Glórtha Ciotacha

Thosaigh Glór na Móna sraith úr de chainteanna agus agallaimh eisiacha dar teideal ‘Glórtha Ciotacha’ fríd zoom le linn na paindéime COVID-19 le haíonna iomráiteacha a bhfuil saineolas acu sa stair, sa pholaitíocht, san fhealsúnacht, sa tsochtheangeolaíocht agus araile. Clár 2020 ar fáil anseo!

In 2023 thosaigh muid sraith úr de Glórtha Ciotacha tríd podchraoladh ar mhaithe le plé agus díospóireacht chruthaitheach chuiditheach fheasach a dhéanamh ag leibhéal an phobail. Éistigí leis an tsraith úr anseo!

Is é an sprioc le Glórtha Ciotacha ná:

Forbairt phobail agus cleachtas sa rannpháirteachas daonlathach a éascú a chuimsíonn plé agus díospóireacht chruthaitheach chuiditheach fheasach ag leibhéal an phobail. Tá sé d’aidhm againn an chosmhuintir s’againn a spreagadh maidir le ceisteanna fán stair, fán pholaitíocht agus fán cheartas shóisialta ar bhealach a chothaíonn tuiscint níos leithne fán stair agus fán sochaí le go dtig linn fás mar phobal agus todhchaí níos daonna agus níos cothroime a shamhlú.

Creideann muid gur oscail spás sainiúil mar gheall ar an ghéarchéim Covid-19 le haghaidh athmhachnamh criticiúil agus chun smaointe útóipeacha a chíoradh agus a phlé sa tuiscint gur féidir agus gur chóir teacht ar bhealaí malartacha le bheith ag maireachtáil agus ag reáchtáil na sochaí s’againn ar bhealach níos cothroime agus níos inmharthana sa tréimhse amach romhainn.

Back to top button