Ginearálta

TÁ GLÓR NA MÓNA AR LORG OIFIGEACH FORBARTHA GAEILGE

Glór na Móna-Guth Gaelach an Uachtar Chluanaí 

 Is eagraíocht Ghaeilge agus cultúrtha Glór na Móna i gceantar Uachtar Chluanaí in Iarthar Bhéal Feirste. Bunaíodh muid i 2004 agus is grúpa pobail muid a chuireann chun cinn an Ghaeilge sa phobal mar áis athbheochána pobail agus athghiniúint soch-eacnamaíochta  i gCeantar an Uachtair Chluanaí.

Amharcann muid ar obair s’againn mar chuid do thionscadail an dhícholíneachais ina spreagann obair athbheochána teanga, rannpháirteacht agus cumhachtú ar bhealach a chothaíonn muinín agus dlúthpháirtíocht i measc an phobail.

 Solatharaíonn muid ranganna Gaeilge, oícheanta shóisialta, turasanna chuig an Ghaeltacht, feachtasaíocht ar cheartaí teangan, cumann óige trí mheán na Gaeilge, laetheanta teaghlaigh, campaí do spóirteanna Ghaelacha agus and féile pobail, Féile Gaeilge le Bród.

Tá Glór na Móna ar lorg Oifigeach Forbartha Gaeilge

 Post lánaimseartha: Trí bliana

Eanáir 2011 – Nollaig 2013

Critéir Riachtanacha:

  • Gaeilge líofa idir labhairt agus scríobh.
  • Taithí ar bhainistiú cláir imeachtaí agus forbairt plean oibre pobail.
  • Taithí ar theagasc agus ar stiúradh cúrsaí oideachais
  • Taithí ar obair óige is forbairt tionscadail óige
  • Duine fuinniúil gníomhach féinmhuiníneach a dtig leis/léi obair a dhéanamh as a stuaim féin agus mar chuid d’fhoireann.
  • Scileanna maithe ríomhaireachta agus riaracháin.

Tuarastal Túsphointe Scála £24,089 ag brath ar thaithí agus cháilíochtaí.

 Seolfar CV chuig Cathaoirleach Glór na Móna ag an seoladh thíos:

 Feargal Mac Ionnrachtaigh,

Cathaoirleach

Glór na Móna

199 Bóthar na bhFál

Béal Feirste

BT12 6FB

 Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil le Feargal ar feargal@forbairtfeirste.com nó cuir scairt air 07841101630

 Spriocdháta iarratais: Luan 6ú Nollaig 2010 5pm, Agallaimh ar an Mháirt 14ú Nollaig 2010.

 Tá an post seo á mhaoiniú ag Foras na Gaeilge.

Is fostóir comhdheiseanna é Glór na Móna 

Show More

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Back to top button