GinearáltaÓige

MÉADÚ AR MHAOINIÚ DO SHEIRBHÍSÍ ÓIGE GAEILGE

Cuireadh breis uaireanta le hathchóiriú maoiniú óige Ghlór na Móna tríd an mhaoiniú soláthar breise ón Údarás Oideachais i mBéal Feirste

Tugadh aitheantas sa bhreis do phobal na Gaeilge nuair a fógraíodh go mbeidh an tÚdarás Oideachais ag soláthar maoiniú sa bhreis do Ghlór na Móna tríd an scéim maoinithe soláthar breise, mar thoradh ar na hiarrachtaí a rinneadh le seachtainí anuas. Bhí an scéal go mór i mbéal na meán cumarsáide nuair a bhain an tÚA maoiniú cuí ó chumainn óige Gaeilge ó Bhéal Feirste trí Ghlór na Móna a dhiúltú don scéim maoinithe soláthar breise ag deireadh mhí an Mhárta. Chiallaigh seo go raibh druidim láithreach ar 4 chumann óige i mBéal Feirste mar aon le cailliúint ar 4 phost óige.

 

Bhuail Gavin Boyd, Príomhfheidhmeannach an Údaráis Oideachas, le Glór na Móna, áfach, i ndiaidh feachtas glórach cumhachtach a ghríosaigh na céadta tuismitheoirí agus daoine óga ag cruinnithe agus agóidí poiblí ag oifigí an ÚA. I gcaitheamh na gcruinnithe seo, d’aontaigh sé le hathchóiriú láithreach a dhéanamh ar an mhaoiniú do sheirbhísí óige Gaeilge i mBéal Feirste agus bun stádas réigiúnach a sholáthar do Ghlór na Móna leis an obair seo a mhaoirsiú.

I lár na géarchéime óige seo, d’athoscail an tÚA an Scéim Soláthar Breise do na grúpaí ar diúltaíodh ar an chéad dul síos. D’éirigh le hiarratas Ghlór na Móna chomh maith le grúpaí eile, a chiallaigh go mbeidh na grúpaí rathúla ar fad in ann uaireanta breise agus cláir dheireadh seachtaine a sholáthar.

Mhaígh Conchúr Ó Muadaigh, oibrí óige Ghlór na Móna, ar tugadh a phost ar ais dó i ndiaidh an fheachtais;

“Tugann an méadú maoinithe seo spreagadh millteanach do Ghlór na Móna agus d’obair óige Gaeilge ar fud Bhéal Feirste. Thosaigh muid le scéal tubaisteach nuair a baineadh 65 uair an chloig d’obair óige ón phobal áitiúil thar oíche, ansin tugadh na huaireanta ar ais i ndiaidh na hagóide, agus anois beidh muid ag cur lenár soláthar le 45 uair an chloig sa bhreis agus ag fógairt 4 phost bhreise sna seachtainí amach romhainn.

“Beidh muid anois in ann a bheith oscailte ag an deireadh seachtaine agus deiseanna níos fearr a thabhairt dár ndaoine óga, mar thoradh ar na huaireanta sa bhreis. Bhí muinín againn inár n-obair i gcónaí, ach chinntigh ár bhfeachtas go bhfuil tacaíocht ár bpobail againn agus bhí ról lárnach ag brú ó dhaoine sa bhua seo. Léiríonn seo go dtig le stocaireacht phoiblí athrú a dhéanamh. Is sampla amháin é ár bhfeachtas sluamhaoinithe ar tiomantas agus ar fhlaithiúlacht daoine, a thóg beagnach £5000. Fostófar Gerard McGuinness, a labhair go tochtmhar agus go láidir ag an chruinniú phoiblí, do 10 n-uaire sa tseachtain don bhliain amach romhainn de bhrí an tsluamhaoinithe.”

Ag caint dó i ndiaidh an bhua, dúirt Gerard McGuinness, oibrí óige Ghlór na Móna;

“Tá mé thar a bheith tógtha maidir leis an tacaíocht a fuair muid agus na daoine ar fad a aithníonn tábhacht ár seirbhísí leis na daoine óga. Ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil le gach duine a thug airgead don tsluamhaoiniú, atá anois ag tabhairt na deise domhsa a bheith ag leanstan le mo chuid oibre le daoine óga. Tá an tseirbhís is fearr óige go huile is go hiomlán tuillte ag na daoine óga iontacha s’againne.”

Chuir Feargal Mac Ionnrachtaigh, Stiúrthóir Ghlór na Móna, lena raibh ráite;

“Fáiltíonn muid an maoiniú breise ón ÚA a chuirfidh go mór lenár soláthar seirbhísí óige, atá ar thús cadhnaíochta, sna míonna amach romhainn do phobal na Gaeilge. Is céim dhearfach í seo a mholann agus a aithníonn an obair luachmhar atá ar bun againn anseo i mBéal Feirste agus i gcéin. Tá súil againn go mbeidh muid in ann leanstan le dul i ngleic leis an Uasal Boyd agus a oifigigh amach anseo chun cinntiú go mbeidh obair óige an Ghaeloideachais leanúnach, príomhshrutha agus maoinithe mar is ceart. Is céim í an méadú maoinithe seo i dtreo cur chuige níos straitéisí, ciallmhaire agus fadtéarmaí a aimsiú d’Obair Óige Gaeilge.”ch romhainn de bhrí an tsluamhaoinithe.”

Show More

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Back to top button