Ginearálta

LAINSÉAIL CUMANN GAELACH CÓLAISTE FEIRSTE!

Nuair a lainseáil Cumann Gaelach Cólaiste Feirste an tseachtain seo caite, chuaigh coiste Ghlór na Móna chuig an ocáid stairiúil.

Bhí ceol traidisiúnta ó na daltaí, céilí mór le Diarmaid Ua Bruadair mar fear a’ tí, taispeántas do Thallainn Coláiste Feirste le roinnt ceoltóirí agus damhsóirí agus ceolchoirm leis an sárghrúpa Reggae BRÉAG.

Chuidigh Cathaoirleach Ghlór na Móna Feargal Mac Ionnrachtaigh leis an lainseáil.

Ag caint fán oíche, arsa sé: “Imeacht iontach a bhí ann oíche agus tá muid thar a bheith sásta an fhorbairt nualaíoch seo a eascú.

“Lena chois sin, tá muid buíoch do Foras na Gaeilge as an tógra seo a mhaoiniú agus deis seo a thabhairt don chumann a gcuid tiomantas a chur i bhfriotál don phobal.

“Tá úinéireacht iomlán ag na daoine óga seo ar an láinseáil agus léiríonn siad chomh cumasach agus atá an chéad ghlúin eile do dhíograiseoirí teangan.’

Show More

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Back to top button