GinearáltaOideachasÓige

Seoladh togra nuálach Gaeilge um an óige in Iarthar Bhéal Feirste

Togra uathúil faoi choinne páistí a bhfuil riachtanais bhreis foghlama orthu ‘ar an chéad togra dá leithéid é in Éirinn’

Rinneadh seoladh oifigiúil Dé Céadaoin 30 Samhain i gcomhpháirt leis an Choimisinéir Leanaí Thuaisceart Éireann ar Sólás na nÓg, togra ceannródaíoch a dhíríonn ar sholáthar óige saincheaptha a thabhairt do pháistí agus do dhaoine óga a bhfuil riachtanais bhreise foghlama orthu trí mheán na Gaeilge. Tá an togra seo, ar thacaigh Ciste Pobail an Chrannchur Náisiúnta leis, ar an chéad togra dá leithéid é in áit ar bith fud fad Éireann agus ar sprioc eile i bhforbairt leanúnach seirbhísí óige Gaeilge.

Ag labhairt di agus an togra á chur i láthair ag Cathaoirleach Choiste Stiúrtha an Togra agus Stiúrthóir Fhóram na nÓg ag Gael-Ionad Mhic Goill, dúirt Orliath Mhic Leannáin:

‘Is forbairt shuntasach í Sólás na nÓg i leith athbheochan na Gaeilge agus go háirithe faoi choinne na ndaoine óga sin a bhfuil riachtanais bhreise foghlama orthu a bhí ag streachailt a dhul ar ár ngnáth-sheirbhísí óige Gaeilge. Is ó scéim phíolótach in 2019 nuair a bhí mé i mo Chomhordaitheoir Óige anseo i nGlór na Móna a d’fhorbair an togra seo le tacaíocht ón ÚO (EA). Lean muid le tuilleadh forbartha a chur ar an choincheap leis an scéim Awards for All ón Chrannchur Náisiúnta ó 2020 go 2021.

‘Thug sé seo bunchloch dúinn agus muid ag tógáil coiste stiúrtha óige-bhunaithe agus painéal comhairleach a raibh idir thuismitheoirí agus chleachtóirí ina bhfaisnéiseoirí air. Ba í Órla Nig Oirc a rinne an taighde agus a dochtúireacht ar Neamhionannas Oideachais in Earnáil an Ghaeloideachais idir lámha aici ag Ollscoil na Banríona an tráth úd. Ba mhaith linn buíochas ó chroí a ghabháil le Ciste Pobail an Chrannchur Náisiúnta as dul i muinín an togra iontaigh seo agus lena chois sin, ár ndaoine óga spreagúla a raibh sé de mhisneach acu seirbhís a éileamh – seirbhís ní hamháin a bhí de dhíth orthu, ach a raibh lánteideal acu uirthi.

‘Agus mé i mo ról le Fóram na nÓg faoi láthair, coinneoidh mé orm ag déanamh abhcóideachta ar son chearta na ndaoine óga a shaothraíonn oideachas trí mheán na Gaeilge ionas go gcuirfear na háiseanna cuí ar fáil daofa. Leis sin, tá ar an Roinn Oideachais cinntiú go leanfar leis na comhráite leis an earnáil Ghaeilge idir fhoirmeálta agus neamhfhoirmeálta. Déanfar seo chun cinntiú go bhfuil na háiseanna cuí agus uirlisí diagnóiseacha, agus na seirbhísí i bhfeidhm chun freastal ar riachtanais na bpáistí agus na ndaoine óga uile.’

I ndiaidh d’Orliath a bheith ag labhairt, dúirt Comhordaitheoir an Togra Óige, Pádraigín Nic Mhathúna:

‘Tá mé féin anois ann mar chomhordaitheoir lánaimseartha agus leis sin tá seisear oibrithe óige páirtaimseartha ag Sólás na nÓg de thairbhe na tacaíochta luachmhaire ó Chiste Pobail an Chrannchur Náisiúnta. Bíonn an togra ag feidhmiú trí lá in aghaidh na seachtaine idir dhá sheisiún a fhreastalaíonn ar shóisir agus ar shinsir ó 8 go 18.

‘Déantar ár gclár iomlánaíoch a stiúradh le fo-theideal an togra, ‘Comhbhá, Cothú agus Cumasú’ ar bhrí leis ‘compassion, nurture and support’. Is na riachtanais ilchineálacha uathúla atá ar ár ndaoine óga a stiúrann na cláracha s’againn a bhfuil sé de rún acu acmhainneacht phearsanta shóisialta mhothúchánach ár ndaoine óga a chur chun cinn. Titeann an obair seo amach i suíomh sábháilte fáilteach ina ndaingnítear soláthar a fhreastalaíonn ar a riachtanais shochtheangeolaíochta. Tá clar fairsing i gceist leis seo lena n-áirítear oiliúint, foghlaim, agus idirghabháil theiripeach nach raibh na daoine óga seo in ann leas a bhaint as riamh. Tá muid ar bís faoi cad atá i ndán dúinn faoi cheann ceithre bliana agus na dóigheanna ar féidir le fás agus forbairt ár ndaoine óga a chur chun cinn.’

Labhair Paul Sweeney thar ceann Chiste Pobail an Chrannchur Náisiúnta:

‘Tá mise i mo chathaoirleach ar Chiste Pobail an Chrannchur Náisiúnta ó thuaidh agus bhí seo ar cheann de na chéad togra a raibh mise ag obair leis ó thosaigh mé 18 mí ó shin. Seo go díreach ar chóir don chiste seo a bheith ag díriú air. Tá sé pobalbhunaithe agus tógtha ón bhun aníos. Tógadh é bunaithe ar riachtanais dhaoine óga agus tá glúin iomlán úr d’oibrithe óige ón phobal á cumasú aige. Tá bord stiúrthóirí dícheallach díograiseach aige agus bhí an t-atmaisféar agus an meon inmhothaithe sa tseomra agus muid ag siúl isteach ann.

‘Níos tábhachtaí arís, is ceannródaí é an togra seo maidir le ceapadh polasaí. Shíl muid a mhór den ghné taighde agus go raibh piar-mheasúnú le déanamh air agus go bhfuil sé mar aidhm aige moltaí daingne ar pholasaí a chur in iúl. Is eiseamláir é an togra seo. Nuair atá scoileanna áitiúla agus obair óige mhaith treoraithe ag daoine ón cheantar agat, bíonn tionchar nach beag aige seo ar an oideachas, ar chumhachtú, ar neartú muiníne agus ar mhianach daoine óga agus seo díreach an cineál togra ar mhaith leis an chrannchur náisiúnta baint a bheith aige leis. Tá muid fíorbhródúil go mbeidh muid ag comhoibriú faoi go ceann ceithre bliana agus guíonn muid gach rath ar an togra.’

Ina dhiaidh seo, thug an Coimisinéir Leanaí Thuaisceart Éireann, Koulla Yiasouma, ardmholadh don togra:

‘I dtús báire, ba mhaith liom a rá go bhfuil 22% de pháistí a bhfuil sainriachtanais oideachais orthu sa Ghaeloideachas, is mionlach a bhfuil ráiteas acu agus is fadhb í seo de bhrí gurb iad na scoileanna féin atá ag soláthar na tacaíochta seo. Is 18% é san earnáil oideachais phríomhshrutha a fheidhmíonn trí Bhéarla. Mar sin de, tá i bhfad níos mó páistí a bhfuil sainriachtanais orthu ar scoileanna Gaeilge agus dá bhféachfaí ar an earnáil oideachais fhoirmeálta, tá an ceart ar fad agat a cheistiú cá bhfuil seo amhlaidh san earnáil óige. Is daoine óga agus meas do ghlórtha agus do chearta daoine óga atá ag croílár an togra thar bharr seo.

‘Cad é an rud é meas a léiriú ar chearta daoine óga? Is ea nach ndéanann muid leithcheal orthu, is ea go bhfuil muid dírithe ar a bhforbairt agus go mairfidh siad, agus is ea go gcluineann muid a nglórtha. Tchím cearta leanaí á maireachtáil agus á saothrú san áit seo is iomlán an chirt é go dtugann an crannchur maoiniú faoina choinne seo. Agus tá mé ag súil le tuilleadh tograí óige a leithéid de ‘Sólás na nÓg’ a fheiceáil go forleathan fud fad an tuaiscirt. Áit ar bith a bhfuil scoil ann, ba cheart do sheirbhís óige a bheith ina haice le haghaidh na bpáistí sin a bhfuil RSO orthu agus a bhfuil sí de dhíth orthu.’

Is ansin a chuala an t-ionad lán ó Chian Ó Ríoghbhárdáin a bhí ar dhuine óg den chéad scaifte a ghlac páirt sa togra in 2019. Ag labhairt dó faoi thábhacht an togra, dúirt Cian:

‘Nuair a bunaíodh Sólás an nÓg in 2019, thug Roibéard, an cúntóir ranga s’agam a thacaigh go mór liom duine le duine, cuireadh dom teacht. Mhothaigh mé slán sábháilte ar an toirt. B’áit í ar mhothaigh mé go raibh tuiscint ag daoine orm agus go raibh meon láidir muintearais. Bhí mé in ann caidrimh agus cairdeas a thógáil le daoine eile, rud nach raibh mórán tuigbheála agam air roimhe sin.

‘Tá ag mé obair go deonach le Sólás na nÓg faoi láthair agus thug an obair dheonach seo deis dom tuigbheáil a shaothrú ar pháistí cosúil liomsa. Chuidigh seo liom agus mé ag cur le mo scileanna. Ba é rún mo chroí é a bheith i m’adhlacóir ó bhí mé beag óg. Mhothaigh mé breithiúnas riamh faoina choinne seo ach spreag an fhoireann ag Sólás na nÓg mé le tabhairt faoi. Ní hamháin go raibh siad do mo spreagadh ach chuidigh siad liom cur le mo scileanna le deiseanna traenála amhail cáilíocht OCN chomh maith le mo scileanna sóisialta a fhorbairt. Thug seo go leor muiníne dom scairt a chur ar eagraíocht agus suim a léiriú in obair adhlacóra. D’éirigh liom fostaíocht a fháil i mí Iúil na bliana seo agus rinneadh an t-adhlacóir is óige in Éirinn díom. Tá mé ag déanamh staidéir anois le Cumann Náisiúnta na nAdhlacóirí, rud nach raibh mé ag súil go dtarlódh sé riamh.

‘Tá áit shábháilte ag daoine óga inár bpobal mar gheall go bhfuil Sólás na nÓg ann agus ag soláthar seirbhísí saincheaptha trí mheán na Gaeilge a fhreastalaíonn ar a riachtanais. Mar dhuine óg, is í seo an t-aon seirbhís ar féidir liom leas a bhaint aisti atá dírithe ormsa agus ar na riachtanais áirithe s’agam. Tugtar deis dom achan ghné de mo shaol a fhorbairt de thairbhe go bhfuil seo ar fáil i nGaeilge. D’fhág mé an scoil anuraidh agus mothaím go fóill go bhfuil an tseirbhísí seo bunriachtanach dom. Cé go bhfuil mé i bpost lánaimseartha, is áit í inar féidir liom forbairt, úsáid a bhaint as mo chuid Gaeilge, agus a bheith ar mo nós fein.’

Féach an físeán iomlán den seoladh:

Show More

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Back to top button