GinearáltaÓige

SABHÁIL ÁR SEIRBHÍSÍ ÓIGE

Scriosfar Seirbhísí Óige Gaeilge le Cinneadh Maoinithe an tÚdarás Oideachais

Ciorruithe de bhreis agus £86,000 a dhruidfidh seirbhísí Bhéal Feirste láithreach lom; caillfear cúig phost; ciorruithe réigiúnacha a bhfuilltear ag súil leo

Tá iontas agus díomá nach beag ar phobal na Gaeilge de dheasca an chinnidh is déanaí a rinne an tÚO i dtaca le hobair óige Ghaeilge. Rachaidh an cinneadh maoinithe seo i bhfeidhm go díréireach ar sheirbhísí óige Gaeilge atá ar an líne thosaigh, is ionann sin a rá agus postanna obair óige ar fud na hearnála a chailleadh agus deireadh a chur leis na céadta uaire de sholáthar obair óige.

Chuir an tÚO in iúl do chumainn óige Ghaeilge nach féidir cloí le maoiniú faoi leith don earnáil óige Ghaeilge agus nach féidir é a chur ar aon dul leis an scéim úr maoinithe. Leis seo, cuirfear deireadh le maoiniú stairiúil do 24 chumann óige a sholathraíonn seirbhísí Gaeilge fud fad an Tuaiscirt. Caillfear an maoiniú uile a íocann as speansais foirne dá bharr sin.

Beidh tionchar thar a bheith láidir ag na ciorruithe seo ar Iarthar Bhéal Feirste, ceantar ina gcaillfidh eagras óige Gaeilge an Uachtar Chluanaí, Glór na Móna, 98% dá mhaoiniú atá thart ar £88,000 um thograí óige ón chéad lá de mhí Aibreáin. Má chuirfear é seo i bhfeidhm, caillfidh cúigear a bpost; Ceannaire Óige Lán-aimseartha, oibrí 25 huaire, agus triúr oibrithe 15 huaire. Tugtar aitheantas do Ghlór na Móna mar an cumann óige is mó rath air in Éirinn. Cuireann sé seirbhísí ar fáil 5 hoíche in aghaidh na seachtaine agus tá 160 ball a fhreastalaíonn ar an chumann i rith na seachtaine.

Luaigh Stiúrthóir Ghlór na Móna, Feargal Mac Ionnrachtaigh, na mothúcháin seo nuair a dúirt sé:

“Tá an-díomá orainn mar gheall ar an chinneadh mhillteanach seo. Go praiticiúil, caillfidh cúigear a bpost, ceannaire lán-aimseartha san áireamh agus i ndáiríre cuireann sé ár 160 duine óg ar na sráideanna gan soláthar Gaeilge ar bith eile sa cheantar. Tá fás suntasach tagtha ar ár scoil Iar-Bhunscoile áitiúil, Coláiste Feirste, le cúig bliana anuas – ag ardú ó 650 dalta go 900. Agus feictear an fás céanna inár mbunscoileanna Gaeilge atá anois ag cur thar maoil seachnóin iarthar na cathrach. Freastalaíonn ár ndaoine óga ar ár gcumann cúig hoíche in aghaidh na seachtaine agus go bunúsach níl áit ar bith eile le dul acu a solathraíonn deiseanna foghlama neamhfhoirmeálta trína dteanga féin i dtearmann saincheaptha, sábháilte a éascaíonn úsaid na teanga sóisialta.

Tá an cinneadh seo ag teacht salach ar fad ar dhualgas reachtúil an Roinn Oideachais le “forbairt oideachas trí mheán na Gaeilge a éascú agus a spreagadh” a cumhdaíodh i gComhaontú Aoine an Chéasta. Ní ghlacfaidh ár ndaoine óga, a dtuismitheoirí, nó pobal Iarthar Bhéal Feirste leis an chinneadh seo nó an neamhaird réchúiseach ar a gcearta, áfach.”

Dúirt an t-oibrí deonach, Connlaoi Gillen, atá sé bliana déag d’aois agus atá ag freastal ar Ghlór na Móna ó bhí sé seacht mbliana d’aois:

“Is ábhar náire amach is amach é seo. Ní thuigeann muid an dóigh do dtig leis na daoine i gcumhacht cinneadh den saghas seo a dhéanamh agus ár gcumann – atá mar mhórchuid dár saol – a dhruidim. Tá mise ag freastal ar Ghlór na Móna ó bhí mé seacht mbliana d’aois agus d’aithin mé go raibh sé ag forbairt le bheith ar an chumann óige is mó sa cheantar. Bhí sé seo faoi thiochar na n-oibrithe deonacha agus na ndaoine óga agus tá sé mar a bheadh an dara baile agam. Tá an Ghaeilge beo inár gcumann agus bíonn craic den chéad scoth againn. Níl sé ceart ná cóir é seo a bhaint dínn. Ní thiocfadh linn glacadh go humhal leis seo agus caithfidh muid a bheith mar chuid den troid.”

Titfidh cruinniú poiblí amach Déardaoin seo chugainn, 24 Feabhra lasmuigh de Ghaelionad Mhic Goill, Glór na Móna i gceantar an Uachtar Chluanaí ar 7:30in. Iarrann muid oraibh bhur ndícheall a dhéanamh freastal ar an chruinniú seo agus a léiriú dóibh siúd i gcumhacht go bhfuil muid aontaithe inár dtacaíocht dár ndaoine óga. Tá muid Dearg le Fearg. Ní féidir plé a dhéanamh ar Chearta ná ar Acmhainní./Tá Cearta agus Acmhainní neamh-inphléite.

Is ionann ionsaí ar ár gcumainn agus ionsaí ar ár bpobal. Bígí Linn!

Show More

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Back to top button