Ginearálta

Tacaíocht Rialtas na hÉireann ar son Acht Gaeilge

Cuireann Glór na Móna fáilte roimh thacaíocht Rialtas na hÉireann ar son Acht Gaeilge agus iarrtar orthu an tiomantas sin a athdhearbhú i rith idirbheartaíochta.

Thug Glór na Móna cuireadh don Aire Coveney chuig Gael-Ionad Mhic Goill, foirgneamh pobail agus óige, ar na mallaibh chun eispéireas pearsanta a fháil ar phobal bríomhar na Gaeilge ó thuaidh, i ndiaidh ráitis dhearfacha an Aire ag tacú le hAcht Gaeilge.

Cé nach bhfuil an chuairt socruithe go fóill, chuir an tAire in iúl i litir chuig Glór na Móna go bhfuil an Rialtas ‘docht daingean ar an tseasamh gur chóir Comhaontú Aoine an Chéasta agus comhaontú ar bith eile ina dhiaidh sin a chur i bhfeidhm ina n-iomláine’.

Dhearbhaigh an tAire go dtugann Rialtas na hÉireann ‘tacaíocht láidir do bhunús reachtúil don Ghaeilge sna Sé Chontae mar a bhí i gceist ag Comhaontú Chill Rímhinn’. Mar aon leis sin, luaigh sé, ‘Mar chomhráthóirí ar Chomhaontú Aoine an Chéasta, leanfaidh an Rialtas ar aghaidh ag obair go dian ar chur i bhfeidhm an chomhaontaithe ina iomláine.’

Dúirt Conchúr Ó Muadaigh, Oifigeach Óige Ghlór na Móna;

‘Is ábhar mór misnigh é freagra cuimsitheach agus láidir ó Rialtas na nÉireann i dtaca le héilimh phobal na Gaeilge ar son Acht Gaeilge. Tagann seo le tromlach na bpáirtithe polaitíochta, leis na CTR agus leis an mhórphobal anseo ó thuaidh. Léiríonn seo go bhfuil gníomh anois de dhíth le comhlíonadh praiticiúil mar aon le hAcht Gaeilge ceartabhunaithe a chur i bhfeidhm. Muna dtig le Stormont seo a chur i bhfeidhm, ba chóir do Rialtas na Breataine!’

‘Tá baill againn inár gcumann óige a rugadh i ndiaidh Chomhaontú Chill Rímhinn agus i ndiaidh 10 mbliana leanúnacha de roinnt na cumhachta, níor comhlíonadh na gealltanais a rinneadh dóibh riamh. Léiríonn ár dtaithí nach dtig leis an tionól na hathruithe cuí a chomhlíonadh agus ba chóir seo a aontú i rith na gcainteanna. Tá tacaíocht Rialtas na hÉireann ar son Acht Gaeilge neamhspleách ceartabhunaithe, ríthábhachtach in alt na huaire seo.’

Show More

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Back to top button