Óige Ghlór na Móna

Óige Ghlór na Móna

Úsáideanna Ghlór na Móna an obair óige, an taca óige agus imeachtaí óige le cur le rannpháirtíocht daoine óga in athbheochan na Gaeilge. Ó thaobh na hoibre óige de, ní amháin gur uirlis í an obair óige ina dtig le daoine óga cur lena bhforbairt phearsanta, shóisialta agus oideachasúil, ach tá ról ríthábhachtach ag an obair óige Gaeilge in athbheochan na Gaeilge agus athghiniúint na gceantar atá faoi mhíbhuntáiste.

Tá Óige Ghlór na Móna i gcroílár na hoibre seo i mBéal Feirste; a sholáthraíonn nó a thacaíonn le soláthar na hoibre óige Gaeilge san Uachtar Chluanaí, ar Bhóthar na bhFál, i Léana an Dúin, in Ard Eoin agus ar Bhóthar Ormeau. Baineann an obair seo le soláthar na gcumann óige áitiúil, na gclár óige agus na gclár creidiúnaithe oilte. Le trí bliana anuas, tháinig fás ar na cláir a chuirtear ar fáil, méid an bhuiséid atá le bainistiú agus líon na foirne atá fostaithe de bharr fhás na dtionscadal.

Teagmháil: 

Orliath Mhic Leannáin

orliath@glornamona.com

07519893260

Back to top button