Ginearálta

Údarás Oideachais le bualadh le soláthraithe óige trí mheán na Gaeilge chun an tsáinn mhaoinithe a réiteach

Dóchas go gcoinneofar seirbhís óige trí mheán na Gaeilge agus oifigigh shinsearacha an ÚA ag aontú bualadh le soláthraithe óige chun teacht ar réiteach

I ndiaidh agóid na seirbhísí óige trí mheán na Gaeilge i gCeanncheathrú an ÚA Dé Máirt seo caite (1-3-22), thug Cathaoirleach an Údaráis Oideachais, Barry Mulholland, agus a Stiúrthóir Seirbhísí Leanaí agus Daoine Óga, Una Turbitt, cuireadh do thoscaireacht chuig cruinniú chun an tsáinn mhaoinithe a phlé. I láthair bhí ionadaithe ó Ghlór na Móna, beirt bhall den chlub óige ina measc. I láthair fosta, bhí Orliath Mhic Leannáin, Stiúrthóir Fhóram na nÓg, an eagraíocht ionadaíoch d’earnáil óige OTG. 

Ag labhairt dó tar éis an chruinnithe, dúirt Stiúrthóir Ghlór na Móna, Feargal Mac Ionnrachtaigh: 

‘Rinne muid cás láidir chun ár seirbhísí óige a choinneáil agus a ríthábhachtaí atá sé a chinntiú nach bhfaighidh cúigear ball foirne báta ‘s bóthar agus 160 duine óg curtha chun sráide 1 Aibreán. D’iarr muid tacaíocht do mhaoiniú idirthréimhseach sa ghearrthéarma lena chinntiú gur féidir linn fanacht oscailte agus mhol muid don Údarás Oideachais filleadh ar an tsonraíocht mhaoinithe Ghaeilge aontaithe d’Iarthar Bhéal Feirste a chuirfeadh ar ár gcumas bealach fadtéarmach agus inbhuanaithe a aimsiú chun tacú lenár seirbhís óige trí mheán na Gaeilge amach anseo. D’fhreagair an ÚA go dearfach dár moltaí agus ó shin tháinig siad i dteagmháil chun cruinniú a eagrú ar an 15 Márta, áit a bhfuil súil againn teacht ar réiteach ar an tsáinn reatha.’ 

Mar dhuine de na daoine óga a bhí i láthair ag an chruinniú, dúirt Katie Irvine, 16 bliana d’aois: 

‘Labhair mé faoin dóigh a bhfuil Glór na Móna i ndáiríre sa dara baile agam. Tá mé ag freastal ó bhí mé 8 mbliana d’aois agus anois is oibrí deonach sa chlub sóisearach mé agus tá tús curtha agam le hoiliúint mar oibrí óige. Briseann sé mo chroí chun smaoineamh gur féidir an dara baile seo agus na deiseanna a thugann sé domh, a bhaint ón phobal s’againn. Bhí mé ag impí leis an ÚA chun teacht ar réiteach fadtéarmach ionas nach gcuirfear sa chás seo arís muid agus go mbeadh ciall acu ár maoiniú a bhronnadh ar ais orainn le go dtig linn fanacht oscailte.  

Dúirt Orliath Mhic Leannáin, Stiúrthóir Fhóram na nÓg : 

D’fhreastail Fóram na nÓg ar an chruinniú agus thug muid mionchuntas ar an dóigh a mbeidh aonaid eile i bpobail áitiúla ar fud an tuaiscirt ag fulaingt na caillteanais fhéideartha céanna, dála ar n-aonad is mó, Glór na Móna. D’áitigh muid go gciallaíonn baint maoinithe, gan socruithe malartacha inmharthana a chur ar fáil chun costais foirne a chlúdach, nach mbeadh gach ceann de na 24 grúpa againn in ann a ndoirse a oscailt. Is ionann é agus caillteanas aitheantais agus stádais. Inár n-obair ionadaíoch leanúnach agus inár n-obair stocaireachta leis an ÚA, tá an chontúirt seo ardaithe againn arís agus arís eile agus leanfaidh muis orainn ag déanamh amhlaidh. Freastalóidh muid ar an chruinniú atá le teacht leis an ÚA agus is mian linn leanúint ar aghaidh ag obair i gcomhpháirtíocht chun teacht ar réiteach fadtéarmach a chinntíonn fás leanúnach ár n-earnála.’

Show More

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Back to top button