GinearáltaImeachtaíLéachtaí PobailOideachas

Déantar seoladh ar thionscadal spreagúil faoi stair agus oidhreacht an Uachtair Chluanaí

'Glór na móna ag ‘nascadh an pobail leis an áit dhúchais’

Tá eagraíocht pobail agus óige atá lonnaithe i mBaile Uí Mhurchú in iarthar Bhéal Feirste i ndiaidh tionscadal spreagúil staire agus oidhreachta a sheoladh leis an sprioc chun stair sháiniúil an cheantair a chíoradh. Seolta inniu (Déardaoin, 5 Nollaig) mar chuid d’fhéile na Ceathrún Ghaeltachta, Fleadh Feirste, rinne an tOllamh Emeritus iomráiteach as Ollscoil Uladh, Bill Rolston and togra a sheoladh go hoifigiúil.

Ag seoladh an tionscadail dó, thug an tOllamh Rolston ardmholadh do Ghlór na Móna:

‘Tá an cumas ag an tionscadal iontach seo a pobal áitiúil a chumhachtú chun stair ón bhun aníos a chaomhnú, a chíoradh agus a scaipeadh. Is fiú i gcónaí cuidiú a fháil ó lucht léinn atá ábalta comhairle a thabhairt fan bhealach is éifeachtaí chun stair an phobail a bhailiú is a chur i láthair ach is tábhachtaí fós a chinntiú go gcoinníonn an pobal seo smacht ar stair agus ar an insint s’acu féin. Cinnteoidh seo mothúcháin is úinéireacht chomhcoiteann ar an stair seo a bheirfeas deis don rannpháirteachas is leithne sa tionscadal.

‘Lena chois sin, is ríthábhachtach go bhfuil mír ar leith sa togra ag plé le stair bhéil a bheirfeas deis don phobal seo stair fhuinniúil agus athléimeacht phobal an Uachtar Chluanaí a chaomhnú le cinntiú nach gcaillfear é do na glúnta le teacht.’

Ag labhairt ar son an Chrannchur Náisiúnta, dúirt ball boird, Angelina Fusco:

‘Tá muid ar bís an deis a fháil bheith ag obair le Glór na Móna Teo arís. Tá súil againn go dtógfaidh an tionscadal seo feasacht maidir leis an oidhreacht shainiúil, gan sárú atá ar fáil anseo sa cheantar agus an tábhacht a bhaineann leis an stair sin a chaomhnú agus a chothú ar bhealach a dhéanann acmhainn pobail di. Tá sin ríthábhachtach i gceantar ar bith atá faoi mhíbhuntaiste agus má chuidíonn sé leis an phobal dul i ngleic le hiompar frithshóisialta ansin chan amháin go ndéanfaidh sé saolta daoine óga a chlaochlú ach spréifidh an claochlú sin trasna an phobail ar fad i gcoitinne. ‘

Ag labhairt dó ag imeacht thar cheann Ghlór na Móna, dúirt Stiúrthóir na heagraíochta, Feargal Mac Ionnrachtaigh:

‘Tá muid thar a bheith sásta bheith ábalta an tionscadal úr oidhreachta seo a sheoladh mar chuid de Fleadh Feirste agus tá muid thar a bheith buíoch as an Chiste Oidhreachta de chuid an Chrannchur Náisiúnta as tacaíocht a thabhairt don mholadh s’againn. Is é an sprioc atá againn nascadh le réimse leathan eagraíochtaí pobail agus díograiseoirí áitiúla le go dtig linn stair shóisialta chultúrtha nádúrtha agus timpeallachta don phobal bhunaicmeach bhrodúil seo a chíoradh agus a chraobhscaoileadh


‘Tá clú agus cáil ar an Uachtar Chluanaí agus ar mhórcheantar Bhaile Uí Mhurchú as cumas eiseamláireach an phobail seo chun tionscadal spreagúil féinchuidithe a fhorbairt thar tréimhse 50 bliana. Is í aidhm an tionscadail seo an stair atá faoi cheilt a nochtadh agus a dhéanamh mar achmhainn pobail a dhaingníonn agus a neartaíonn bród agus dlúthbhaint an phobail leis an cheantar áitiúil.

‘Beidh muid ag soláthar traenála i gcartlannú digiteach agus bailiúcháin stair bhéil leis an chuspóir chun an taisce luachmhar seo a choimeád agus a thaispeáint ar shuíomh idirlín úr idirghníomhach a chuireann tús le próiseas an inseoidh scéal an phobail.’

‘Beidh muid ag forbairt agus ag cruthú sraith de ghearrfhíseáin fhaisnéise a chíorfaidh míreanna éagsúla de stair spleodrach an phobail seo. I ndiaidh dúinn an tionscadal a thoiseacht i Mí na Bealtaine, dhírigh muid ar an chéad chuid don togra a d’amharc ar scéal na gaelscoile i mBaile Uí Mhurchú, Bunscoil an tSléibhe Dhuibh, a bhí san fhiseán a thaispeáin muid inniu. Tá an tionscadal oscailte don phobal agus iarrann muid ar dhaoine teagmháil a dhéanamh linn más maith leo bheith páirteach nó cuir le scéal an phobail.

Déan teagmháil le Feargal Mac Ionnrachtaigh, 07841101630, nó feargal@glornamona.com le haghaidh tuilleadh eolai

Show More

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Back to top button