Daonlathachas RannpháirtíochGinearáltaImeachtaíOideachas

An Mheitheal Mheantóireachta

‘Scéim seolta mar chuid de phlean teanga a chuideodh le hathbheochán na Gaeilge in Iarthar Bhéal Feirste a neartú’

Is scéim úr meantóireachta í an Mheitheal Mheantóireachta atá dírithe orthu siúd a bhfuil ag obair nó ag cuardach oibre san earnáil pobail Gaeilge atá ag dul faoi bhláth le gairid. Seoladh an scéim seo ar an 2ú Nollaig i gCultúrlann Mac Adam Ó Fiaich mar chuid den fhéile ‘Fleadh Feirste’.

Cuirfear an scéim seo ar bun mar scéim phíolóta go luath sa bhliain úr a chuirfeas modúlacha praicticúla agus teoiriciúla ar fáil dóibhe siúd atá fostaithe in earnáil na Gaeilge nó don té atá ar lorg oibre san earnáil amach anseo.

Tá an togra seo mar chuid den obair atá ar bun ag an tionscadal pleanála teanga nua-bhunaithe, ‘Fís an Phobail’ – atá ag iarraidh tógáil ar an obair athbheochana sa cheantar, a thoil aird agus aitheantas idirnaisiúnta. Tá an Comhairle Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (CTES), ag Ollscoil na Banríona, ag tacú leis an tionscadal fosta. 

Arsa Ciarán Mac Giolla Bhéin, Comhordaitheoir Pleanála Teanga le Fís an Phobail:

“Tá clú agus cáil ar Iarthar Bhéal Feirste go naisiúnta agus go hidirnaisiúnta de thairbhe beocht agus láidreacht an tathbheochan pobal-bhunaithe. Go deimhin, thosaigh athbheochana comh-aimseartha na Gaeilge ó thuaidh ansin breise is 50 bliain ó shin le bunú Gaeltacht Bhóthar Seoighe agus bunú an chéad bhunscoil lán-Ghaeilge. Caoga bliain níos moille, tá earnáil an Ghaeloideachais faoi bhláth agus tá earnáil phobail ag méadú i rith ama atá ag soláthar forbairt pobail agus tionscadail athghinniúna iontacha dár bpobal. 

Leis an stádas atá bainte amach againn mar Líonra Pleanála Teanga, tá muid tiomónta go dtógfar ar obair ceannródaíoch an dream a tháinig romhainn agus le cinntiú go leanann rath na hathbheochana. Tá pleanáil agus forbairt profisiúnta an lucht saothair agus na gníomhaithe ríthábhachtach don todhchaí agus ar an ábhar sin tá lúcháir orainn an scéim mheantóireachta nualaíoch seo a sheoladh.

Ba mhaith linn cinntiú go bhfuil an saineolas agus taithí, atá cothaithe agus báilithe thar 50 bliain d’fhorbairt órgánach phobail, ar fáil don chéad ghlúin eile de dhíograiseoirí agus go gcuirfidh seo eolas agus rath ar an chéad 50 bliain eile d’athbheochan teanga agus pobal.”

Dúirt an Dr. Órla Nig Oirc, thar ceann Glór na Móna:

“I ndiaidh dom céim dhoctúireachta a chur i gcríoch in Ollscoil na Banríona bunaithe ar neamhionannas oideachais san earnáil Gaelscolaíochta ó thuaidh, d’úsáid mé an ról úr s’agam mar Oifigeach Forbartha Gnó le Glór na Móna chun cultúr taighde a ghinneadh mar chuid den eagraíocht s’againne agus chun forbairt a dhéanamh ar na páirtnéireachtaí atá tógtha agam leis an Ollscoil go dtí seo.

Cuireadh an scéim ESRC seo ar bun i bpáirtnéireacht leis an Dr. Síobhra Aiken ó Roinn na Gaeilge ag Ollscoil na Banríona agus an aidhm atá leis ná céimí agus ceannairí óga a chumasú ó chúlraí faoi mí-bhuntaiste le bheith páirteach is a bheith ag obair sa ghluaiseacht teanga atá ar bun againn.

Seo ceannairí ina raibh ról lárnach acu san fheachtas teanga de chuid an Dream Dearg le déanaí agus le dóchas, a bheas mar chuid den lucht saothair in earnáil na Gaeilge sna glúintí atá amach romhainn. Tá muid ag iarraidh go mbeidh na scileanna is modheolaíochtaí i dtaca le traenáil agus achmhainn is fearr mar chleas acu chomh maith leis an fhorbairt ó thaobh teoirice agus íde-eolaíochta acu a bheas mar spreagadh acu ar bhonn fadtéarmach.  ”

Arsa Alice Neeson ón CTES ag Ollscoil na Banríona:

“Tá áthas an domhain ar an Chuntas Luasghéartha Tionchair ag Ollscoil na Banríona bheith páirteach sa tionscadal nualaíoch agus tábhachtach seo. Táimid tiomónta nascanna níos láidre a chothú leis an earnáil phobail agus tá na forbairtí iontacha atá déanta ag an earnáil phobail Gaeilge ina spreagadh dúinn uilig agus rud ar mhaith linn tacú leis. Táimid ag súil le bheith ag obair leis an tionscadal seo sna blianta amach romhainn agus táimid cinnte go mbeidh tairbhe iontach ann don lucht saothair óg san earnáil, go leor acu gur iardháltaí leis an ollscoil iad. 

Is léiriú cumhachtach é ar an dhul chun cinn atá déanta ag an phobal seo agus na díograiseoirí teanga thar roinnt blianta go bhfuil an tionscadal seo mar chuid de phlean níos leithne teanga d’iathar Bhéal Feirste.”

Le haghaidh tuilleadh eolais:

 

Ciarán Mac Giolla Bhéin

ciaran@fisanphobail.com

07545293841

 

Dr. Órla Nig Oirc

orla@glornamona.com

07903558114

 

Fúinn:

Tá stádas oifigiúil bronnta, don chéad uair ariamh i stair na tíre, ar cheantair taobh amuigh don Ghaeltacht. In 2018, roghnaigh Foras na Gaeilge cúig cheantar ar tugadh stádas oifigiúil dóibh mar ‘cheantar líonra Gaeilge; Iarthar Bhéal Feirste ina measc. Cuireadh maoiniú ar fáil i 2018 le Plean Teanga a ullmhú don cheantar. Tá an plean d’iarthar Bhéal Feirste faofa ag Foras na Gaeilge agus aitheantas bronnta ó Rialtas na hÉireann. I Meán Fómhair 2022, ceapadh comhordaitheoir Pleanála Teanga leis an phlean a chur i bhfeidhm thar 7 mbliain. 

Is í an sprioc atá ag Líonra Gaeilge Iarthar Bhéal Feirste ná mais chriticiúil de chainteoirí líofa Gaeilge a fhorbairt chun pobal inmharthana teanga a bhuanú sa spriocheantar sna blianta amach romhainn. Tugann an stádas oifigiúil don líonra s’againn an dúshraith náisiúnta don obair s’againn agus beireann an maoiniú breise an spás dúinn chun plean teanga cuimsitheach a chur i gcrích a dhéanann an soláthar reatha a aithint, a mheas agus na hacmhainní chun plean gníomhaíochta a ullmhú le tabhairt fána bhuanú agus a neartú.

In achar de thrí mhíle chearnógach tá; 5 bhunscoil lán-Ghaeilge agus 6 naíscoil; an Ghaelcholáiste is mó in Éirinn le Coláiste Feirste le 900 dalta; 3 chumann óige agus eagraíocht ionadaíoch réigiúnach óige Fóram na nÓg; dhá eagraíocht pobail atá maoinithe ag an Scéim Phobal Gaeilge ag Foras na Gaeilge in Ionad Uibh Éachach agus Glór na Móna; dhá chúram lae rathúil mar atá Ionad Uibh Éachach agus Teach Mhamó; Lárionad Cultúrtha agus Éaláine in Cultúrlann McAdam Ó Fiaich; Raidió Pobail lánaimseartha in Raidió Fáilte; Compántas Drámaíochta Gairmiúil, Aisling Ghéar; Cumann Lúthchleas Gaeil lán-Ghaeilge, CLG Laochra Loch Lao; lárionad foghlama Gaeilge i gCumann Chluain Árd; Comhlacht Traenála agus Gairmoideachais mar atá Gaelchúrsaí; Aisíntacht Forbartha Gaeilge agus Gnó in Forbairt Feirste atá lonnaithe san fhoirgneamh chaipitil nuathógtha Áras na bhFál in éineacht le heagraíochtaí agus áisíntachtaí Teanga eile ar nós Iontaobhas na Gaelscolaíochta, Comhairle na Gaelscolaíochta agus Conradh na Gaeilge, mar aon leis an illiomad cumainn spóirt, oidhreachta agus pobail atá ag cur go mór leis an obair forbartha teanga fosta.

Show More

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Back to top button