaí, Glór na Móna, ar tús cadhnaíochta arís leis an togra pobail is déanaí s’acu.  Le blianta beaga anuas, tá Glór na Móna, ag forbairt togra pobail oideachsúla a bhuanaíonn fís dhíchoilínithe agus athbheochana s’acu ag leibheál áitiúil. Bhí cupla sraith leachtanna pobail iontach rathúil le déanaí agus tá sé d’aidhm acú rannpháirtíocht, cumhachtú, muinín agus dlúthpháirtíocht a chothú i measc an phobail.

Le ‘Club Scannáin na Carraige’, ghlac siad seo céim amháin eile le sraith claracha polaitiúla agus stairiúla a chíorann mórcheisteanna ár linne.

Dar leis an phríomheagraí, Conchur Mac Siacais, ‘Tá sé d’aidhm againn oideachas pobail a chur ar fáil ag leibheál áitiúil in spas pobail Glór na Móna a bhéas fáiltiúil, compordach agus oscailte. Roghnaíodh scannán eagsúla, i nGaeilge agus i mBéarla, a théann i ngléic leis an domhan agus sochaí comhaimseartha thart orainn. Tugtar tús áite do scéalta spreagúla streachailte, nuair a sheas iad siúd a bhí faoi chois in eadan an lucht ansmachta.

‘Tá scannáin ann a phléann le stair na hÉireann, cogadh cathartha na Spáinne, streachailt na mban, éagóir na bPáilístíne, réabhlóid Mheiriceá Láidineach,  ceartas don Phobal aerach agus ábhar nach iad.’

‘Tosnaíonn muid ar  31 Eanair leis an chlár ‘Soivéidí na hÉireann’ agus clár fá ‘Liam Mellows’ a chíorann an taobh eacnamíoch sóisialta do réabhlóid na hÉireann agus tá fáilte roimh chách.’

‘Tá muid ag iarraidh deis foghlama, deis machnaimh agus deis díospóireachta a thabhairt don phobal agus dul i ngléic leis an bhréagthuaraim ‘nach bhfuil rogha ar bith eile ann’. Is féidir agus is fiú domhan níos cothroime a bhaint amach. Tá muid cinnte go gcuirfidh an club scannáin go mór leis an phlé ar na bealaí gur féidir linn uilig ról déarfach a imirt ‘sna hiarrachtaí seo.

Le haghaigh tuilleadh eolais, déan teagmháil le Glór na Móna ar oifig@glornamona.com nó scairt ar 90234442. Beidh siad na scannáin á taispeáint in oifigí Ghlór na Móna, ag barr bóthar na carriage báine, in aice leis an Spar.

 

[tab: Béarla]

Film Club

BeBp8saIMAAYas0.jpg largeUpper Springfield Irish language group, Glór na Móna, are at the forefront of community education again with their latest initiative. In recent years, Glór na Móna, have been pioneering community education programmes that promotes their decolonising and revivalist vision at local level. They developed a couple of very successful community lecture series’ in recent times and aim to promote participation, empowerment, confidence and solidarity throughout the community.

With the ‘Whiterock film club’, they have taken this one step further with a series of political and historical films and documentaries that cover the defining issues of our age.

According to its main organiser Conchur Mac Siacais,

‘We aim to facilitate community education in our office space which is welcoming, open and comfortable. We have chosen various films, both in Irish and English, which deal with the contemporary society and world around us. We have prioritised inspirational stories of struggle, when those victims of oppression have stood up and challenged their oppressors.’

‘There are films that cover Irish history, the Spanish Civil War, the women’s struggle, the injustices of Palestine, revolution in Latin America, the fight for equality of amongst the Gay community and many other topics.

‘The series commences on January 31 with the documentary, ‘Soivéidí na hÉireann’ and another short film on Liam Mellows which depicts the socio-economic aspect of the Irish revolution; all are welcome’.

‘We want to give people to opportunity to learn, reflect and debate and challenge the myth that ‘there is no alternative’. A fairer world can and should be fought for. We are in no doubt that the film club will add to the discussion on the ways and means in which we can all play a positive role’.

For further info, contact Glór na Móna on oifig@glornamona.com or call 90234442. The films will be showing at Glór na Móna’s offices at the top of the Whiterock Road, beside the Spar.

 

 

 

Show More

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Back to top button