Ginearálta

Gael Ceannródaíoch agus Ceannaire Pobail, Seán Mac Goill, imithe ar shlí na fírinne

Croíthe trom ar phobal Ghlór na Móna a bhfuil ionad na heagraíochta ainmnithe ina dhiaidh Mac Goill

Tá croíthe trom ag pobal Ghlór na Móna agus an scéal fógartha go bhfuil Seán Mac Goill imithe ar shlí na fírinne. Gael ceannródaíoch, spreagúil a rinne difear claochlaitheach do phobal Uachtar Chluanaí, Gaelphobal Feirste agus mórphobal na Gaeilge trí chéile.

Rugadh agus tógadh Seán i gceantar na Carraige Báine sna tríochaidí de theaghlach Poblachtánach ina raibh Gaeilge le cloisteáil sa bhaile. Bhí bua na healaíne ag Seán agus d’éirigh sé leis cáiliú mar ailtire agus a ghnó féin a thógáil agus a fhorbairt. Chuir sé suim ollmhór sa Ghaeilge agus ball gníomhach a bhí ann do Chumann Chluain Ard.

Chuir Seán scileanna s’aige ar fáil go saor in aisce dá phobal féin agus d’oibrigh sé mar ailtire ar Scéim Bhóthar Seoighe ó thosaigh an togra in 1961 go dtí gur chríochnaigh an tógáil in 1969. Fríd na Seascaidí, d’oibrigh Seán go dícheallach le pobal Bhaile Uí Mhurchú agus thóg sé Foirgneamh do Chumann Tionónta Bhaile Uí Mhurchú in 1965, an chéad fhoirgneamh pobail den chineál sin in Iarthar Bhéal Feirste.

Nuair a dódh Sráid Bombay go talamh le linn Pograim 1969, is é Seán arís agus Gaeil Bhóthar Seoighe a rinne na tithe a atógáil don phobal in am an ghátair.  Bhí Seán lárnach ansin sna hiarrachtaí féinchuidithe i mBaile Uí Mhurchú sna seachtóidí i dtograí iontacha comharchumannach ar nós Fiontair Bhaile Uí Mhurchú agus Eastát Tionsclaíochta na Carraige Báine a chruthaigh fostaíocht, misneach agus dóchas do phobal a bhí faoi léigear ag forlámhas fuilteach Arm na Breataine.

In 1977, ghlac Arm na Breataine seilbh ar an Eastát Tionsclaíochta agus rinne siad é a dhódh go talamh sular thóg siad Fort Jerico, an bhunáit mhíleata is mó ó thuaidh. Nuair a dhruid an bhunáit seo sa bhliain 2000 faoi choimirce an próiseas dímhíleataithe sa phróiseas síochána, bhí deis ag an chomhlacht a bhunaigh Seán agus a chomhghleacaithe, cíos 23 bliain a ghearradh ar Arm na Breataine. Neamhleithleach agus tiomanta don phobal go dtí an deireadh, chinn Seán agus a chomrádaithe an t-airgead suntasach cúitimh a fuair siad a bhronnadh ar ais ar phobal na Gaeilge. Úsáideadh an t-airgead seo chun Iontaobhas na Gaelscolaíochta a bhunú in 2001 agus tógadh Naíscoil an tSléibhe Dhuibh leis an airgead céanna.

Thosaigh díograiseoirí Ghlór na Móna ag bailiú cuid den stair seo in 2015-16 nuair a chuir muid agallamh ar Sheán mar chuid de thogra staire bhéil sa cheantar. Bhí foirgneamh reatha s’againn á tógáil ag an am agus ghlac muid cinneadh é a ainmniú in ómós do Sheán Mac Ghoill. Thug muid cuireadh do Sheán le bheith ag labhairt ag oscailt oifigiúil Gael-Ionad Mhic Goill in Mí Mheán an Fhómhair, 2016. Seo é ag caint ag ócáid sa ghearrthóg thíos.

Ní dhéanfaidh muid dearmad ort go deo na ndeor a Sheáin. Ní bheidh do leithéid arís ann.

Show More

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Back to top button