FéiltíGinearálta

Féile na Carraige 2023 seolta ag Ardmhéara Ryan Murphy

Cruthaíonn an Fhéile ‘spásanna orgánacha agus cruthaitheacha don phobal le teacht le chéile ar mhaithe le smaointeoireacht chriticiúil’ le dlúthpháirtíocht idirnáisiúnta agus díchoilíniú ag croílár na Féile

Seoladh Féile na Carraige inniu (13-10-23) i nGael-Ionad Mhic Goill le brait na Palaistíne, cruthaithe ag daoine óga sa Chumann Óige s’againn, ag maisiú na háite i ndlúthpháirtíocht le muintir Gaza faoi léigear. Chuir an rapálaí agus aisteoir Conor Torbóid siamsaíocht ar fáil don suíomh plódaithe le leagan iontach d’óráid chlúiteach Dhubhghlas de hÍde ar ‘Díghalldú na hÉireann’, chun ceiliúradh a dhéanamh ar 130 bliain de Chonradh na Gaeilge. Seoladh na Féile le hóráidí ó eagraí na Féile Eoghan Ó Garmaile, Ardmhéara Bhéal Feirste Ryan Murphy agus Clárbhainisteoir Pobail Fhoras na Gaeilge Gearóid Trimble chomh maith. Chuir Nuala Ní Scolláin críoch leis an imeacht le dán tochtmhar in ómós an gníomhaí teanga áitiúil Matt Lundy atá imithe ar shlí na fírinne.

Ceannaire Sólás na nÓg, Pádraigín Mhic Mhathúna, mar chathaoirleach an tseolta

Ag labhairt thar ceann Coiste na Féile, mhaígh Eoghan Ó Garmaile: 

”Chífidh sibh Glas, Dubh, Dearg, agus Bán mar phríomhdhathanna na Féile i mbliana. Rinne muid an cinneadh seo míonna ó shin de bharr an mhéadaithe ar fhorghabháil agus coilíneachas Iosrael ar an Phalaistín le tamall anuas – ar ndóigh rinne na gnáth-meáin nuachta neamhaird air seo. Lena chois sin, d’athraigh muid an oíche chultúrtha na Palaistíne le ceol Dé Sathairn (14ú Deireadh Fómhair) go cruinniú poiblí sa Chultúrlann chun gníomhartha práinneacha a eagrú i ndlúthpháirtíocht le muintir Gaza. Tá dlúthpháirtíocht idirnáisiúnta ag croílár Fhéile na Carraige agus an mana ‘Páirteachas, Polaitíocht, Pobal’.

Is ionann sprioc na Féile agus spásanna orgánacha cruthaitheacha do mhuintir an phobail teacht le chéile chun smaoineamh faoi na bealaí chun muid féin a eagrú agus dúshlán a thabhairt ar dhúshaothrú na cosmhuintire.

“Chuige sin, beidh ceardlann ar mhalartú teanga – Gaeilge agus Araibis – ar siúl ar an Luan 16ú chun cúpla focal agus stair na dteangacha a fhoghlaim. Tá lúcháir orainn ár ndlúthpháirtíocht leis an fheachtas ón bhun aníos ‘Flip the Script’ a neartú arís i mbliana le sraith cainteanna úra ar an fholláine a thosófar le comhrá spreagúil leis an Síciatraí Criticiúil iomráiteach, an Dr Pat Bracken, a labhróidh faoin ghéarghá le cur chuige nua daonna maidir leis an tsláinte mheabhrach ar an Chéadaoin 18ú in Ionad Naomh Comhghall.

”Chomh maith leis sin, tá áthas an domhain orainn a fhógairt go mbeidh an Teachta Dála Eoin Ó Broin linn do Léacht Harry Holland agus é ag cíoradh fís s’aige do Chlár Claochlaitheach Tithíochta in Éirinn úr ar an Déardaoin 19ú Deireadh Fómhair i nGael-Ionad Mhic Goill.  Is cinnte go mbeidh na teachtaireachtaí agus éiteas díchoilínithe chéanna ar taispeáint ag Gig na Féile s’againn – chomh maith le hoíche lán de chraic agus spraoi – leis na grúpaí úra Gaeilge Na Shan Vans agus Torby, Niamh Nic Ionnrachtaigh agus na ceoltóirí cumhachtacha Seán-Nóis as Ard Mhacha Theas, Bláithín Mhic Cana agus Piaras Ó Lorcáin a bheas uilig ar an ardán an Satharn 21ú Deireadh Fómhair i nGort na Móna CLG.”

Ag labhairt ar son Foras na Gaeilge, dúirt Géaróid Trimble:

Bunaithe ar bhur mana ‘Páirteachas, Polaitíocht, Pobal’, tá ag iarraidh le Glór na Móna agus le Féile na Carraige pobal Gaeilge a fhás i gceantar an Uachtar Chluanaí atá gríosaithe, atá oilte, agus atá óg.

Tá clú ar phobal na Móna mar gheall ar an obair mhór óige a dhéanann sibh. Níl sampla níos fearr de sin ná an tionscadal ceannródaíoch eile sin de bhur gcuid, Sólás na nÓg’ a bhfuil a mhana snasta féin aige: ‘Comhbhá, Cothú, Cumasú’. Comhbhá, Cothú, Cumasú na chéad ghlúin eile – nach sin an fáth a bhfuil muid uilig anseo? Nach sin an fáth a ndéanann muid an obair a dhéanann muid?

Ach le Féile na Carraige, ní amháin go ndéanann sibh ceiliúradh den phobal mór óg sin trí dheiseanna a chur ar fáil do dhéagóirí agus do cheannasaithe na todhchaí, mar a dhéanann clár na féile seo chomh héifeachtach sin – ach tugann sibh go leor deiseanna do dhaoine níos aosta, do mhuintir níos aibí in bhur bpobal, teacht le chéile trí mheán na Gaeilge, a chuid óige féin a athbheochan agus fuinneamh s’acu a mhéadú trí pháirteachas sna gníomhaíochtaí iontacha seo. Is ag tógáil pobal óg agus ag coinneáil pobal óg atá sibh a chairde, agus tréaslaím libh.”

Bhí an t-ardmholadh seo ag teacht go mór le hArdmhéara Ryan Murphy a mhaígh:

“Go raibh maith agat as an chuireadh a bheith anseo ag seoladh Fhéile na Carraige, togra eile a léiríonn misneach agus gníomhaíochas – saintréithe Ghlór na Móna. Cuimsíonn an seoladh seo na gnéithe céanna atá ag tiomáint athrú fud fad Bhéal Feirste. Tá an dóchas agus an dua sin ar son na bpobal áitiúil, agus pobal na Gaeilge go háirithe, ag cur beocht ar an chathair ar fad.

“Ní ghlacann Glór na Móna sos agus iad ar tóir an mhéid atá uathu.  Is pleananna ceannasacha agus riachtanacha iad chun an t-ionad ilfheidhme spleodrach a thógáil le teaghlaigh agus daoine óga lárnach, ag tiomáint Óige, Pobal, Oidhreacht, agus Folláine san Uachtar Chluanaí agus níos faide anonn. Is sampla iontach eile é seoladh Fhéile na Carraige i mbliana den mhisneach sin ar mhaithe leis an eagraíocht agus an pobal níos leithne.”

Chun críoch a chuir ar an imeacht, d’achoimrigh Eoghan Ó Garmaile:

“Mar is gnáth, díríonn Féile na Carraige ar na dúshláin agus féidearthachtaí atá os ár gcomhair mar phobal maidir le hathghiniúint teanga, Éire Aontaithe agus neodracht na tíre, ceartas eacnamaíochta trí thithíocht do chách agus cur chuige úr daonna maidir le Sláinte Mheabhrach agus ceisteanna breise nach iad. Caithfidh muid gníomhartha a spreagadh as na ciorcail seo agus sochaí ní ar son lucht an rachmais mar atá faoi láthair, ach ar mhaithe leis an lucht oibre, agus mar a dúirt an Fealsamh agus Gníomhaí Díchoilínithe, Frantz Fanon: ‘Every generation must, out of relative obscurity, discover its mission, fulfill it or betray it.’ Go n-éirí linn!”

Show More

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Back to top button