GinearáltaOideachasÓige

Tionscadal ceannródaíoch óige lán-Ghaeilge ‘a chinntíonn nach bhfágtar aon duine óg ar lár’

Tuarascáil taighde ar Shólás na nÓg ag cur síos ar thionscadal ceannródaíoch óige a bhfuil “ceachtanna le roinnt aige le pobail teanga mhionlaigh ar fud an domhain”

Sheol an eagraíocht óige agus phobail Ghaeilge i mBéal Feirste Thiar, Glór na Móna, tuarascáil thaighde mheasúnaithe nua  ar an tionscadal óige Sólás na nÓg, tionscadal a thugann tacaíocht do dhaoine óga a bhfuil riachtanais bhreise acu. Seoladh an tuarascáil mar chuid de Fhéile na Carraige, féile bhliantúil Dheireadh Fómhair Ghlór na Móna, agus rinne an taighdeoir An Dr Órla Nig Oirc í a ullmhú. Cuireann an tuarascáil argóint láidir chun cinn ar son infheistíochta leanúnaí agus méadaithe sa tseirbhís cheannródaíoch óige seo ag Glór na Móna, seirbhís a bhfuil ceachtanna inti le roinnt “go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta”.

Ag labhairt ag an ócáid, dúirt an Dr Nig Oirc:

“Molann an taighde seo Sólás na nÓg mar éiceachóras iomlánaíoch a chomhtháthaíonn folláine, oideachas, féiniúlacht agus pobal. I ngach grúpa de pháirtithe leasmhara — na daoine óga, na tuismitheoirí, an fhoireann agus na comhpháirtithe comhairleacha — labhair siad faoin tionscadal mar sholas treorach don athrú.

Tá an tionscadal tar éis muinín a chothú, cairdeas a thógáil, saol teaghlaigh a fheabhsú, féiniúlacht a neartú, agus léirithe aige cad is féidir a bhaint amach nuair a bhíonn cuimsiú fite fuaite sa teanga agus sa phobal.

Tá dúshláin fós ann mar go bhfuil an tionscadal ag feidhmiú i lóistín sealadach agus neamhleor, agus tá an t-éileamh i bhfad níos mó ná an acmhainn atá ann faoi láthair, gan maoiniú fadtéarmach.

Is tarrtháil, ancaire cultúrtha agus catalúsaí don athrú é Sólás na nÓg. Tá súil agam go leanfaidh siad orthu ag cothú muiníne agus dóchais i measc na nglún óg atá le teacht.”

 

Ag trácht ar thábhacht an tionscadail, dúirt ball de Bhord Comhairleach Shólás na nÓg agus síceolaí oideachais leanaí, An Dr Caoimhe Murton:

 

“Tá sé ar fheabhas go deo an Ghaeilge agus tacaíocht do pháistí a bhfuil riachtanais bhreise acu a chur le chéile sa phobal. B’álainn liom é a fheiceáil á chur i bhfeidhm in áiteacha eile ar fud an Tuaiscirt.

Tá súil mhór agam go dtiocfaidh an maoiniú chun cinn ionas gur féidir linn leanúint leis seo agus é a leathnú i ndáiríre, mar tá a fhios agam go bhfuil an oiread sin smaointe spreagúla eile acu maidir le conas is féidir an tionscadal seo a thabhairt ar aghaidh.

Tá sé ríthábhachtach go ndéanfaimid an maoiniú sin a dhaingniú, agus dá réir sin, todhchaí an tionscadail a dhaingniú – tionscadal atá ag athrú saol gach duine óg atá páirteach ann.

Bhí taighde Órla iontach ar fad – tá na teistiméireachtaí ó na páistí agus ó na tuismitheoirí fíoruathúil agus dodhéanta a thomhas. Bhí sé thar a bheith croíúil agus spreagúil na focail a léamh faoi mar a mhothaigh na tuismitheoirí agus cé mhéad atá an tionscadal seo tar éis an pobal a thabhairt le chéile le blianta beaga anuas.”

Chuir Pádraigín Nic Mhathúna, Comhordaitheoir an tionscadail, leis an bpointe sin agus labhair sí faoin bhfís atá acu don todhchaí:

“Nuair a thosaigh Sólás na nÓg ar dtús, bhí an creideamh simplí ach cumhachtach againn go bhfuil gach duine óg i dteideal spás a bheith acu ina nglactar leo díreach mar atá siad.
Ní áit é inar gá dóibh oiriúnú, ach áit inar féidir leo a bheith mar chuid. Ní áit í inar insítear dóibh cé ba chóir dóibh a bheith, ach áit inar féidir leo bheith ina bhfuil siad cheana féin.\

Le sé bliana anuas, chonaiceamar an creideamh sin ag teacht beo ar bhealaí fíorspreagúla. Chonaiceamar daoine óga nach labhraíodh ach go ciúin ag tosú ag fáil a nglórtha, a gcairdeas, agus a muinín.

Chonaiceamar cruthaitheacht, greann agus misneach ag bláthú i spásanna ina bhfuil tuiscint agus cuimsiú i gcroílár gach rud a dhéanaimid.

Tugann an measúnú cuimsitheach taighde seo dúinn an bonn fianaise atá de dhíth chun athrú a spreagadh agus beartais níos fearr agus acmhainní cuí a éileamh — acmhainní a chinntíonn nach bhfágtar aon duine óg ar lár toisc nár oiriúnaigh an domhan dóibh fós.

Bhí na daoine óga féin lárnach i bhforbairt agus i ndearadh ár ‘Tearmainn Óige Lasmuigh’ agus ár ngairdín céadfach, atá á chur i bhfeidhm i bpáirt le Scoil Ghnó Ollscoil na Banríona.

Tá a ndíograis ag cruthú ár bhfeachtais leanúnaigh freisin ar son an áise chaipitil ilfheidhme Croí na Carraige agus seomra céadfach ar leith a chuirfidh ar ár gcumas fís uaillmhianach Shólás na nÓg a bhaint amach.

Tá suim náisiúnta agus idirnáisiúnta tarraingthe ag ár dtionscadal ó phobail teanga mhionlaigh eile atá ag iarraidh tacú le daoine óga a bhfuil riachtanais bhreise acu, iad a chothú agus a chumhachtú.
Tá muid tiomanta do thodhchaí Shólás na nÓg a chinntiú agus na ceachtanna atá foghlamtha againn a roinnt i bhfad is i ngearr.”

 

 

Tuairisc iomlán ar fáil anseo

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

Back to top button