Ginearálta

RITH 2012

[tab: Gaeilge]

Tá Gaeil ón Cheathrú Ghaeltachta agus Uachtar Chluanaí ag ullmhú in éineacht le Gaeil eile ó fud fad Bhéal Feirste agus na mílte eile ar fud an oileáin chun páirt a ghlacadh san fhéile náisiúnta, RITH 2012. Cludóidh an rith urraíochta spraoi seo níos mó na 700 cilimeadair, ceithre chúige, 15 contae agus beidh níos mó ná 20,000 páirteach ann. Tosnaíonn sé i dTír Chonaill ar 8 Márta agus críochnaíonn sé ar Oileán Arann na Gaillimhe ar Lá Fhéile Pádraig ar 17 ú Márta ach téann sé fríd Béal Feirste ar an bhealach ar mhaidin Shathairn, 10 Márta.  An phríomhaidhm atá ag an RITH ná stadas agus próifíl na teanga  a ardú ar fud na tíre agus airgead a thiomsiú leis an teanga a chuimsiú ag leibhéal áitiúil.

 

Tá pobal na Gaeilge in Uachtar Chluanaí ag ullmhú go dian chun páirt a ghlacadh i gcomhar le Gaeil ar fud na cathrach. Tosaíonn slí Fheirsteach ar an Satharn, 10 Márta ag 8.45 r.n ag Gaelscoil Éanna i nGleann Ghorm Liath sula dtéann sé i dtreo lár na cathrach. Ansin, rachaidh sé suas Bóthar na bhFál, Bóthar na Carraige Báine, fríd cheantar an Uachtar Chluanaí sula dtéann sé suas Baile Andarsan agus Bóthar Seoighe sula sroicheann sé pointe críche an reatha i mBéal Feirste i gCill Uaidh timpeall 11 ar maidin.

 

Ag caint ar na pleananna seo, dúirt ball coiste RITH Bhéal Feirste, Feargal Mac Ionnrachtaigh, ‘Tá tacaíocht iontach faighte againn i mBéal Feirste. Díoladh agus tugadh urraíocht don 22 cilimeadair sa chathair le seachtain fágtha roimh an lá mhór. Beidh Gaelscoileanna, scoileanna Béarla, cumainn CLG, gnónna agus eagraíochtaí pobail rannpháirteach ann. Iompróidh iad siúd a cheannaigh ciliméadair an baton don chiliméadar sin agus beidh deis acu RITH a úsáid chun airgead a bhailiú do scoileanna, chumainn agus thógraí phobail s’acu féin. Ag cois na ceathrún Ghaeltachta in íochtar na bhFál, bhearfaidh Scoil Ghramadaí Naomh Doiminic an bata do Ghaelscoil na bhFál a bhearfaidh é do Choláiste Feirste a ghlacfaidh isteach chuig ceantar Uachtar Chluanaí é, áit a ghlacfaidh daoine óga ó Bhunscoil an tSléibhe Dhuibh agus Gaelscoil na Móna seal s’acu. Is iad sult agus rannpháirteachas atá i gcroílár na féile. Tá féaradh na fáilte roimh chách ar an lá teacht amach agus tacaíocht s’acu a léiriú.

 

Ag labhairt do ar pháirt s’acu sa RITH, chuir Conchur Ó Muadaigh ó chumann óige lánGhaeilge, Cumann Óige Chlunaí, síos ar an fhonn spreagúil sa cheantar; ‘Tá pobal Uachtar Chluanaí ag tabhairt an-tacaíocht do RITH 2012, le scoileanna, daoine óga, tuistí agus daoine aonaracha sa phobal ag tairiscint lámh cuidithe. Nuair a ghlacaimid san áireamh go bhfuil níos mó ná 50% do dhaonnra scolaíochta an cheantair ag freastal ar Ghaelscoileanna, ní ábhar iontais ar bith é seo. Tá gníomhaithe teanga sa cheantar brodúil as an mhéid atá bainte amach acu go dtí seo agus bainfidh siad úsáid as RITH 2012 chun céiliúradh a dhéanamh agus chun tógáil don todhchaí. Tá daoine óga ó Chumann Óige Chluanaí, ag dúil go mór leis an Satharn 10 Márta chun tacú leis an trí Ghaelscoil sa cheantar agus an iliomad daoine eile ón mhórphobal i gcoitinne agus páirt a ghlacadh san fhéile náisiúnta iontach seo.

 

Ní mór dóibh siúd atá ar lorg tuilleadh eolais ar RITH 2012, chomh maith leo siúd ar suim leo bheith ag obair mar mhaoir ar an lá, teagmháil a dhéanamh le Feargal Mac Ionnrachtaigh ar 07841101630 / nó feargal@forbairtfeirste.com Tuilleadh eolais ar www.rith.ie fosta.

[tab: English]

Gaels from from the Gaeltacht Quarter and the Upper Springfield area are preparing to join Gaels from across Belfast and thousands more throughout the island in taking part in the innovative national festival RITH 2012. The ten day sponsored fun-run will cover 700 kilometres going through 4 provinces, 15 counties and involve over 20,000 people. It begins in Donegal on March 8 and finishes in Galway’s Aran islands on St Patrick’s day on March 17 but passes Belfast in route on Saturday morning, March 10. Its main aim is to raise the status and profile of the Irish language across Ireland and raise much needed funds to further develop and promote the language at a local level.

 

The Upper Springfield Irish speaking community are ardently preparing for participation in conjunction with their fellow Gaels throughout the city. The Belfast route will commence on Saturday morning, March 10 at 8.45 at Gaelscoil Éanna in Glengormley before heading through North Belfast towards the city centre. It then commences up the Falls road, up the Whiterock road and through the Upper Springfield area before heading up Andersonstown and Shaws Road towards its final Belfast destination at Scoil na Fuiseoige in Twinbrook where it will land around 11am.

 

Speaking on these plans, Belfast RITH committee member, Feargal Mac Ionnrachtaigh, stated, ‘The response in Belfast has been immense. All 22 kilometres have been sponsored and sold with over a week remaining to the big day. Irish schools, English Schools, GAA clubs, businesses and community organisations are amongst participating who have purchased a kilometre. Those who purchase the kilometre will carry the baton for the duration of that kilometre and can utilise the RITH to raise funds for their own schools, clubs and community projects as well. At the foot of the Gaeltacht quarter in the Lower Falls, Gaelscoil an Lonnáin will hand the baton to St Dominics Grammer school, who’ll then hand it to Gaelscoil na BhFál who give to Coláiste Feirste to bring it into the Upper Springfield where young people from Bunscoil an tSléibhe Dhuibh and Gaelscoil na Móna will wait their turns. The key is enjoyment and participation. Everyone is welcome on the day to come out and show their support.’

 

Speaking on their participation in the RITH, Conchur Ó Muadaigh from Glór na Móna’s Irish medium youth club, Cumann Óige Chluanaí, outlined the mood in the area. ‘The Upper Springfield have been immensely supportive of RITH 2012, with schools, children, parents and individuals in the community all lending a hand. Considering that over 50% of the area’s school going population attend Irish medium schools, this is hardly surprising. Language activists in the area are proud of our achievements to date and will use RITH 2012 to celebrate our successes and build for the future. Children from our youth club, Cumann Óige Chluanaí can’t wait until Saturday 10 March to join the three Irish schools in the area and many more from the wider community in taking part in this fantastic national festival.’

 

Anyone looking further information about RITH 2012 including those wishing to volunteer as a steward on the day should contact Feargal Mac Ionnrachtaigh / 07841101630 feargal@forbairtfeirste.com Additional info also on www.rith.ie

Show More

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Back to top button