Logainmneacha

Síniú nua dátheangach i Paráid Ard Monaigh

Gaeilge i lár an aonaigh san Uachtar Chluanaí B’é an fhéile Gaeilge le bród is fearr i dtaca le líon na ndaoine a d’fhreastal ar na himeachtaí agus caighdéan na n-imeachta comh maith. Dár le Glór na Móna an eagraíocht bríomhar cur chun cinn na Gaeilge san Uachtar Chluanaí go ndeachaigh an fhéile i bhfeidhm ar gach cuid den phobal idir óg agus aosta.

Mhínigh Feargal Mac Ionrachtaigh, Cathaoirleach Ghlór na Móna na cuspóirí taobh thiar den fhéile. ‘Rinne Glór na Móna taighde i 2005 ar líon na nGaeilgeoirí sa cheantar agus nuair a fuair muid amach go bhfuil ar a laghad 15% líofa agus cuid Gaeilge ag leath den phobal cuireadh an fhéile ar bun. Bunaíodh ár bhféile chun na daoine seo a chéiliúradh agus chun daoine nár chuala dea scéal na Gaeilge a mhealladh inár dtreosa. Is ábhar bróid dúinn gur éirigh thar barr linne i mbliana go háirithe leis na himeachtaí úra. Is rud iontach é don phobal ar fad go dtig linn níos mó ná 30 imeacht a chur ar siúl sa cheantar agus gur éirigh linn i ngach ceann acu. Is cinnte gur chuir muid leis an gheilleagar áitiúla agus níos tábhachtaí ná sin gur spreag muid daoine i dtreo an teanga’. Titeann an fhéile amach gach dara deireadh seachtain i mí na Samhna gach bliain.

Show More

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Check Also
Close
Back to top button