Ginearálta

BAOL ar phleananna d’áis nua ceannródaíoch Ghaeilge in Iarthar Bhéal Feirste mar gheall ar easpa maoinithe

Lonnaithe ar Bhóthar na Carraige Báine, tá clú náisiúnta agus idirnáisiúnta bainte amach ag áis reatha Ghlór na Móna, Gael-Ionad Mhic Goill, mar mhol pobal ceannródaíoch d’athbheochan teanga ón bhonn aníos. Tá obair óige trí mheán na Gaeilge anois ina cuid ríthábhachtach de líonra atá ag fás i gcónaí na Gaeilge ar fud na cathrach.

Thug An Ghael Ionad deis do Ghlór na Móna fás agus leathnú suntasach a dhéanamh ina gcuid tionscadal pobal, agus d’éiligh sé sin go mbeadh dara céim den togra caipitil ann chun an fhís uaillmhianach a fhorbairt ar thalamh folamh na comhairle in aice leis an ionad.

Tá maoiniú £1 milliún faighte ag an togra, ar a dtugtar Croí na Carraige, ach toisc go gcosnóidh an chéad chéim thart ar £1.6 milliún, tá am ag rith amach chun an maoiniú breise a fháil chun tús a chur leis an obair i mbliana.

Mhínigh Feargal Mac Ionnrachtaigh, Stiúrthóir Ghlór na Móna:

“Tá cead pleanála againn áis óige, pobail agus oidhreachta saintógtha a thógáil ar an suíomh – Croí na Carraige.

“Tá £1 milliún de mhaoiniú caipitil faighte againn, lena n-áirítear £500,000 ó Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste, atá ina úinéir ar an talamh. Tá foireann deartha curtha ar fáil againn chomh maith.

“Tá maoiniú faighte againn freisin ón Chiste Infheistíochta Gaeilge agus ón Chiste Oileán Comhroinnte.

“Tá costas thart ar £1.6 milliún i gceist le Céim a hAon den fhoirgneamh, agus mar sin tá £600k in easnamh orainn.

“Fuair muid tacaíocht ar dtús ón Roinn Pobal nuair a bhí Deirdre Hargey ina hAire, nuair a thacaigh an Roinn lenár Staidéar Inbhuanaitheachta agus lenár mbotháin shealadacha. In 2024, ní hamháin gur éirigh linn £500,000 a fháil ó Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste, ach fuair muid maoiniú comhoiriúnach ón Chiste Infheistíochta agus ón Chiste Oileán Comhroinnte freisin.

“Nuair a cheap an chomhairle foireann deartha i mí Mheán Fómhair tar éis do Chroí na Carraige cead pleanála iomlán a fháil, bhí muid ag súil go mbeadh an Roinn Pobal sásta an maoiniú comhoiriúnach a sholáthar. Ina áit sin, dúirt oifigigh shinsearacha linn gan dul chun cinn mar nach bhfuil aon airgead ar fáil. Bhí cuairt againn le déanaí ón Aire Oideachais, Paul Givan, agus dúirt sé an rud céanna. Creidimid go bhfuil an maoiniú ann má dhéanann an tAire Lyons é a phríorú.

“Tá muid anois ag an phointe nuair is gá dúinn ár mbailiú airgid féin a thoiseacht. Bhí mé i SAM an tseachtain seo caite chun tús a chur leis an phróiseas sin.

“Tá muid i ndeireadh na feide. Níl na háiseanna reatha seo mór go leor dár dtionscadail óige agus do na heagraíochtaí teanga ceannródaíocha eile atá lonnaithe anseo, Fóram na nÓg agus Fís an Phobail. Tá breis agus 27 bliain caite ó shíníodh Comhaontú Aoine an Chéasta agus tá ár n-óige go fóill ina gcónaí i mbotháin. Níl sé sin maith go leor.

“Ní mór tús a chur leis an obair in 2025 mar tá am teoranta ann chun an maoiniú caipitil atá faighte againn a úsáid, nó tá baol ann go gcaillfear é.

“Creidimid gurb í seo an áis Gaeilge ceannródaíoch ar oileán na hÉireann agus ní mór í a thabhairt chun críche agus í a phríorú ag an Aire.”

Dúirt Emma Ní Mhuireagáin, Comhordaitheoir Chumann Óige Uachtar Chluanaí, eagraíocht óige atá lonnaithe in áis reatha Ghlór na Móna, An Ghael Ionad, go bhfuil easpa spáis ina fhadhb mhór:

“Ní mór aitheantas a thabhairt don borradh atá ag teacht ar an earnáil. Tá 150 duine óg againn gach seachtain lonnaithe i mbotháin – níl sé sin ceart.

“Thabharfadh Croí na Carraige deis dúinn áis speisialta a bheith againn d’óige agus ár gcuid oibre a fhorbairt níos faide.”

Dúirt Pádraigín Nic Mhathúna ó Shólás na nÓg, atá lonnaithe ann freisin:

“Tá ár dtionscadal dírithe ar thacaíocht a thabhairt do dhaoine óg le riachtanais foghlama breise ó scoileanna Gaeltachta.

“Táimid ag obair as botha phórtair agus is stóras é an seomra céadfaíochta atá againn i gcúl an bhotha. Tá easpa áiseanna agus spáis ag cur go mór ar chumas ár ndaoine óg forbairt a dhéanamh.”

Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil le feargal@glornamona.com

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

Back to top button