Tá Féile na gCloigíní Gorma ar ais arís i mbliana agus spreagtha ag Teaghlaigh Chnoc na Foinse agus An Charraig Thiar
Leis na focal faire ‘Pobal, Dlúthpháirtíocht, Folláine’, labhair aoichainteoir idirnáisiúnta agus sóisialach Grace Blakeley ar ‘Existence is Resistance: Capitalism and How We Replace It’

Seoladh Féile na gCloigíní Gorma i Gael-Ionad Mhic Goill a bhí dubh le daoine ar an Aoine 8ú Bealtaine. Bhunaigh gníomhaithe áitiúla san Uachtar Chluanaí agus na ceantair máguaird Féile na gCloigíní Gorma in 2017 mar fhreagairt ar thréimhse gharbh na déine a d’fhág muintir na háite in ísle brí, ag athnascadh muintir na háite leis an timpeallacht galánta thart orainn, i measc bealaí eile chun dlúthpháirtíocht a léiriú leis an phobal. Bláthaíonn lear mór Cloigíní Gorma fiáine atá dúchasach de Pháirc Tua an tSléibhe Dhuibh achan Bhealtaine.

Dúirt eagraí na féile Nuala Ní Scolláin thar ceann an choiste:
“Sa 8 lá den fhéile, beidh imeachtaí ar siúl dotheaghlaigh agus do dhaoine de gach aois a bhfuil suim acu sa timpeallacht, an Ghaeilge, spórt, an tsláinte mheabhrach, stair, aclaíocht, ealaín, ceol, polaitíocht, cainteanna, scannánaíocht, drámaíocht agus go leor eile!
”Gach bliain tá borradh ag teacht ar an 8 lá speisialta seo leis na heochairfhocail Pobal, Dlúthpháirtíocht agus Folláine lárnach ann. Cuireann sé gliondar ar ár gcroíthe a fheiceáil go bhfuil níos mó agus níos mó den phobal áitiúil agus níos leithne rannpháirteach san fhéile. Ar a bharr sin, chonaic muid na toscaireachtaí idirnáisiúnta is mó ar an fhéile go dtí seo le cúpla bliain anuas.

“Ní bheadh ann don fhéile gan na pairtnéirí spreagúla a eagraíonn clár pacáilte gach bliain, agus áthas an domhain orainn go mbeidh ceardlann rannpháirteach ann lenár gcomrádaithe sa Script Úr don tSláinte Mheabhrach de chuid PPR, réimse d’imeachtaí le Fís an Phobail, agus beidh an togra spreagúil dírithe ar neamhspléachas an bhia ar ais le linn na féile, ‘Feirm an Phobail’ eagraithe ag Gairdín an Phobail. Le mana na dlúthpháirtíochta ag croílár Fhéile na gCloigíní Gorma, is príomhthéama é an frith- chiníochas i mbliana. Chuige sin, tá muid ar bís gur pairtnéireacht oifigiúil na Féile iad an feachtas Kind Economy arís, a éilíonn #TógAnCosc atá roimh iarrthóirí tearmainn a bheith ag obair sna 6 chontae, sa Lón Mór an Phobail bliantúil. Ar a bharr sin, aibhsíonn an fhéile i mbliana foréigean in éadan na mban atá ag méadú gach bliain in Éirinn. Ach go háirithe, is mór an onóir dúinn go seolfaidh na teaghlaigh spreagúla Chnoc na Foinse agus an Charraig Thiar an Fhéile agus go mbeidh siad chun tosaigh ar mhórshiúl na Féile i mbliana.”







