Tuairisc Taighde ar thionscadal ‘éachtach’ do dhaoine óga le néaréagsúlacht seolta mar chuid de Sheachtain na Gaeilge 2025
Molann taighde nua Sólás na nÓg cleachtas comhoibritheach le Gaelscoileanna ‘le cinntiú nach bhfágtar aon duine óg ar lár’

Sheol an eagraíocht óige agus pobal Iarthar Bhéal Feirste, Glór na Móna, tuairisc thaighde chomhoibritheach an tseachtain seo caite (7 Márta 2025) ar thionscadal óige Sólás na nÓg a thacaíonn le daoine óga a bhfuil riachtanais breise acu. Seoladh an tuairisc mar chuid den fhéile náisiúnta teanga, Seachtain na Gaeilge, agus léirigh an taighdeoir, an Dr Órla Nig Oirc, an géarghá chun cleachtas comhoibritheach a fhorbairt idir Gaelscoileanna agus an tseirbhís óige cheannródaíoch ag Glór na Móna.
Dúirt an Dr Nig Oirc:
“Mar aon lenár dtaighde ar an tionscadal roimhe seo, bhain muid úsáid as modheolaíocht taighde rannpháirteach a thug tosaíocht do ghuthanna tuismitheoirí, oibrithe óige, cúntóirí ranga agus comhordaitheoirí Oideachais Speisialta i dtrí Ghaelscoil in Iarthar Bhéal Feirste chun an t-eolas a bhailiú. Chuir na cleachtóirí béim ar an tábhacht le spásanna ionchuimsitheacha a chaomhnú agus a fhorbairt chun caidrimh lán le brí a chothú, agus an bhearna idir oideachas foirmeálta agus neamhfhoirmeálta a dhruidim.

“Tháinig réimse moltaí den scoth chun cinn a léirigh an gá atá le gréasáin idirdhisciplíneacha a chruthú; uirlisí measúnaithe iomlánacha comhdhéanta; ardáin dhigiteacha roinnte a neartaíonn bealaí cumarsáide idir scoileanna agus seirbhísí óige chun córas tacaíochta níos réidhe a chruthú do dhaoine óga. Faoi dheireadh, beidh infheistíocht agus acmhainní breise de dhíth chun deiseanna a sholáthar do na daoine óga imeallaithe seo chun barr a gcumais a bhaint amach.”
Thacaigh Róisín Green, tuismitheoir de dhuine óg a bhí páirteach sa tionscadal, le torthaí an Dr Nig Oirc:
“Mar thuismitheoir aonair, ba mhór an compord dom a bheith ar an eolas go bhfuil mo pháistí i dtimpeallacht shábháilte, spreagúil agus tacúil. Ní stopann buntáistí an chláir seo ag doirse an chumainn óige. Feicim é ina saolta laethúla – a muinín, a scileanna sóisialta, a neamhspleáchas. Tá sé tuillte ag gach duine óg, iad siúd a bhfuil riachtanais bhreise acu san áireamh, go n-aithnítear, go gceiliúrtar agus go dtacaítear lena bhféiniúlacht, ag spreagadh iad chun glacadh lena bhféiniúlacht agus barr a gcumais a bhaint amach.

“Sula raibh an togra seo ann, bhí sé deacair ar mo pháistí cairdeas a thógáil agus a chaomhnú. Anois, feicim iad ag forbairt caidrimh, ag fás a scileanna sóisialta, agus ag fás ar bhealaí nach dtiocfadh liom a shamhlú.”
D’fhorbair Comhordaitheoir an Tionscadail, Padraigín Nic Mhathúna, an pointe seo:
“Tá ról ríthábhachtach ag Sólás na nÓg chun a chinntiú go bhfuil spás tiomnaithe ag daoine óga a bhfuil riachtanais bhreise acu – daoine a bhfuil go leor bacainní rompu maidir le rochtain a fháil ar sheirbhísí óige príomhshrutha trí mheán na Gaeilge – chun foghlaim, fás agus páirt a ghlacadh. Tá dearcadh cothúil agus iomlán againn ar na daoine óga atá páirteach, ní hamháin ag ardú a nguthanna ach ag smaoineamh freisin ar an chomhthéacs níos leithne ina bhfuil siad. Trí é seo a dhéanamh, tá sé mar aidhm againn cuimsiú san oideachas óige a athshainiú agus an Ghaeilge a chur chun cinn mar thiománaí d’athrú sóisialta i bpobail faoi mhíbhuntáiste ar nós Iarthar Bhéal Feirste.

“Tá muid ag amharc chun tosaigh chomh maith. Feicimid an tionscadal ceithre bliana seo mar thús de rud éigin speisialta agus ba mhaith linn buíochas a ghabháil le Ciste Pobail an Chrannchuir Náisiúnta as a dtacaíocht leanúnach a chuireann an obair seo ar fáil. Treoróidh na léargais ón taighde seo muid chun samhlacha agus acmhainní nua a fhorbairt chun ár dtionchar a fheabhsú, agus é mar aidhm againn ár bhfoghlaim chomhchoiteann a roinnt go forleathan.
“Ach ní féidir linn é seo a dhéanamh ar ár n-aonar agus tá orainn comhoibriú leis na Gaelscoileanna agus saineolaithe eile sa réimse, taighdeoirí in Ollscoil na Banríona san áireamh, a chuideoidh linn ní hamháin an clár a chothú ach an foghlaim a thaifeadadh chun é a roinnt le daoine eile. I mbliana, rinne Sólás na nÓg dul chun cinn suntasach chun ár dtairiscintí agus ár scóip oibre a leathnú mar shampla an togra teiripe bunaithe ar LEGO, ár gcaife pobail Anam faoi stiúir daoine óga, agus seisiúin CLG saincheaptha le Laochra Loch Lao atá dírithe ar Ghaeilgeoirí óga a bhfuil riachtanais fhisiciúla agus mhothúchánacha breise acu.

“Ina theannta sin, tá ár ndaoine óga lárnach san obair ar an áis chaipitil ilchuspóireach nua, Croí na Carraige, agus tá sé mar aidhm againn seomra mothúchánach agus gairdín mothúchánach saincheaptha a thógáil san ionad nua le go mbeidh muid in ann freastal ar fhís uaillmhianach Sólás na nÓg. Sin é an fáth go bhfuil taighde mar seo chomh ríthábhachtach. Tugann sé an bonn fianaise atá de dhíth orainn chun athrú a thiomáint, chun polasaithe níos fearr agus acmhainní cuí a mholadh, agus a chinntiú nach bhfágtar aon duine óg ar lár mar gheall nach ndeachaigh an domhan in oiriúint dóibh.”

Ag tabhairt moladh don taighde, dúirt Seamus McCann ón Chiste pobail de chuid an Chrannchur Náisiúnta:
“Bhí sé de chuspóir ag an togra seo díriú isteach ar fholláin shóisialta agus mothúnach na ndaoine óga agus is feictear dúinn go soiléir inniú go ndearna siad jab iontach.. D’iarr muid taighde leanúnach, chan dúinn ach don éarnáil níos leithne. Léiríonn an tuarisc seo go ríléir an tionchar dearfach a bhí ag an togra ar fholláin sóisialta agus mothúnach na ndaoine óga agus tá cuid de na hathfhriotail ar fheabhas ar fad sa chaoi go dtaispeanann siad go mothaíonn siad sona ag teacht anseo agus an tacaíocht acu bheith ar fónamh iontú féin. Mar mhaointheoirí, sin an méid atá uainn.”
Caith súil ar an tuairisc anseo

Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil le
Padraigín Nic Mhathúna, padraigin@glornamona.com / 07568474348
Seoladh iomlán:









